Gaeilge na hAlban: fás, meath agus fadhbanna ollmhóra ag an teanga

‘Gàidhlig’ ag láidriú i nGlaschú agus i nDún Éideann ach imeacht léi mar theanga pobail.

Sabhall Mór Ostaig, tá an teanga ag dul i nirt sa cheantar maguaird.

Foilsíodh na torthaí ‘Gàidhlig’ Dhaonáireamh na hAlban 2022 agus tá ceithre mhórscéal ag eascairt astu.

Ar an scéal is mó tá go bhfuil fás ollmhór ar labhairt na teanga.

Deir 12,000 duine sa bhreis go bhfuil labhairt Ghaeilge na hAlban acu, méadú mór 21% ó 57,602 in 2011 go 69,701.

Sin fás ollmhór nach raibh mórán daoine ag súil leis agus nach bhfuil míniú cruinn ag duine ar bith air seachas gur léir go bhfuil an teanga ag láidriú i nDún Éideann agus i nGlaschú.

Ní mór cuimhneamh go gcuirtear ceist i ndaonáireamh agus go bhfreagraíonn daoine iad de réir mar a thuigeann siad féin an cheist, níl aon mheasúnú ach féinmheasúnú i gceist.

Dhéanfaí a leithéid de dhul chun cinn a cheiliúradh in Éirinn, ach fuarbhruite go maith atá Gaeil thall faoi.

Íseal brí

Is in íseal brí atá Gaeil na hAlban le blianta beaga anuas, ní bhíonn mórán dearfachais le mothú ann.

Tá díomuachas ann go forleathan agus tá scoilteanna móra le mothú idir na pobail agus grúpaí éagsúla a bhfuil baint acu leis an teanga ann.

Creideann cuid acu go bhfuil an fás seo ag coinneáil na fíorfhaidhbe i gceilt, is é sin meath na teanga sna pobail deiridh a labhraíonn í mar ghnáth-theanga.

Tá lucht labhartha na Gàidhlig ina mionlach sna h-Eileanan an Iar (Inse Gall) anois, daingean deireanach na teanga. Tá sí á labhairt ag 45% de mhuintir na háite i gcomparáid le 52.3% in 2011 – laghdú 7%. Tá cumas éigin ag 57.2% den daonra.

Mar sin féin, tá ceithre pharóiste ina bhfuil an Ghàidhlig fós á labhairt ag formhór an phobail.

Is iad Barabhas i Leòdhas – an áit is láidre in Albain ag 55.3%, i gcomparáid le 64% in 2011. Paróiste Uibhist ag 54.8%, Paróiste Uibhist a Tuath ag 51.7% i gcomparáid le 61% in 2011 agus Barra ag 50.8% i gcomparáid le 62% in 2011.

Tá oideachas trí mheán na Gàidhlig ar fáil sna h-Eileanan an Iar. Bíonn 47% de pháistí bunscoile ag foghlaim trí mheán na teanga. Bíonn an rogha ann oideachas trí mheán an Bhéarla a fháil fosta. Ciallaíonn sé sin go mbíonn muintir na háite i ngach pobal gan an teanga.

Ní thógtar mórán páistí leis an teanga a thuilleadh. D’éirigh mórchuid de na daoine sna h-Eileanan an Iar as í a labhairt lena gcuid páistí sna 1970idí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil “glúin nó dhó caillte” agus gur i measc páistí óga agus na seandaoine a bhíonn an teanga is láidre.

Fearg

Ní léir aon dóchas maidir leis an teanga sna h-Eileanan an Iar faraor. Tá fearg ar dhaoine áirithe go cinnte, ach ní léir go bhfuil aon phlean ann chun dul i ngleic leis an mheath.

Éiríonn an scéal níos measa arís. Léiríonn an daonáireamh nach measann ach 3,551 duine go bhfuil Gaeilge na hAlban acu mar phríomhtheanga, tá tuairim ar leath acu sin sna h-Eileanan an Iar.

De bhrí go bhfuil an teanga chomh lag sin i gcóras oideachais na hAlban, ní mór dúinn glacadh go bhfuil sí ‘ó dhúchas’ ag an mhórchuid acu a bhfuil labhairt na teanga acu.

Ciallaíonn sé sin nach measann go leor leor cainteoirí gurb é an chéad teanga sin atá acu an phríomhtheanga atá acu. Is drochthuar é sin maidir lena bhfuil i ndán don teanga. Tháinig méadú 47% ar líon na ndaoine i nDún Éideann a bhfuil cumas Gàidhlig acu idir 2011 agus 2022 – ó 3,157 go 4,628.

Is i nGlaschú a tháinig an méadú ba mhó ar chainteoirí. In 2011, bhí 5,891 duine ar an bhaile a raibh labhairt na Gàidhlig acu. In 2022, bhí 8,962 ann. Den chuid is mó, lean meath na Gàidhlig ar aghaidh san Eilean Sgitheanach ach tá eisceacht shuntasach ann.

Dealraíonn sé go bhfuil ag éirí go measartha maith leis an teanga i Sléite, áit a bhfuil an coláiste Sabhall Mòr Ostaig (SMO) lonnaithe. In 2011, bhí labhairt na Gàidhlig ag 344 duine i Slèite – 38.7% den daonra, bhí cumas éigin ag 45% den daonra.

In 2022, bhí 388 duine ábalta Gàidhlig a labhairt – 38% den daonra – agus bhí cumas éigin ag 79 duine eile – le chéile 46%.

Tá SMO caoga bliana ar an tsaol, bheifeá ag súil go mbeadh toradh dearfach aige ar ndóigh. Tá Gaeil chumasacha as fud fad an domhain ina gcónaí ann mar gheall ar phoist mhaithe. Tá stádas ar leith ag an teanga i Sléite anois; rud normálta é í a labhairt.

Tá labhairt na Gàidhlig ag 80% acu sin idir 2-15, mar gheall ar Ghaeloideachas go háirithe.

Bíonn feachtasaíocht fhíochmhar i gcoinne ‘Oideachas Trí Mheán na Gàidhlig’ go minic in Albain agus sa Ghaeltacht thraidisiúnta go háirithe.

Ní admhaíonn aon duine go bhfuil siad i gcoinne na teanga ann féin, maíonn siad go bhfuil siad i gcoinne aon rud a ‘scoiltfeadh an pobal’ agus a dhéanfadh ‘leithcheal’ orthu sin a roghnaíonn an teanga a sheachaint.