Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs

Cad é CFS agus conas a oibríonn sé?

Feidhmiúlachtaí athnuaite CFS, ó mí an 2023 ar aghaidh

Faisnéis a chomhroinnt

Déantar catagóirí nua foláireamh agus tuilleadh sonraí a chomhroinnt trí CFS, rud a chinntíonn go bhfuil faisnéis níos iomláine agus níos iontaofa ar fáil do na húdaráis i dtíortha a úsáideann CFS.

Bithmhéadracht

Ó mí an Mhárta 2023 ar aghaidh, tá na cineálacha bithmhéadrachta seo a leanas in CFS chun céannacht daoine atá cláraithe sa chóras a dheimhniú agus a fhíorú:

  • grianghraif
  • loirg dhearnana
  • méarloirg
  • méarmharcanna
  • bosmharcanna
  • taifid DNA (i ndáil le daoine ar iarraidh amháin)

Úsáidtear méarloirg, loirg dhearnana, méarmharcanna agus bosmharcanna le haghaidh cuardaigh bhithmhéadracha tríd an gcóras aitheantais uathoibrithe méarlorg in CFS.

Ní bhaintear úsáid as teicneolaíocht aitheanta íomhánna chun grianghraif nó aghaidheanna a aithint go fóill in CFS. Ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur ar fáil ar infhaighteacht, ullmhacht agus iontaofacht na teicneolaíochta sin sula bhféadfar í sin a chur i bhfeidhm. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir leis an tuarascáil sin. A luaithe a chuirfear an teicneolaíocht sin i bhfeidhm in CFS, beidh tíortha in ann na huirlisí sin a úsáid ag pointí rialta trasnaithe teorann. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinnfear na himthosca eile inar féidir grianghraif agus íomhánna den aghaidh a úsáid chun daoine a shainaithint.

An fhrithsceimhlitheoireacht

Comhroinntear tuilleadh faisnéise faoi dhaoine agus faoi ábhair a bhíonn páirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, rud a chuireann ar chumas na n-údarás náisiúnta dul sa tóir ar choireanna tromchúiseacha agus an sceimhlitheoireacht, agus iad a chosc ar bhealach níos fearr.

Ó bhí mí an Mhárta 2021 ann, tá tíortha ag comhroinnt ‘meaitseanna’ cuardaigh maidir le foláirimh CFS a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta le Europol. Déanann Europol faisnéis fhorlíontach a mhalartú le tíortha maidir le foláirimh CFS a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta trí Bhiúrónna SIRENE.

Daoine leochaileacha

Féadfaidh na húdaráis inniúla foláirimh maidir le daoine atá ar iarraidh, foláirimh ina bhfuil sonraí breise. Ina theannta sin, is féidir leo foláirimh choisctheacha a iontráil sa chóras chun catagóirí áirithe daoine leochaileacha a chosaint (leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe nó daoine a d’fhéadfadh a bheith ina n-íospartaigh mar gheall ar an sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine, foréigean inscne, nó coinbhleacht armtha/cogaíocht).

An imirce neamhrialta

cinntí um fhilleadh ina gcuid den fhaisnéis a chomhroinntear sa chóras chun forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí sin a fheabhsú. Ní mór do thíortha foláirimh a iontráil maidir le teacht isteach nó fanacht a dhiúltú i ndáil le daoine a mheastar a bheith ag fanacht san Aontas go neamhdhleathach agus atá faoi réir toirmisc ar theacht isteach arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Treoir um Fhilleadh.

Comhar idir údaráis chlárúcháin a leathnaítear chuig clárú bád, aerárthaí agus arm tine

Na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as clárú bád, aerárthaí agus arm tine, téann siad i gcomhairle le CFS chun seiceáil a dhéanamh ar stádas dlíthiúil na n-ábhar a chuirtear i láthair lena gclárú.

  • Ní bhíonn rochtain ag seirbhísí cláraithe bád ach ar fholáirimh CFS maidir le báid agus le hinnill bád.
  • Ní bhíonn rochtain ag seirbhísí cláraithe aerárthaí ach ar fholáirimh maidir le haerárthaí agus le hinnill aerárthaí.
  • Ní bhíonn rochtain ag seirbhísí cláraithe arm tine ach ar fholáirimh maidir le duine a bhfuiltear sa tóir air lena ghabháil d’fhonn é a thabhairt suas nó chun críocha eiseachadta, foláirimh maidir le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin agus seiceálacha sonracha, agus foláirimh maidir le hairm thine lena n-urghabháil nó lena n-úsáid mar fhianaise.

Rochtain níos fearr do Ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Bíonn rochtain ag Europol ar na catagóirí foláirimh go léir in CFS agus déanann sé faisnéis fhorlíontach a mhalartú le tíortha maidir le foláirimh a bhaineann le coireanna a thagann faoina shainchúram. Tá cur chun feidhme na rochtana ar SIS atá ag foirne oibríochtúla de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta ar siúl faoi láthair.

Nuashonruithe eile atá ar na bacáin

An 6 Iúil 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialachán nua lena gcuirtear ar chumas Europol a mholadh go ndéanfaidh tíortha an Aontais foláirimh maidir le sceimhlitheoirí agus coirpigh amhrasta a iontráil in SIS ar bhonn faisnéis ó thíortha nach bhfuil san Aontas. Tháinig an Rialachán i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2022. Tá cur chun feidhme na gné nua seo ar siúl faoi láthair.

Amlíne maidir le hathruithe ar CFS

  1. Márta 2023

    Seoladh CFS athnuaite agus é lánoibríochtúil.

  2. Nollaig 2018

    Tháinig na Rialacháin i bhfeidhm an 28 Nollaig 2018.

  3. Nollaig 2016

    Chuir an Coimisiún i láthair trí thogra le haghaidh rialachán chun úsáid CFS a fheabhsú agus a leathnú, lena gcumhdaítear bunú, oibriú agus úsáid an chórais le haghaidh na nithe seo a leanas:

    • teorainneacha a bhainistiú 
    • comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla
    • náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh

Foláirimh CFS agus cearta an duine aonair

Is éard atá i bhfoláireamh CFS faisnéis faoi dhuine nó ábhar ar leith mar aon le treoracha do na húdar��is faoin méid atá le déanamh nuair a aimsítear an duine nó an t-ábhar.

Na Biúrónna náisiúnta SIRENE speisialaithe atá lonnaithe i ngach tír, is pointí teagmhála aonair iad chun faisnéis bhreise a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a bhaineann le foláirimh CFS a chomhordú.

Tá sé de cheart ag gach ábhar sonraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • rochtain a fháil ar na sonraí a bhaineann leo
  • sonraí míchruinne a cheartú nó sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach sa chóras a scriosadh

Aon duine is ábhar d’fholáirimh maidir le filleadh nó d’fholáirimh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú, tá sé de cheart ag an duine sin go gcuirfí ar an eolas é faoin bhfoláireamh.

Tá sé de cheart ag gach ábhar sonraí imeachtaí a thabhairt os comhair na gcúirteanna nó na n-údarás inniúil chun rochtain a fháil ar shonraí, chun sonraí a cheartú nó a scriosadh, nó chun cúiteamh a fháil i leith damáistí a bhain dó de dheasca sáruithe ar an dlí cosanta sonraí in aon cheann de na tíortha a úsáideann CFS. 

Doiciméid ghaolmhara

Renewed SIS - presentation
Treoirlínte ginearálta26 Meán Fómhair 2022
SIS athnuaite — cur i láthair
  • Обновена ШИС — представяне
    български
    (2.07 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • SIS renovado — presentación
    español
    (2.12 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Obnovený SIS – prezentace
    čeština
    (2.08 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Fornyet SIS — præsentation
    dansk
    (2.05 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Erneuertes SIS – Präsentation
    Deutsch
    (2.08 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Uuendatud SIS – tutvustus
    eesti
    (2.13 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Ανανεωμένο SIS - παρουσίαση
    ελληνικά
    (2.18 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Renewed SIS - presentation
    English
    (2.77 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Nouveau SIS — présentation
    français
    (2.13 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Obnovljeni SIS – prezentacija
    hrvatski
    (2.18 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Nuovo SIS — presentazione
    italiano
    (2.13 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Atjaunināta SIS — iepazīstināšana ar
    latviešu
    (2.18 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Atnaujinta SIS - pristatymas
    lietuvių
    (2.16 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Megújított SIS – prezentáció
    magyar
    (1.73 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • SIS imġedda — preżentazzjoni
    Malti
    (2.24 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Vernieuwd SIS — presentatie
    Nederlands
    (2.18 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Odnowiony SIS – prezentacja
    polski
    (2.17 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • SIS renovado — apresentação
    português
    (2.14 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • SIS reînnoit – prezentare
    română
    (2.17 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Obnovený SIS – prezentácia
    slovenčina
    (2.19 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Prenovljen SIS – predstavitev
    slovenščina
    (2.16 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Uudistettu SIS-järjestelmä – esittely
    suomi
    (2.16 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Förnyat SIS – presentation
    svenska
    (2.14 MB - PDF)
    Íoslódáil
Renewed SIS - digital leaflet
Treoirlínte ginearálta20 Aibreán 2023
SIS Athnuaite — bileog dhigiteach
  • Обновена ШИС — цифрова брошура
    български
    (985.3 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • SIS renovado — folleto digital
    español
    (1002.49 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Obnovený SIS – digitální leták
    čeština
    (987.25 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Fornyet SIS — digital folder
    dansk
    (1.01 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Erneuertes SIS – Digitales Faltblatt
    Deutsch
    (157.13 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Uuendatud SIS – digitaalne teabeleht
    eesti
    (1002.43 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Ανανεωμένο SIS - φυλλάδιο σε ψηφιακή μορφή
    ελληνικά
    (970.78 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Renewed SIS - digital leaflet
    English
    (1.04 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Nouveau SIS — dépliant numérique
    français
    (989.64 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Obnovljeni SIS – digitalna brošura
    hrvatski
    (1 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Nuovo SIS — opuscolo digitale
    italiano
    (1.02 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Atjaunināta SIS — digitāls buklets
    latviešu
    (999.01 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Atnaujinta SIS - skaitmeninė lankstinukas
    lietuvių
    (992.1 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Megújított SIS – digitális brosúra
    magyar
    (960.38 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • SIS imġedda — fuljett diġitali
    Malti
    (1.01 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Vernieuwd SIS — digitale brochure
    Nederlands
    (1011 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Odnowiony SIS – ulotka cyfrowa
    polski
    (1.03 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • SIS renovado — folheto digital
    português
    (1002.09 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • SIS reînnoit – broșură digitală
    română
    (1002.24 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Obnovený SIS – digitálny leták
    slovenčina
    (1.03 MB - PDF)
    Íoslódáil
  • Prenovljen SIS – digitalna letaka
    slovenščina
    (1020.86 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Uudistettu SIS – digitaalinen esite
    suomi
    (969.11 KB - PDF)
    Íoslódáil
  • Förnyat SIS – digital broschyr
    svenska
    (1.03 MB - PDF)
    Íoslódáil