Tráchtaireacht Ghaeilge á plé mar rogha ar GAAGO, a deir an tUachtarán

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Iarlaith Ó Broin

Tá rogha de thráchtaireacht bheo as Gaeilge i measc na bhféidearthachtaí atá á bplé ag an tseirbhís sruthaithe GAAGO do na cluichí craoibhe ar fad a chuirtear ar fáil ar líne, a thug Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, le fios.

Bhí an Ó Broin ag caint le Seachtain agus é i láthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta a ritheadh go rathúil i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí ag an deireadh seachtaine. Ba é Uachtarán nuathofa an CLG a bhronn Corn an Aire ar Eoin Mac Aoidh, captaen fhoireann Chill Chartha ó Dhún na nGall tar éis cluiche ceannais na sinsear in éadan Naomh Anna Leitir Mhóir i bPáirc Uí Chuana.

Mheabhraigh Ó Broin do Seachtain nach raibh cluichí Gaelacha á sruthú ag an gCumann cúig bliana ó shin ach nuair a tháinig an phaindéim go raibh dualgas ar CLG an cumas a chruthú.

“Craoladh 222 cluiche Gaelacha anuraidh le tráchtaireacht i nGaeilge as 300 – ní olc sin nuair a smaoiníonn tú air agus ba bhreá linn é sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

“Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an BBC ábalta é a dhéanamh agus fiú an BBC, b’fhéidir go dtiocfadh le GAAGO féachaint air sin.

“Tá cuid mhór féidearthachtaí ag GAAGO gan amhras agus sin ceann de na féidearthachtaí atá againn, beidh muid ag breathnú agus ag leathnú amach an tseirbhís agus, insan todhchaí, má leanaimid sa treo ina bhfuilimid ag dul, sílim go dtiocfaidh linn sin a dhéanamh.”

Bhí saol na Gaeilge agus na Gaeltachta bailithe i gCill na Martra i gContae Chorcaí don deireadh seachtaine saoire – an fhéile is mó do Ghaeil taobh le hOireachtas na Samhna – agus gach duine ag sárú a chéile chun feabhas an chumainn áitiúil agus an phobail i mbun eagrúcháin a mholadh.

Aimsíodh na mílte leapacha sa cheantar chun lóistín a chur ar fáil do na foirne, na leantóirí agus na Cailíní Gaelacha.

Bhí cúig chomórtas le himirt agus bhí an bua ag Naomh Muire ó Íochtar na Rosann i dTír Chonaill i gCraobh na Sóisear.

Sháraigh Clann na nGael as Ráth Chairn Naomh Fionnbarra i gCraobh Shóisir na mBan agus bhí an bua ag Baile Chlár na Gaillimhe i gCraobh Shinsir na mBan.

Bhí an bua ag Naomh Abán – as Baile Bhuirne, Contae Chorcaí – sa Chraobh Idirmheánach trathnóna Dé Domhnaigh.

Ba í Ríona Ní Chuirrín as Carna Caisil CLG a rug an chraobh léi i gComórtas an Chailín Ghaelaigh agus bronnadh Lóchrann an Chomórtais – gradam a thugtar do dhaoine as a seirbhís don chomórtas, ar Mháire Uí Laoire ó Réidh na nDoirí, bean a thug na blianta ag freastal agus ag obair ag comórtais éagsúla agus a chas lena fear céile féin, Dónal, ag an gcomórtas i mBaile Bhuirne in 1979.

Cailleadh Dónal dornán de bhlianta ó shin.

Beidh an Comórtas á reáchtáil i Ráth Chairn glas na Mí in 2025.