Turas dochreidte chun na hEorpa le mo gharpháistí

Téann an Ciarraíoch Loretta Egan – a bhfuil cónaí uirthi sa Nua-Shéalainn – ar saoire lena garpháistí nach ndéanfar dearmad go deo air go mór-roinn na hEorpa

Loretta lena garpháistí i Verona na hIodáile

Tá an chathair Bolzano suite i ngleann agus na sléibhte Dolomiti thart uirthi

thumbnail: Loretta lena garpháistí i Verona na hIodáile
thumbnail: Tá an chathair Bolzano suite i ngleann agus na sléibhte Dolomiti thart uirthi
Loretta Egan

Dhúisigh mé go tobann as mo thromchodladh, le fothram na fearthainne ag clagarnach ar cheann mo thí i gCorcaigh. Ar an bpointe, chuireas an cheist chéanna orm féinigh, an cheist a rabhas cráite de bheith á phlé, gan stad gan staonadh, le tamall anuas.

Cad a dhéanfaidh mé leo?

Cá rachaidh mé leo?

An ‘leo’ a bhí i gceist ná mo bheirt gharpháistí, déagóirí a raibh beartaithe acu teacht go hÉirinn chun laethanta saoire na scoile sa Nua-Shéalainn a chaitheamh inár dteannta.

Buíochas le Dia, tháinig an freagra chugam ar an maidin dhubh dhorcha sin i gCorcaigh nuair a duaireas liom féinigh: ‘Tréigfidh mé an aeráid dhamanta seo agus buailfidh mé bóthar leo don mhór-roinn.’

Sea, sin é. Freagra do ghuí! Lig mé osna fhada faoisimh asam. Freisin, ní gnáth-thuras a bhí i gceist agam ach turas cultúrtha, Le Grand Tour sa tseanstíl thraidisiúnta, mar a déarfá, chun cianaoiseanna milse na hEorpa a bhlaiseadh.

Roimh mheán oíche, bhí gach rud in ord is in eagar agam. Ní hamháin go raibh cúrsaí lóistíochta pléite lena dtuistí in Wellington, ach bhí mo chuid taighde déanta ar an idirlíon agus saoirephacáiste don Iodáil curtha in áirithe agus réamhíoctha agam.

‘Buail an t-iarann fad is atá sé dearg,’ mar a deireann an seanfhocal. Sin é mo mhana i gcónaí.

Misean i gcrích!

Gabh ar aghaidh cúpla seachtain agus táimid tar éis seiceáil isteach in óstán galánta in Riva Del Garda suite díreach ar bhruach an locha, chomh congarach sin gur féidir linn dul a chodladh le fuaim na dtonnta ar na carraigeacha inár dtimpeall. Bhí sé seo mar bhaile-as-baile dúinn a fhad is a bhíomar ag turasóireacht go Verona, an Veinéis agus Bolzano.

Le breacadh an lae maidin lá arna mhárach, shroiseamar ár gcéad cheann scríbe tar éis uair go leith ar an mbus. Bhí an aimsir ar fheabhas, ní fhéadfá a bheith ag súil le níos fearr.

Ar aghaidh linn gan mhoill go hAiréine Verona in Piazza Bra. Ní haon áibhéil é gur bhain an radharc an anáil dínn. Dhá mhíle bliain de stair ina sheasamh os ár gcomhair amach. Bhí na garleanaí faoi gheasa agus rinneadh balbhán díomsa. Nuair a tháinig mo ghuth ar ais chugam, dheineas iarracht aois an tseaniarsma seo a chur i bpeirspictíocht don bheirt agus i gcomhthéacs a saoil sa Nua-Shéalainn. Thóg na Rómhánaigh an airéine seo, sa chéad aois (31AD le bheith cruinn). Tógadh an chéad fhoirgneamh coincréite sa Nua-Shéalainn sa 19ú haois.

“Áirígí é,” a duaireas leo. “Gar do dhá mhíle bliain eatarthu.”

Is beag nár thit siad as a seasamh!

Ludis an t-ainm a thug na Rómhánaigh ar an airéine, focal Laidine a chiallaíonn spórt nó cluiche. Mar sin de, ionad cluichí, le rásanna carabad san áireamh, ab ea é. San am sin freisin, bhíodh fuílleach spáis le haghaidh 30,000 de lucht féachana. Ach le céad bliain anuas anois, is ionad ceoldrámaíochta é a bhfuil clú domhanda air, le spás ann do fiche míle.

Is mór an trua nach rabhamar ann i rith Sheisiún Ceoldrámaíochta Verona agus Placido Domingo mar réalta an tseó ann i mbliana.

Tar éis pizza margherita ollmhór (cad eile!), ar aghaidh linn go La Casa di Giuletta agus bhí scuaine de na mílte romhainn.

Chun an fhírinne a rá, ní raibh fonn ar bith orm é d’fheiscint mar de réir cuntas, is radharc ‘bréagach’ turasóireachta é Balcóin Giuletta, struchtúr a tógadh sa 20ú haois. Chomh maith leis sin, cnap eile d’eolas ná gur carachtair fhicseanúla iad Romeo agus Juliet agus thairis sin, níor thug Shakespeare cuairt riamh ar Verona.

Pé scéal é, ní rabhas chun na blúiríní sin a roinnt leis an mbeirt, iad óg agus idéalaíoch agus ag súil go géar chun siombail an chumainn agus an ghrá d’fheiscint. Mar sin de, sheasas go foighneach leo sa scuaine ag éisteacht le slua turasóireachta ag cantaireacht go hardghlórach: “O Romeo, Romeo, wherefore art thou Romeo?”

Níor sciorr focal uaim. Bhíos sona go raibh an bheirt ag baint taithneamh as an ócáid.

Sea, Verona, ba ghéarú goile é don Veinéis, lá arna mhárach.

D’fhágamar ár mbus ag Piazzale Roma, an stad deireanach le haghaidh tráchta, agus isteach linn sa luasbhád don chathair.

Ní thabharfadh aon chur síos, in alt gearr mar seo, cothrom na Féinne don áilleacht, don stair agus don saibhreas ealaíne a bhí os ár gcomhair amach. An Veinéis, an tseoid i gcoróin na hIodáile. Cathair tógtha ar chéad oileán beag, suite ar mhurlach, canálacha in ionad bóithre, na gondala ag dul thart go séimh, an áit línte le páláis sa stíl Ghotach agus stíl na hAthbheochana, Baisleac San Marco ag seasamh go sonrach ar Piazza an ainm chéanna.

Bhí gach aird sa chathair ag pléascadh le saibhreas: Pálás an Doges leis an Mosaic d’ór agus roinnt saothair ealaíne le Tinteretto agus Titian, Músaem Betty Guggenheim le neart pictiúr ann – Picasso, Pollock agus Dali, oileán an Murano lena vetro veneziano ó na Meánaoiseanna... leanann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh.

Ar an mbus ar ais chuig an mbaile-as-baile, thugas faoi ndeara go raibh an bheirt an-chiúin, an-tostach, níos mó ná de ghnáth dóibh. Geallaimse nach le tuirse fhisiciúil amháin ach go raibh an méid sin feicthe acu ar an lá.

Fógraíoch go mbeadh cúpla lá saor againn roimh an turas ar an lá deireanach san Iodáil. Bhí an bheirt aerach, ag dul timpeall na mealanna siopadóireachta ó shiopa éadaí go siopa cuimhneacháin agus ar ais go siopa éadaí, agus ag tógaint sos ó am go ham chun triail a bhaint as na blasanna éagsúla de Gelato Italiano.

Agus an sos dá lá sin thart, chuamar ar an dturas b’fhaide dúinn go cathair Bolzano in Südtirol. Ar an gcéad amharc, is cathair í le ‘Altstadt’ meánaoiseach, suite i ngleann atá línte le cnoic agus fíonghoirt, na Dolomiti faoi bhrat sneachta ag coimeád súil ar imeachtaí.

Tá stair faoi leith ag baint leis an gceantar, stair dhifriúil le haon chuid eile den Iodáil. Sé sin le rá, i mbeagán focal, nuair a bhí an bua ag Napoleon ar an Ostair thug sé Südtirol don Bhaváir. Níos déanaí nuair a bhí an tImpire cloíte, ghlac an Ostair teideal ar an dtalamh go dtí gur thugadar don Iodáil é, ag deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Leis an gcúlra sin ar eolas áfach, ní haon ionadh é go labhraítear Gearmáinis go fairsing in Bolzano. I ndáiríre, is réigiún trítheangach é, mar chomh maith leis an Iodáilis agus an Ghearmáinis labhraítear teanga mhionlach eile ann, teanga nár chualas riamh trácht air. Ladin is ainm di agus ní Laidin í mar a d’fhoghlaimíomar ar scoil ach meascán de Ghréigis agus Laidin.

Go bhfóire Dia orainn, tá gach lá ina lá scoile!

Ar aon chuma, cé nach bhfuil focal Iodáilise agam thar buongiorno, ciao agus gnáthbheannachtaí dá leithéid, ós rud é gur chaitheas tréimhse in Heidelberg, mhothaíos díreach sa bhaile in Bolzano.

Sé mo thuairim é, muna bhfuil tu oilte nó léannta beagáinín sa teanga de cibé tír ina bhfuil tú thar lear, bíonn tú i gcónaí ar an imeall, agus faoi strus chomh maith. Sin é mo thaithí ar aon nós, agus 30 bliain caite agam ag maireachtaint i dtíortha iasachta.

Cheap na garleanaí go raibh sé thar a bheith greannmhar, mise ag bladaireacht i nGearmáinis le gach siopadóir, gach freastalaí agus gach tiománaí bus a raibh an mí-ádh air nó uirthi bualadh liom!

Bhí cuma an mhearbhail ar an mbeirt agus bhíos in ann a n-intinn a léamh. ‘Cén fáth a bhfuil sí ag labhairt Gearmáinise san Iodáil? An bhfuil sí imithe le báiní?’ Buaicphointe an turais go Bolzano ná an chuairt a thugamar ar an Músaem seandálaíochta chun Ötzi, an ‘Fear Oighir’ d’fheiscint. Is corp mumaithe é, d’fhear a mhair thart ar 3350RCh agus a bhí curtha go hard sna hAlpa go dtí 1991.

Sula raibh deis agam m’anáil a tharraingt, bhí sé in am dul abhaile dúinn. Ba chuma liom faoin ‘aeráid dhamanta’ anois, mar bhíomar triúr chun dul ar ais go dtí an Nua-Shéalainn.

Ní dóigh liom go ndéanfaidh an bheirt dearúd go deo na ndeor ar an sár-eispéireas a bhí acu ar mhór-roinn na hEorpa. Ó am go ham ag béile tráthnóna, nó sinne ag taisteal sa charr leis na tuistí, bíonn siad mar an Gobán Saor ag giorrú bóthair le mionsonraí ár n-eachtraí a léiriú acu.

Sea, gan dabht nach fíor é?

An té a bhíonn siúlach, bíonn sé scéalach.