Ar chóir do mhuintir an Chláir a gcanúint féin a labhairt?

Pléann an t-iriseoir agus an t-údar Ciarán Dunbar ceist na ‘gcanúintí’ agus an ról atá acu nó nach bhfuil acu in athneartú na Gaeilge

Contae an Chláir: Fuair an cainteoir dúchais deireanach ann bás sna 1990idí

Ciarán Dunbar

Bhí gearrthóg físe á scaipeadh ar Facebook le déanaí de Paddy Pháraic Mhíchíl Shannon, nó Paddy Shannon as Dúlainn, Contae an Chláir, ag insint scéil.

Tá sé amuigh ar Phaddy, a fuair bás sna 1990idí, gurbh é an cainteoir dúchais deireanach sa cheantar údaí seo. Ní bheinn cinnte de sin ar chor ar bith, ach sin an teideal oifigiúil a bhí aige cibé ar bith. Cainteoir dúchais láidir a bhí ann mar Phaddy, ní leathchainteoir dúchais nó duine a raibh cuimhne éigin aige ar an teanga.

Chaill Gaeltachtaí go léir an Chláir stádas oifigiúil in 1956. Chuala mo bhean chéile an Ghaeilge i nDúlainn i lár na 1990idí – ach seans gur muintir Árann a bhí i gceist ansin áfach.

Ach seo an rud, tá an oiread sin de Ghaeilge an Chláir taifeadta, tá an oiread sin de scríofa agus araile – nár cheart go mbeadh Cláirínigh na linne seo ag iarraidh aithris a dhéanamh uirthi?

Anois, tá a fhios agam go raibh Gaeilge thuaisceart an Chláir (cosúil le Gaeilge Árann) agus canúint dheisceart an Chontae an-difriúil lena chéile. Is ar an phrionsabal seachas ar an phraiticiúlacht atá mé ag caint.

Bhí comhrá agam le cara de mo chuid faoin ábhar seo ar na mallaibh. Eoghanach é féin, agus rinne sé cás an-láidir i gcoinne ‘canúintí a athbheochan’: “Tá Gaeilge Thír Eoghain marbh.”

Ceart aige faoi sin agus is fíor é sin do chuid mhaith den tír. Ach cén fáth an Ghaeilge a ‘athbheochan’ in áit ar bith mar sin?

Agus más í teanga ár sinsear í, nár cheart go mbeadh muid ábalta comhluadar a dhéanamh leo? Seo ceist theoiriciúil ar ndóigh.

Is aithne dom daoine eile atá de mhalairt tuairime, a chreideann go láidir gur ceart go mbeadh leanúnachas ann idir an dúchas agus an athbheochan. Mionlach bídeach iad siúd áfach.

Tá dream eile ann a dhéanann a seacht ndícheall aithris a dhéanamh ar Ghaeilge na Gaeltachta mar atá sí inniu – arís eile, is mionlach iad siúd.

Tá meascán mearaí de Ghaeilge agam féin agus ní féidir liom a mhaíomh gur cineál ar bith í ach pidsin.

Is láidre athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste ná in áit ar bith eile sa tír. Ach is fada an Ghaeilge atá mórchuid a cainteoirí sa chathair ó chaint bheo Thír Chonaill, gan trácht ar an teanga a bhíodh in Aontroim.

Arís eile, tá Gaeilge Aontroma taifeadta, scríofa agus tá staidéar go leor déanta uirthi.

Seans gur ceist mhíchothrom í seo óir bhí Gaeilge Aontroma i gcónaí ‘míghlactha’ mar chanúint fiú nuair a bhí sí beo. Ní bheadh sí intuigthe do ghnáthchainteoirí an lae inniu. Taobh amuigh de thuiscint Gaeilge na hathbheochana riamh, go háirithe canúint Reachraidh.

D’imigh sin agus tháinig seo. Ach, seo an rud, an bhfuil muid ag cumadh teanga nua anois? Agus má tá, cén fáth?

Anois, níl bunscoileanna Bhéal Feirste chun tosú ar a bheith ag teagasc trí mheán Ghaeilge na nGlinntí. Ní bheadh fios ag na múinteoirí uirthi, ní bheadh na páistí sin ábalta labhairt go furasta le daoine in áiteanna eile in Éirinn agus muise, is beag fostaíocht a bheadh mar thoradh air. Ach is í sin an ‘teanga’ a bhíodh á labhairt ann tráth, ní an Ghaeilge nua seo againne. Seans nach tábhachtach an cheist sin.

Mar a dúirt fear a tógadh le Gaeilge liom tráth: “Níl agam ach an Ghaeilge a tugadh dom.”

Ach an féidir frásaí nó focail a theagasc? Frásaí agus focail a dhéanfadh Gaeilge an lae inniu a fhréamhú sa dúchas?

Cén fáth nach ndéarfadh muintir an Chláir: “Cén bhail atá ort?” (Conas atá tú?)

Cén fáth nach ndéarfadh muintir Aontroma: “Tá mé méanach” (Tá mé ceart go leor) nó “tá mé drotara”?

Cén fáth nach ndéarfadh muintir Liatroma: “Tá mé go hiomchaoi?”

“Mar tá an Ghaeilge sin marbh,” a deir tú – cad is fiú í a labhairt ar chor ar bith mar sin?

Nach fiú rud beag den Ghaeilge thraidisiúnta, agus an tuin cainte a bhíodh aici go háirithe, a instealladh isteach i gcaint na linne seo?

Ach domsa, ní ‘canúintí’ iad na canúintí, is iad an Ghaeilge féin. Ní cóir go mbeadh labhairt canúna éigin treascrach, ach ar chúis éigin, bíonn.

Anois, tá a fhios agam go dtéann daoine thar fóir, go mbíonn éiliteachas i gceist. Cumann daoine teanga s’acu féin atá chomh ‘iar-nua-aoiseach’ le caint ar bith a gheofá i mBaile Átha Cliath nó i mBéal Feirste. Agus tá a fhios agam go bhfuil an oiread sin fadhbanna ag an teanga nár cheart a bheith ag argóint faoi mhionrudaí.

Is é an phríomhchúis le bheith ag scaipeadh eolais faoin Ghaeilge mar a bhíodh ná chun fianaise a chur ar fáil go raibh sí ann ar chor ar bith.

Ní chreideann cuid mhaith daoine in Éirinn go raibh an Ghaeilge i gceantar s’acu féin riamh – gan trácht ar í a bheith ann glúin nó dhó ó shin.

Caithfear an tuiscint sin a bhréagadh sular féidir bogadh ar aghaidh uaidh.