Tóg sciuird thar sáile i nDún na nGall agus beidh craic mhór agat ar an oileán is mó

Tugann láithreoir An Cósta Thiar Áine Ní Bhreisleáin muid chuig oileán 
Árainn Mhór, áit a bhfuil beocht i gcónaí 
ann i rith an tsamhraidh

An teach solais ar Árainn Mhór

Áine Ní Bhreisleáin

Tá an t-ádh dearg orainn i nDún na nGall go bhfuil oileáin ghalánta againn amach ón chósta le dhul ann ar thuras lae nó seal níos faide.

Inniu is go hÁrainn Mhór, an t-oileán is mó amach ó chósta na contae, a rachaidh muid thar sáile ar sciuird – ach sula mbaineann muid an t-oileán amach, tá mé chun cuid de na rudaí deasa ar tír mór in Ailt a Chorráin a lua libh.

Is as cé Ailt a Chorráin a bheas sibh ag taisteal go hÁrainn Mhór, agus dhá chomhlacht farantóireachta i mbun seirbhíse ann – ceann acu le bád dearg agus ceann eile le bád gorm. Thig leat do charr a bhreith leat isteach ’un oileáin ach déan cinnte agus spás a chur in áirithe, mar bíonn na bádaí seo gnóthach sa tsamhradh.

Tá baile beag gnóthach in Ailt an Chorráin, neart bádaí ar feistiú, ach níl sé mar a bhíodh le linn bhlianta rachmasacha na hiascaireachta nuair a bhíodh an chéidh beo le hiascairí.

Má tá áit le stopadh uaibh ar an tír mhór, tá ionad glampála Wheelhouse Pods ar bhealach na céibhe, le tithe adhmaid agus tobáin theo leo. Buailte ar an láthair seo tá caifé an Wheelhouse féin, foscailte achan lá ó am bricfeasta agus rogha mhór ar an bhiachlár acu.

Tá clú agus cáil ar bhialann agus tábhairne An Lobster Pot – ní féidir seo a chailleadh mar go bhfuil gliomach ollmhór ar bhalla an fhoirgnimh – as feabhas an bhia mara ann. Seo áit a chuireann scoth an bhidh ar fáil agus spás breá ann do theaghlaigh. Tá tábhairne O’Donnells ar an bhaile fosta má tá deoch uaibh nó ceol beo agus caifé beag cois céibhe, an Harbour Front Café.

Ar an bhealach go hÁrainn Mhór, rachaidh sibh thart le cúpla oileán eile, áit a bhfuil tithe galánta i stíl Dermot Bannon – gloine ó dhíon go dúshraith! Seo Inis Mhic an Doirn agus Inis Cú, agus más mian libh cuairt a thabhairt orthu seo, tá an comhlacht Donegal Sea Adventures ag déanamh turais farraige sa cheantar.

Bhéarfaidh siad i dtír sibh agus ar thóir éanacha mara agus rónta atá fá na huiscí. Thig libh áirithint a dhéanamh fosta le Cois Mara Adventures do thurais threoraithe ar muir agus ar tír, chomh maith le cuairt a thabhairt ar oileáin na contae agus roghnóidh siad clár ama fóirsteanach daoibh.

Níl turas ró-fhada go hÁrainn Mhór agus is annamh a bhíonn an fharraige garbh anseo sa tsamhradh, mar sin ná bíodh eagla ar bith oraibh fá éirí tinn!

Mholfainn carr a bhreith libh leis an oileán a thaisteal, cé go bhfuil gnáth-rothair agus rothair leictreacha le fáil ar cíos ó chomhlachtaí éagsúla – tá go leor cnoc ar an oileán mar sin mholfainn féin rothar leictreach má tá sibh falsa!

Tá fear áitiúil, Dennis O’Donnell, le comhlacht turasóireachta, Arranmore Guided Tours, a dhéanfaidh liosta breá daoibh agus gheobhaidh sibh neart scéalta uaidh. Má tá sibh ag iarraidh spiorad an oileáin agus saol an oileáin a fheiceáil, fanaigí thar oíche nó is cinnte go bhfuil craic i muintir Árann.

Tá Óstán an Ghleanna gar don chéidh sa Leadhb Garbh, tithe saoire de mhéideanna éagsúla le fáil ar cíos sa bhaile saoire i bhFál an Ghabhann, lóistín agus bricfeasta Tigh Mhuldowney, áit a bhfuil ionad glampála buailte air fosta, agus tá lóistín agus bricfeasta Tigh Early i bPoll an Mhadaidh.

Tá tránna deasa ar an oileán – an chéad cheann a chastar ort ná Trá na Leidhbe Gairbhe, áit a bhfuil clós súgartha in aice leis agus Trá na gCloch Corr atá deas le dhul ag snámh ann. Ar an taobh eile den oileán tá Trá Athphoirt ann fosta, a bheadh deas do phicnic.

B’fhiú go mór an turas a dhéanamh amach go Teach Solais Árainn Mhór, suite go maorga os ceann na mbeann. Tá seo thart ar chúig chiliméadar ón chéidh – siúl fada ach tiomáint dheas. Tá radharcanna iontacha ón chuid seo den oileán, agus mothaíonn tú scoite amach ón domhan, ag amharc i dtreo Thoraí agus Cheann Ghlinne ar an taobh eile.

Bíonn deis na tithe in aice an tí solais a ghlacadh ar cíos – suíomh a bheadh draíochtúil do dheireadh seachtaine! Tá sean-stáisiún an Gharda Cósta in aice leis an teach solais fosta, a dódh aimsir na nDúchrónach. Má tá sibh aclaí, tá sraith céimeanna cloiche in aice leis seo síos taobh na binne a fhad leis an fharraige – tá siad crochta go maith agus muna bhfuil tú go maith ar do chosa, déan dearmad dó!

Déanaigí bhur mbealach thart cois locha áit a bhfuil leacht tógtha a léiríonn an ceangal idir Árainn Mhór agus Oileán Beaver i Loch Michigan, áit a ndeachaigh go leor de bhunadh Árann ar imirce i lár na 1850idí. Maireann an nasc idir na pobail seo ó thaobh an cheoil agus an chultúir de. Má bhíonn imeacht speisialta ar siúl ar an oileán, beidh an Banna Píob amuigh, ná caill iad sin!

Mholfainn go mór daoibh teagmháil a dhéanamh le Cumann na mBád ar an oileán má tá fonn oraibh roinnt ama a chaitheamh ar an fharraige. Cuireann an cumann seo ranganna agus imeachtaí cadhcála agus seoltóireachta ar fáil agus bíonn clárchéaslóireacht mar rogha fosta.

Tá na teagascóirí lán de chraic agus seo rud atá fóirsteanach do theaghlaigh nó grúpa cairde – má théann tú san uisce, beidh tú i gceart, creid uaimse é!

Cuireann grúpaí difriúla cosúil le Arranmore Charters turais thart ar an oileán ar fáil, le héanacha mara agus deilfeanna a fheiceáil, nó le rud beag iascaireachta a thriail.

Bíonn féilte agus imeachtaí ceoil ar siúl ar an oileán, ina measc Féile Róise Rua agus deireadh seachtaine mór de cheol tíre agus gheobhaidh sibh seisiúin de gach sórt sna tábhairní. Tá aip úr ar fáil le cuidiú libh – Seo Árainn Mhór – agus é dátheangach.

Sé Early’s an chéad tábhairne in aice na céibhe, agus tá ceol ag fear an tí Jerry Early. Tá bia le fáil anseo fosta agus spás deas taobh amuigh le suí sa ghrian.

Gabhaigí ar aghaidh libh chuig Teach Phil Bán os ceann na trá, áit a bhfuil tine bhreá ann agus radharc galánta trasna ar na Rosa. Tá siopa beag in aice an tábhairne seo má tá earraí uaibh le linn bhur seala ar Árainn Mhór.

Bíonn ceol beo agus manglaim le fáil Tigh Neily atá suite i lár an oileáin agus buailigí isteach chuig an Glen Hotel le beár ar an tseanstíl a fheiceáil, le go leor seanphictiúirí den oileán.

Má tá oíche mhall agus damhsa beag uaibh, buailigí suas go club oíche Smuggler’s – beidh dioscó ann achan oíche sa tsamhradh, agus tábhairne béal dorais.

Má tá club oíche ar leith uaibh, seo an áit le bheith agus beidh scéalta go leor agaibh don mhaidin dár gcionn!

Tá rogha bhreá d’áiteacha le hithe ar an oileán, tá Café Hughie Mickey Dan’s in aice le Cé na Léibe agus bricfeasta, lón agus dinnéar le fáil ann, chomh maith le huachtar reoite. Buail isteach ag Greim Gasta, atá in aice na céibhe fosta, tá veain Tea by the Sea ansin fosta le caifé, ceapairí agus milseoga deasa a réiteach ann.

Cuireann Caifé an Ghabhann sa Chultúrlann thíos ag an bhaile saoire bia ar fáil agus tá béilte fosta san Óstán. Má tá comhairle nó leide uaibh, labhraígí le muintir an oileáin atá fial lena gcuid eolais agus a chuirfidh ar an bhealach cheart sibh!

Bíonn an t-oileán gnóthach sa tsamhradh le scoláirí Gaeilge, turasóirí agus bunadh na háite a thagann na bhaile ar saoire, agus bíonn beocht ar leith ag baint leis sin.

Má tá turas lae uaibh, láthair ar dóigh do theacht le chéile teaghlaigh nó cairde – tá sin uilig ar fáil in Árainn Mhór álainn i nGaeltacht Dhún na nGall.