Aitheantas Airgeadais agus Eintiteas Dlíthiúil
Tá na foirmeacha thíos ar fáil chun cuidiú leat cumarsáid a dhéanamh le ranna an Choimisiúin, ranna a iarrfaidh ort do chomhordanáidí dlíthiúla nó baincéireachta a sheoladh ar aghaidh chucu chun iad a chur ar taifead sa “Comhad um Eintiteas Dlíthiúil (LEF)” agus sa “Comhad Sonraí Bainc (BAF)”.
Faoi théarmaí na bhforálacha rialála a luaitear thíos, na seirbhísí a bhfuil sé beartaithe agat coinbhinsiún maoiniúcháin nó conradh a shíniú leo, agus/nó a leithdháilfidh maoiniú ort, ní féidir leis na seirbhísí sin nósanna imeachta dámhachtana a sheoladh le haghaidh conartha ná fóirdheontais, agus ní féidir leo leanúint ar aghaidh agus íocaíochtaí a cheadú i d’fhabhar a fhad agus nach bhfuil do chuid sonraí ar taifead agus bailíochtaithe go lárnach.
Léigh na treoracha tábhachtacha seo sula líonfaidh tú isteach na doiciméid!
Is féidir na foirmeacha Adobe-Acrobat seo a leanas a líonadh isteach go leictreonach ar líne (agus an fhoirm a phriontáil agus a shíniú ina dhiaidh sin) ach caithfidh leagan 8 de Adobe Acrobat ar a laghad a bheith agat. Mura bhfuil an leagan sin agat, is féidir leat é a íoslódáil. Leis an leagan sin, is féidir leat cóip den fhoirm chomhlánaithe a shábháil (dá mba mhian leat) ar do ríomhaire.
Mura bhfuil an bogearra seo agat,
- priontáil amach an fhoirm seo
- líon isteach í de láimh
- sínigh í
Tabhair do d'aire: Tabhair do d'aire má chuireann tú an t-eolas sin isteach ar thairseach ar líne, d’fhéadfaí nach gá an fhoirm sin a líonadh isteach ná a shíniú de láimh. Féach ar na treoracha sonracha a sholáthraigh an roinn de chuid an Choimisiúin a bhfuil teagmháil agat léi.
Aitheantas airgeadais
Íoslódáil an fhoirm ‘Aitheantas Airgeadais’ chun na mionsonraí baincéireachta a chur in iúl atá riachtanach chun go n-údarófar íocaíochtaí ón Aontas.
Eintitis dhlíthiúla
An fhoirm ‘Eintiteas Dlítheanach’ le haghaidh daoine nádúrtha, cuideachtaí príobháideacha agus comhlachtaí dlí phoiblí atá riachtanach chun go mbronnfar maoiniú ón Aontas.
Conarthaí íseal-luacha
Coinníollacha ginearálta maidir le conarthaí íseal-luacha:
Na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le conarthaí soláthair ar luach íseal.