Seachtain: Roderic O’Gorman – Ré nua don Chomhaontas Glas?

Roderic O’Gorman announced as new Green Party leader

Is é Roderic O’Gorman ceannaire úr an Chomhaontais Ghlais – the Green Party.

Bua ar éigean a bhí ann idir O’Gorman agus an Seanadóir Pippa Hackett le 72 vótaí eatarthu.

Fógraíodh an scéala ar maidin agus beidh an tAire O’Gorman ag feidhmiú sa ról nua láithreach.

Dúirt comhordaitheoir náisiúnta an Chomhaontais Ghlais, an Comhairleoir Cristiona Kiely gur "a changing of the guard, a passing of the torch” atá i gceist.

I mí an Mheithimh, dúirt Eamonn Ryan go mbeidh sé ag éirí as mar cheannaire ar an Pháirtí - ról a bhí aige ó 2011. Bhí Ryan i gceannas ar an Chomhaontais Ghlais le 13 bhliana anuas.

Is é O’Gorman an ceathrú cheannaire le bheith i gceannas ar an Pháirtí ó bunaíodh é siar os cionn 40 bliain ó shín.

Ach cad é mar a bheas todhchaí an pháirtí faoi stiúir Roderic O’Gorman?

Cad é atá ar eolas againn faoin cheannaire úr?

Agus cén fáth nach bhfuil níos mó ratha ar pholaitíocht na nGlasach agus athrú aeráide ag athrú an domhain?

Labhair Seachtain leis an t-iriseoir John Downing.

Seachtain: Roderic O’Gorman – Ré nua don Chomhaontas Glas?

Listen on Apple
Podcasts Listen on
Spotify