An Gníomh um an Intleacht Shaorga: glacann Feisirí Eorpacha dlí cinniúnach 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Coimircí ar an intleacht shaorga ilfheidhmeach 
  • Srianta ar úsáid córas sainaitheanta bithmhéadraí ag na húdaráis forfheidhmithe dlí  
  • Cosc ar scóráil shóisialta agus ar IS a úsáidtear chun leochaileachtaí úsáideoirí a ionramháil nó a shaothrú 
  • An ceart atá ag tomhaltóirí gearáin a sheoladh agus mínithe fiúntacha a fháil 
Cuirfear cosc ar íomhánna den aghaidh a scagadh chun bunachair sonraí aghaidh-aitheanta a chruthú © Alexander/Adobe Stock  

Dé Céadaoin, d’fhormheas PE an Gníomh um an Intleacht Shaorga lena gcinntítear sábháilteacht agus comhlíonadh na gceart bunúsach, agus borradh á chur faoin nuálaíocht ag an am céanna.

D’fhormhuinigh na Feisirí an rialachán, a comhaontaíodh sa chaibidlíocht leis na Ballstáit i mí na Nollag 2023, le 523 vóta i bhfabhar, 46 vóta i gcoinne agus 49 staonadh.

Tá sé mar aidhm leis cearta bunúsacha, an daonlathas, an smacht reachta agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil a chosaint ar IS ardriosca, agus borradh a chur faoin nuálaíocht agus ceannaire a dhéanamh den Eoraip sa réimse ag an am céanna. Leis an rialachán, bunaítear oibleagáidí maidir leis an intleacht shaorga atá bunaithe ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi agus ar an leibhéal tionchair a d’fhéadfadh a bheith aici.

Úsáidí a bhfuil cosc orthu

Leis na rialacha nua, cuirtear cosc ar úsáidí áirithe den intleacht shaorga a chuireann cearta na saoránach i mbaol, lena n-áirítear córais catagóirithe bhithmhéadraigh atá bunaithe ar shaintréithe íogaire, agus íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI, chun bunachair sonraí aghaidh-aitheanta a chruthú. Beidh cosc freisin ar aithint mothúcháin san ionad oibre agus i scoileanna, scóráil shóisialta, póilíneacht thuarthach (nuair a bhíonn sí bunaithe go hiomlán ar phróifíliú duine nó ar mheasúnú a dhéanamh ar a shaintréithe), agus intleacht shaorga a théann i gcion ar iompraíocht an duine nó a bhaineann leas as leochaileachtaí daoine.

Díolúintí d’údaráis forfheidhmithe dlí

Tá cosc i bprionsabal ar chórais sainaitheanta bithmhéadraí a bheith á n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí, ach amháin i gcásanna a liostaítear go cuimsitheach agus a shainítear go cúng. Ní féidir córais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ a úsáid ach amháin má chomhlíontar coimircí diana, e.g. má bhíonn a n-úsáid teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme geografach de agus faoi réir údarú breithiúnach nó rialtais sonrach roimh ré. D’fhéadfaí a áireamh ar na húsáidí sin, mar shampla, cuardach spriocdhírithe ar dhuine atá ar iarraidh nó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc. Meastar gur cás úsáide ardriosca é córais den sórt sin a úsáid post-facto (‘cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha’), rud a éilíonn údarú breithiúnach a bheith nasctha le cion coiriúil.

Oibleagáidí maidir le córais ardriosca

Déantar foráil freisin maidir le hoibleagáidí soiléire le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca eile (mar gheall ar an dochar suntasach a d’fhéadfaidís a dhéanamh don tsláinte, don tsábháilteacht, do chearta bunúsacha, don chomhshaol, don daonlathas agus don smacht reachta). I measc na samplaí d’úsáidí ardriosca IS tá bonneagar criticiúil, oideachas agus gairmoiliúint, fostaíocht, seirbhísí riachtanacha príobháideacha agus poiblí (e.g. cúram sláinte, baincéireacht), córais áirithe i bhforfheidhmiú an dlí, imirce agus bainistiú teorainneacha, ceartas agus próisis dhaonlathacha (e.g. tionchar a imirt ar thoghcháin). Ní mór do na córais sin rioscaí a mheasúnú agus a laghdú, logaí úsáide a choinneáil, a bheith trédhearcach agus cruinn, agus maoirseacht dhaonna a chinntiú. Beidh sé de cheart ag saoránaigh gearáin a chur isteach faoi chórais intleachta saorga agus mínithe a fháil faoi chinntí atá bunaithe ar chórais intleachta saorga ardriosca a dhéanann difear dá gcearta.

Coinníollacha trédhearcachta

Ní mór do chórais intleachta saorga ilfheidhmeacha, agus samhlacha na gcóras intleachta saorga ilfheidhmeach ar a bhfuil siad bunaithe, ceanglais trédhearcachta áirithe a chomhlíonadh lena n-áirítear dlí cóipchirt an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus achoimrí mionsonraithe a fhoilsiú maidir leis na hábhair a úsáidtear don oiliúint. Beidh ceanglais bhreise le comhlíonadh ag samhlacha na gcóras intleachta saorga ilfheidhmeach níos cumhachtaí a bhféadfadh baol córasach a bheith ag baint leo, lena n-áirítear meastóireachtaí samhlacha a dhéanamh, baol córasach a mheasúnú agus a mhaolú, agus tuairisciú ar theagmhais.

Ina theannta sin, ní mór íomhánna, ábhar fuaime nó físe a cruthaíodh go saorga nó a rinneadh a chúbláil, (‘domhainbhrionnuithe’) a lipéadú go soiléir.

Bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus le FBManna

Ní mór boscaí gainimh rialála agus tástáil fíorshaoil a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, agus a chur ar fáil do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, chun IS nuálach a fhorbairt agus a oiliúint sula gcuirfear ar an margadh í.

Athluanna

Le linn na díospóireachta sa suí iomlánach Dé Máirt, dúirt an Comhrapóirtéir Brando Benifei (S&D, an Iodáil) an méid seo a leanas: “Ar deireadh, tá an chéad dlí ceangailteach ar domhan againn maidir leis an intleacht shaorga, chun rioscaí a laghdú, deiseanna a chruthú, an t-idirdhealú a chomhrac agus trédhearcacht a chruthú. A bhuí leis an bParlaimint, cuirfear cosc ar chleachtais intleachta saorga neamh-inghlactha san Eoraip agus cosnófar cearta oibrithe agus saoránach. Cuirfear an Oifig um an Intleacht Shaorga ar bun anois chun tacú le cuideachtaí tosú ag comhlíonadh na rialacha sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Chinntíomar go bhfuil daoine daonna agus luachanna na hEorpa i gcroílár fhorbairt na hintleachta saorga”.

Dúirt Comhrapóirtéir an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, Dragos Tudorache (Renew, an Rómáin): “Tá an tAontas tar éis beart a dhéanamh. Táimid tar éis coincheap na hintleachta saorga a nascadh leis na bunluachanna atá mar bhonn dár sochaithe. Mar sin féin, tá go leor oibre romhainn a théann níos faide ná an Gníomh um an Intleacht Shaorga féin. Cuirfidh an intleacht shaorga brú orainn athmhachnamh a dhéanamh ar an gconradh sóisialta i gcroílár ár ndaonlathas, ár samhlacha oideachais, ár margaí saothair, agus ar an gcaoi a ndéanaimid cogaíocht. Is túsphointe é an Gníomh um an Intleacht Shaorga do shamhail nua rialachais atá bunaithe ar an teicneolaíocht. Ní mór dúinn díriú anois ar an dlí seo a chur i bhfeidhm”.

Na chéad chéimeanna eile

Tá an rialachán fós faoi réir seiceáil deiridh ó na dlítheangeolaithe agus táthar ag súil go nglacfar é roimh dheireadh an téarma pharlaimintigh (nós imeachta ceartúcháin mar a thugtar air). Ní mór don Chomhairle an dlí a fhormhuiniú go foirmiúil freisin.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm fiche lá tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil, agus beidh sé infheidhme go hiomlán 24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm, ach amháin sna cásanna seo a leanas: cosc ar chleachtais thoirmiscthe, a mbeidh feidhm acu sé mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm; cóid chleachtais (naoi mí tar éis teacht i bhfeidhm); rialacha don intleacht shaorga ilfheidhmeach lena n-áirítear rialachas (12 mhí tar éis teacht i bhfeidhm); agus oibleagáidí maidir le córais ardriosca (36 mhí).

Eolas cúlra


Freagraíonn an Gníomh um an Intleacht Shaorga go díreach do thograí na saoránach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (COFE), go sonrach do thogra 12(10) maidir le feabhas a chur ar iomaíochas an Aontais in earnálacha straitéiseacha, togra 33(5) maidir le sochaí shábháilte iontaofa, lena n-áirítear cur i gcoinne na bréagaisnéise agus a áirithiú go mbeidh smacht ag daoine ar deireadh, togra 35 maidir le nuálaíocht dhigiteach a chur chun cinn, (3) agus maoirseacht dhaonna agus (8) úsáid iontaofa agus fhreagrach IS a áirithiú, coimircí a leagan síos agus trédhearcacht a áirithiú, agus togra 37 (3) maidir le IS agus uirlisí digiteacha a úsáid chun feabhas a chur ar rochtain na saoránach ar fhaisnéis, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.