Skip to main content

Áras Uí Thuama

Forbhreathnú

Suite gar do Pháirceanna na Laoi tá Áras Uí Thuama. Tógadh an t-áras álainn seo sa bhliain 2006. Beidh tú sona sásta san árasán nua-aimseartha seo i dteannta le mic léinn eile. Beidh tú ar do sháimhín só i do sheomra codlata úrnua, compórdach a bhfuil áiseanna staidéir ann. Gaeltacht na hOllscoile atá anseo ina bhfuil bloc de naoi n-árasán (le dhá, trí, ceithre sheomra codlata iontu).

Fan i dteagmháil le do chairde ar an ríomh-phost nó déan do chuid taighde ar do shuaimhneas san áras breá seo tríd an idirlíon atá ar fáil saor in aisce. Cuirfidh tú aithne ar mhic léinn ó gach coláiste agus beidh craic agaibh le chéile.

Chomh maith leis sin, ní bheidh ocras ort riamh agus Ollmhargadh díreach in aice leat mar a bhfuil rogha gach bia ar fáil. Níl an Ollscoil ach cúig neomat de shiúl na gcos uait agus tá Áras Uí Thuama an-chóngarach do lár na cathrach. Oireann na hárasáin seo do gach gné ded' shaol. Cad eile a bheadh ag teastáil ó mhac léinn an lae inniu?

Please contact Áras Uí Thuama on 021 4902314 regarding Academic Year 2021/2022 or email g.labh@ucc.ie

The wellbeing of our residents and staff is of paramount importance.  We have introduced a number of measures to ensure the highest level of protection.  Please click for information on the UCC Campus Accommodation COVID19 Health & Safety Protocol.  

 

Cóiríocht Cur Síos

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Brú na hOllscoile / University Hall

 23 MHEAN fOMHAIR 2020 -19 BEALTAINE 2021 (34 seachtaine)

Seomraí Codlata/staidéir:

Kitchen/living room:

Binse staidéir agus lampa léitheoireachta Larta Leictreonach
Leaba dhúbailte le slí stórála Oigheann Leictreonach
Seilpeanna Oigheann Micreathonnach
Scáthán lánfhada Cófraí
Soinc Folúsghlantóir
Cófraí Cuisneoir/Reoiteoir
Clár Fógraí Áraistí
 
Tá ceangal teilifíse i ngach seomra.
Sceanra
 
NB: Caithfidh gach áitritheoir éadaí leapan, cuilt agus piliúir a thabhairt leis / lei.
Teilifíseán
  Iarann/Bord smúdála
  Tóstaer agus Citeal
  Tá teileafón poiblí i ngach árasán.

Tógáil Coimpléasc

Please contact Áras Uí Thuama on +353 21 4902314 or email g.labh@ucc.ie for Academic Year 2020/2021

Tá a lán áiseanna ar fáil in Áras Uí Thuama ina measc:

Árasán le 2,3,4 sheomra codlata Páirceáil shlán rothair
Ceangal idirlín saor in aisce Níolann féinseirbhíse (Tá táille i gceist)
‌Teas ‌lárnach leictreach Goldshield

Bailiú Bruscair

Teilifíseán daite (cábla) Maoir Chónaithe

Áirithintí

Áras Uí Thuama -Ionad Cónaithe Gaeilge

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Brú na hOllscoile / University Hall

23 MHEAN FOMHAIR 2020 - 19 BEALTAINE 2021 (34 seachtaine)

Tá fáilte roimh aon mhac léinn lánaimseartha a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici cur isteach ar áit in Áras Uí Thuama. Is gá dó/di foirm speisialta Ghaeilge a líonadh agus dul faoi agallamh. Cuirtear roinnt áiteanna i leataobh gach aon bhliain le haghaidh mhic léinn na chéad bhliana.

Scoláireachtaí 500 euro / (500 euro Scholarship). 

 

 

Suíomh

University Hall
Victoria Cross
Cork
Ireland 

Guthán:               +353 21 4902314
Macas:                +353 21 4908329
Ríomhphost:        g.labh@ucc.ie
Suíomh Idirlín:    www.ucc.ie/igl
Eolas:                 Oifig na Gaeilge, Labhartha Áras uí
Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

UCC Campus Accommodation

Cóiríocht ar an gCampas

Head Office, University Hall, Victoria Cross, Cork

Registered Charity Information

Charity name: Campus Accommodation (UCC) DAC, Registered Charity Number: 20055912 ,

Top