Seachtain: Molly Martens released – cérbh í an bhean seo a fuarthas ciontach as dúnorgain a fear céile Jason?

Scaoileadh Molly Martens agus Tom Martens saor ón bpríosún sna Stáit Aontaithe le déanaíCiontaíodh iad as dúnorgain Jason Corbett, fear as Luimneach

Molly Martens smiles as she walks free from prison. Photo: Perfecta Visuals

Róisín Ní Mhaoláin

Deirtear go minic gurb ea an briseadh croí an rud is measa gur féidir tarlú do dhuine .

Ach céard faoi nuair a tharlaíonn sé arís tar éis saol úrnua a thosú?

Sin a tharla do chlann Jason Corbett as Luimneach.

Chaill siad a máthair agus a n-athair agus fi�� an bhean a mharaigh a n-athair.

Scaoileadh Molly Martens agus Tom Martens saor ón bpríosún sna Stáit Aontaithe le déanaí. Ciontaíodh iad as dúnorgain Jason Corbett.

Tharraing an scéal seo aird agus conspóid ón tús.

Cén fáth a ndeachaigh bean óg as Meiriceá go Luimneach chun aird a thabhairt do pháistí ann?

Cén fáth ar phós Jason Corbett í?

Cén fáth a raibh sé ag iarraidh eitilt abhaile leis na páistí?

Labhraíonn Ciarán Dunbar leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin leis an scéal seo a thabhairt chun solais.

Seachtain: Molly Martens released – cérbh í an bhean seo a fuarthas ciontach as dúnorgain a fear céile Jason?

Listen on Apple
Podcasts Listen on
Spotify

Foclóir:

seirbhísí éigeandála - emergency services

na cúisithe - the accused

triail - trial

príosún - prison

atriail - retrial

dúnorgain - manslaughter

admhaigh - admit

féinchosaint - self-defence

torann - noise

tacht - strangle

fianaise - evidence

feighlí - caretaker

geallta - engaged

cumhach - homesick

de ghlanmheabhair - off by heart