Meath na Gaeilge in Albain: Ní ar na foghlaimeoirí atá an locht

Tuairim: Is ar pholasaithe rialtais thar 400 bliain, aineolas, coilíneachas, agus sea, mianta mhuintir na háite féin atá an locht.

Tá Gáidhealtachd na hAlban go hálainn go cinnte, ach is ag titim atá líon na nGael ann.

Ciarán Dunbar

Tá amhrán ag an bhuíon ceoil Runrig darb ainm An Toll Dubh. Is faoi stádas agus meon na nGael in Albain atá sé, is i ‘bpoll dubh’, doinsiún atá siad de réir an amhráin:

“An Gàidheal sa leabaidh, An Gàidheal na shuain, Le èiginn ar n-èirigh às ar suain.”

Is é sin le rá: “An Gael sa leaba, An Gael ina chodladh, Beidh sé deacair éirí as ár gcodladh.”

Téann na focail sin i bhfeidhm orm, léamh cruinn ar an scéal is ea iad.

Tá staid na ‘Gàidhlig’ mar theanga dhúchasach in Albain an-chosúil le staid na Gaeilge in Éirinn, ach tá difríochtaí ann fosta. Tá gach rud níos áibhéalaí in Albain, níos gruama, níos casta agus níos mothúchánaí.

Is suimiúil an rud é na tuairimí diúltacha faoi fhoghlaimeoirí atá le fáil i measc mhuintir na n-oileán. Goilleann an fás go mór ar dhaoine áirithe.

Tá cás acu go pointe – rinneadh neamhaird ar an teanga ina gceantair féin. Ach ag an am chéanna, is beag gníomh a spreag sé sin.

An é go gcuireann ‘nua-chainteoirí’ agus foghlaimeoirí náire ar dhaoine áirithe?

Agus mé san Eilean Sgitheanach, fuair mé comhairle ó chainteoir dúchais a raibh an-tionchar aige orm.

“An Gàidheal sa leabaidh, An Gàidheal na shuain, Le èiginn ar n-èirigh às ar suain.”

“An t-aon rud gur féidir leatsa a dhéanamh don teanga anseo ná í a fhoghlaim agus í a labhairt le muintir na háite.”

D’fhoghlaim mise féin Gaeilge na hÉireann agus mé i mo dhéagóir. Tá mé ag foghlaim go fóill. Rinne mé gach cúrsa gur féidir liom a dhéanamh. Rinne mé oiread staidéir ar Ghaeilge reatha na Gaeltachta agus is féidir. Rinne mé staidéar ar chanúintí caillte fiú. Rinne mé an oiread staidéir ar Ghaeilge na hAlban agus ab fhéidir liom fosta.

Níl mé ag maíomh as sin, níl mé bródúil ach an oiread, sin mar atá.

Ní chreidim go bhfuil mé féin ná foghlaimeoir ar bith eile freagrach as meath na Gaeilge sna Gaeltachtaí, in Éirinn ná in Albain.

Is ar pholasaithe rialtais thar 400 bliain, aineolas, coilíneachas, agus sea, mianta mhuintir na háite féin atá an locht.

B’fhéidir deireadh a chur le foghlaim na teanga ar fad – difear ar bith ní dhéanfadh sé sin do staid na teanga sna hInse Gall.

Níl na freagraí go léir agam ach tá a fhios agam seo – ní dhéanfaidh an síor-chaoineadh (as Béarla dála an scéil) maitheas ar bith don Ghaeilge. Ba é an t-aon toradh ar an diúltachas fanaiceach seo ná an ‘Toll Dubh’.

Tá ceist agam do Ghaeil na hAlban, do chainteoirí dúchais na hAlban agus do mhuintir na n-Eileanan an Iar: “Dè tha sibh fhéin ag iarraidh?”