Tá na Cait fiáin chun Craobh a thabhairt leo

Tá John Donnelly ag seasamh amach agus é ar ghearrliosta Ghráinne do Imreoir na Bliana

Gráinne McElwain

Sílim go bhfuil gach duine ag súil go mór le cluichí leathcheannais iomána na hÉireann an deireadh seachtaine seo.

Níl an pheil i mbliana thar mholadh beirte agus in amantaí, bheadh fonn ort titim i do chodladh mar gheall ar an easpa aicsin a bhí le feiceáil ar an pháirc.

Thug an dara leath idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath briseadh dúinn ón leadrán ach ní raibh mórán idir an dá linn ag an tslua chun a bheith ag béiceadh faoi. Feicfidh muid cén struchtúr agus rialacha úra a bheas os ár gcomhair an bhliain seo chugainn ach tá sé soiléir do gach duine go bhfuil gá le hathrú.

Ar a laghad, ní bheidh easpa sceitimíní ar fáil ó thaobh na hiomána de an deireadh seachtaine seo.

Is é an cluiche idir Cill Chainnigh agus an Clár an chéad cheann a bheas againn Dé Sathairn. Bhuail an Clár Cill Chainnigh i gcluiche ceannais na sraithe níos luaithe i mbliana ach seo an tríú huair as a chéile a bheidh an dá fhoireann ag casadh ar a chéile ag an staid seo sa Chraobh.

Ar an drochuair dóibh, ní raibh an lámh in uachtar ar fhir an Chláir go fóill sa chraobh. D’éirigh le Cill Chainnigh le trí phointe anuraidh agus le 12 an bhliain roimhe sin. Chaill fir an Banner in aghaidh Luimnigh i gcluiche ceannais na Mumhan agus níor imir siad go maith sa chluiche sin, le Luimneach ag buachaint Chraobh na Mumhan den tséú huair as a chéile.

Bhí bua furasta acu i gcoinne Loch Garman i réamhbhabhta chluiche ceathrú ceannais na hÉireann 2-28 le 1-19. Ach má tá siad chun cos a fháil sa chluiche ceannais den chéad uair ó 2013, seo an deis dóibh.

Seans maith go dtosnóidh Tony Kelly a bhfuil gortú rúitín ag cur as dó le tamall ach ba chóir go mbeadh sé ar fáil Dé Sathairn. Roimhe seo, ba é Mikey Butler as Cill Chainnigh a bhí ar a mharcáil agus rinne sé sár-jab Tony a choinneáil ciúin.

Bheadh sin ar cheann de na coimhlintí móra a bheas muid uilig ag súil le féachaint air. Maidir le Cill Chainnigh, mar is iondúil, d’fhreagair siad gach ceist a bhí curtha ina n-aghaidh go dtí seo. Ní raibh mórán dúshláin acu in aghaidh Átha Cliath i gcluiche ceannais Laighean le bua 3-28 le 1-18 acu, ach chuir an cáineadh a fuair siad roimh an chluiche sin faoina dtaispeántas isteach orthu.

Comhscór a bhí ann idir iad féin agus Ceatharlach agus ní raibh ach dhá chúilín idir iad féin agus Áth Cliath sna grúpaí. Ach bhí gortuithe ag cur as do leithéidí Eoin Cody agus Adrian Mullen ach anois agus iad ar ais, tá cuma níos láidre orthu.

Sílim go bhfuil John Donnelly ag seasamh amach agus é ar mo ghearrliosta d’Imreoir na Bliana. Beidh coimhlint mhaith leis na pocanna amach agus ba léir cé chomh cruinn is a bhí Eoin Murphy agus Cill Chainnigh leo i gcluiche ceannais Laighean. Bí ag súil le taispeántas maith anseo arís.

Fear eile atá ar mo ghearrliosta d’Imreoir na Bliana ná Shane O’Donnell, le leithéidí Mark Rodgers agus Peter Duggan maorga don Chlár i bhfeachtas na Mumhan. Thóg Mark Rodgers cinnireacht ar na pocanna saora i gcoinne Loch Garman le 0-6 aimsithe aige agus réitigh sé an deacracht a bhí acu i gcluiche ceannais na Mumhan.

Bhí Aidan McCarthy agus Tony Kelly ag tógáil na bpocanna saora an lá sin agus chuir siad cinn amú. Ní féidir leo an easpa cruinnis chéanna a bheith acu an uair seo. Luaigh Shane O’Donnell roinnt míonna ó shin seans nach mbeadh sé ar fáil an bhliain seo chugainn agus dar liom go gcaithfidh siad buachaint chun an dul chun cinn a bhí geallta le píosa a chomhlíonadh.

Ní bheidh sé éasca, áfach, in aghaidh na gCat atá fiáin chun Craobh na hÉireann a chrochadh leo ag an tríú hiarracht le trí bliana anuas.

Beidh le feiceáil an iad Luimneach nó Corcaigh a bheas ann. Bhí Corcaigh dochreidte in aghaidh Luimnigh sna grúpaí sa Mhumhain agus má fhaigheann muid cluiche leath chomh maith agus a bhí sna grúpaí sa Mhumhain, beidh an lá linn.

Bhuaigh Corcaigh an cluiche sin 3-28 le 3-26 ach ba é an ghuaim agus troid a bhí ag Corcaigh a sheas amach. Fuair Séamus Flanagan 3-3 sa chluiche do Luimneach agus tá Shane O’Brien, Cathal O’Neill agus Adam English mar chuid de na himreoirí óga úra atá ag cur a lorg ar fhoireann Luimnigh i mbliana.

Chuaigh Corcaigh ar an ionsaí ó áiteanna éagsúla ar an pháirc agus chuir siad cosantóirí Luimnigh faoi bhrú lena gcuid luais. Bhí Shane Barrett, Alan Connolly, Darragh Fitzgibbon, an t-ionadaí Shane Kingston mar aon le Patrick Horgan a fuair 1-11 thar barr an oíche sin.

Ach tá Luimneach ar thairseach na staire agus iad ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan den chúigiú huair as a chéile, rud nár tharla sa chomórtas seo riamh.

Caithfidh Corcaigh teacht le plean agus déine dhochreidte ach níl a fhios agam an bhfaighidh siad an deis an lámh in uachtar a fháil ar fhir Luimnigh ar an dara hiarracht.