Seachtain: Réaltán Ní Leannáin - ‘Bhí mé in shock...Chuir siad fríd rud nár cheart dom a dul tríd’

Réaltán Ní Leannáin, who was angry at her treatment at Dublin Airport

Tá leithscéal gafa ag aerfort Bhaile Átha Cliath le húdar clúiteach Gaeilge as eachtra a thit amach ina raibh uirthi a próistéis brollaigh a thaispeáint go poiblí.

Rinneadh cuardach slándála ar Realtán Ní Leannáin ag aerfort Bhaile Átha Cliath os comhair na sluaite agus í ag taistil go Dún na nGall le haghaidh Lá Fhéile Pádraig.

Cuireadh iachall uirthi an próistéis a léiriú don lucht slándála d’ainneoin gur mhínigh sí cad a bhí ann.

Tá próistéis á chaitheamh ag Realtán le breis agus 15 bliana, tar éis di dul faoi scian mar leigheas ar ailse brollaigh.

Dúirt sí nach raibh deacracht ar bith aici roimhe seo maidir leis na scanóirí in aerfort Bhaile Átha Cliath nó in aerfort ar bith eile.

Dúirt sí gur chuir an eachtra go mór isteach uirthi agus go raibh sí trína chéile agus feargach ina dhiaidh.

Dúirt an t-aerfort nár chóir don eachtra tarlú agus ghabh siad leithscéal léi. Dúirt siad go bhfuil sé de cheart ag daoine go ndéanfaí cuardach le láimh orthu in áit phríobháideach.

Labhair Seachtain le Realtán faoin eachtra seo, faoina turas ailse agus faoina cuid scríbhneoireachta.