Tábhairní galánta, bialanna maithe mara agus tránna iargúlta ar Chósta an Atlantaigh Fhiáin

Tugann láithreoir An Cósta Thiar
Áine Ní Bhreisleáin sciuird ar
cheantar Gaeltachta i nDún na nGall
a bhfuil clú agus cáil air – Ros Goill

Trá Pholl an Mhurdair i Ros Goill – tá radharc galánta ann ach níl cead snámh ar an trá seo mar gheall ar an tsruth láidir farraige

Áine Ní Bhreasleáin

An tseachtain seo is chuig leathinis álainn Ros Goill a bheidh mé bhur dtreorú, ceantar aitheanta turasóireachta, go háirithe daofa siúd as na Sé Chontae a thagann achan samhradh chuig na hionaid champála ar fud an cheantair Gaeltachta seo.

Tá bailte Charraig Airt agus na nDúnaibh lán de thábhairní deasa, bialanna agus áiseanna do thurasóirí agus is cinnte go dteastaíonn carr sa taobh seo tíre más mian libh na radharcanna is áille a fheiceáil thart ar bhealach tiomána an Atlantaigh.

Tosóidh mé le seoid i mbaile beag an Ghleanna, agus nuair a deir mé gur baile beag atá ann – creid mé! Tá clú agus cáil ar thábhairne agus ar bhialann an Olde Glen Bar as feabhas an bhídh atá a chur ar fáil ag an chócaire Ciarán Mac Suibhne le cúpla bliain anuas.

Tá cuma thraidisiúnta ar an fhoirgneamh agus tá lóistín le fáil ar an tsuíomh seo in Clara’s Cots. Bhain an bhialann anseo go leor duaiseanna agus bíonn lón agus dinnéar ar fáil, ach bígí cinnte áirithint a dhéanamh. Láthair ar dóigh le sult a bhaint as deoch amuigh faoin aer fosta!

Sráidbhaile beag gnóthach atá i gCarraig Airt, le hóstán i lár an bhaile, Óstán Charraig Airt a athosclaíodh cúpla bliain ó shin. Tá siopaí anseo le hearraí agus bronntanais a cheannacht agus siopadóireacht a dhéanamh má tá sibh le fanacht i Ros Goill cúpla lá.

Ar imeall Charraig Airt tá ionad turasóireachta, an Donegal Boardwalk. Thig lóistín a fháil anseo, tá cúirteanna leadóige agus spóirt ann agus bialann fosta. Tá casán adhmaid siúil ann a fhad le trá Charraig Airt, siúlóid a thógann 25 bomaite nó mar sin, agus a bheadh oiriúnach do theaghlaigh le páistí óga nó le daoine i gcathaoir rothaí a mbealach a dhéanamh a fhad leis an trá.

Daoibhse a dtaitníonn ainmhithe libh, tá stáblaí marcaíochta i gCarraig Airt do gach marcach, le sult a bhaint as an taobh tíre ar dhroim béithigh! Buailigí isteach chuig bialann Carrigart One8 ar an phríomhshráid do bhéile, nó go Tábhairne Logue’s do dheoch agus scíste. Tagann na sluaite go bialanna píotsa Goose and Gander anseo, atá ar oscailt seacht lá na seachtaine agus a chuireann manglaim ar fáil ag an deireadh seachtaine. Thig fanacht sa teach lóistín atá acu fosta má tá fonn oraibh oíche mhór spraoi a bheith agaibh!

Mar a dúirt mé, tá cáil ar Ros Goill mar láthair saoire le fada an lá agus casfaidh sibh le go leor turasóirí a chaitheann formhór an tsamhraidh anseo, sna hionaid carabháin nó i dtithe saoire. Tá rogha bhreá lóistín sna Dúnaibh agus seisiúin cheoil le fáil go rialta fosta iontu.

Ar na hóstáin, tá an Downings Bay, an Beach Hotel agus an Rosapenna. Más gailf bhur gcluiche, seo an baile daoibhse, nó tá clú agus cáil ar chúrsaí Rosapenna, a bhí ainmnithe ag lucht gailf ar chuid de na cúrsaí is fearr ar domhan.

Tagann muintir na háite agus na cuairteoirí le chéile leis an ghrian a shú taobh amuigh den Harbour Bar i lár na nDúnaibh, ach déanaigí iarracht fosta béile a fháil ag Bar Fisk, bialann a chuireann béim ar bhia mara, atá buailte leis an tábhairne. Bíonn lón deas agus caifé le fáil ag an Galley chomh maith sna Dúnaibh agus tá siopaí beaga thart ar an bhaile.

Má shiúlann sibh síos go Cé na nDúnaibh, tchífidh sibh iarsma den Chogadh Mhór, gunna ón long an Laurentic a cuireadh go tóin poill nuair a bhuail sí mianach farraige de chuid na Gearmáine in Eanáir 1917. Tá go leor iascairí go fóill ag baint úsáid as an ché seo agus botháin bheaga in aice leis ón am a raibh ráchairt ar iascaireacht na scadán anseo.

Leis na glúnta, tá olann agus bréidín McNutt ar díol ar fud na cruinne agus an muileann lonnaithe in aice na céibhe. Tá siopa deas acu agus lán na súl de tháirgí deasa le ceannacht ann – éadach agus earraí tí – seo ceann de na siopaí is ansa liomsa sa chontae seo!

I ndiaidh roinnt spaisteoireachta anseo, buailigí isteach chuig bothán caifé Fiffi’s Coffee in aice le McNutt’s agus bainigí sult as an radharc trasna an bháighe.

Níl iontas ar bith go bhfilleann teaghlaigh ar Ros Goill bliain i ndiaidh bliana mar go bhfuil tránna breátha ann le lá a chaitheamh orthu, ina measc Trá na nDúnaibh, Trá Charraig Airt agus trá a bhfuil go leor cainte faoi ar na meáin shóisialta le cúpla bliain, Trá Pholl an Mhurdair (Murder Hole) i mBá Íochtair.

Caithfidh tú íoc as do charr a fhágáil sa charrchlós anseo in aice le Páirc Carabháin Melmore agus tá an tsiúlóid a fhad leis an trá seo crochta agus corrach in áiteacha. Níl cead madaidh a thabhairt anseo, mar go dtéann an casán fríd talamh feirme ach is fiú an siúl don radharc ar deireadh. Caithfidh tú a bheith cúramach maidir le taoidí anseo, agus níl cead snámh ar an trá seo mar gheall ar an tsruth láidir farraige. Má tá fonn oraibh an ceantar a fheiceáil agus rud beag aclaíochta a dhéanamh tá comhlacht Ebikes Downings ann a chuirfidh comhairle oraibh faoi na bealaí rothaíochta is fearr sa leathinis.

Tá cáil ar uiscí Chuan na Long as a bheith iontach maith do thumadóireacht agus thig libh seal a chaitheamh le Mevagh Dive Centre le bhur gcuid scileanna a fhorbairt, agus fiú cuairt a thabhairt ar láithreacha ina ndeachaigh longa go tóin poill.

Rud inteacht neamhghnáth atá ar fáil sa cheantar ná an comhlacht Gáinne Mór Alpacas a thugann deis daoibh cuairt a thabhairt ar thréad alpacaí, iad a thabhairt amach ag siúl ar téad agus bia a thabhairt daofa. Seo ceann do na páistí nó do na Instagrammers inár measc!

Ná fágaigí an ceantar speisialta seo gan turas a dhéanamh sa charr (nó ar rothar má tá na cosa láidir) ar Shlí an Atlantaigh, turas thart ar 12 chiliméadar le radharcanna trasna go Corrán Binne agus ansin go leathinis Fhánada agus i dtreo an tigh solais.

Tá áit ar leith anseo a mholfainn do bhéile deas – An Síbín Ceoil, tábhairne a bhfuil clú air as an bhia mara. Bíonn seisiúin cheoil ar siúl ann go minic sa tsamhradh agus ní bheidh fonn oraibh imeacht uaidh go gasta.

Ní leor lá i Ros Goill, ach geallaim daoibh má thagann sibh ar cuairt, beidh fonn oraibh pilleadh gan mórán moille.