Seachtain: Killer Lucy Letby os comhair na cúirte arís in appeal bid

Lucy Letby

Tá banaltra i Sasana os comhair na cúirte an tseachtain seo agus í ag iarraidh go ndéanfar achomharc ar a ciontuithe dúnmharaithe agus iarrachtaí dúnmharaithe.

Ciontaíodh Lucy Letby i 2023 as seachtar leanbh a rugadh roimh am a dhúnmharú agus as iarrachtaí a dhéanamh seisear eile a mharú.

Tugadh 14 téarma príosún saoil do Letby dá bharr na gcoireanna.

Chaith Lucy Letby, 34, 3 bliana ag obair sa Countess of Chester Hospital i Sasana. Bhí sí freagrach as cúram a thabhairt do roinnt de na leanaí is breoite san aonad nuabhreithe.

Tharla na hionsaithe ar na leanaí idir 2015 agus 2016.

Tá Letby os comhair na cúirte an tseachtain seo agus í ag iarraidh go ndéanfar achomharc ar ceithre fhoras.

Níl cead ag na meáin tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí ar fad chun claontacht a sheachaint.

Seo mar gheall go bhfuil atriail le cur ar Letby i mbliana as chúis breise d’iarracht dhúnmharú, cúis nach raibh an giúiré in ann cinneadh a dhéanamh faoi roimhe seo.

Chomh maith leis sin, tá fiosrúchán poiblí ar imeachtaí sa Countess of Chester Hospital beartaithe, agus táthar ag súil leis na chéad éisteachtaí san fhómhar.

Labhair Seachtain leis an iriseoir Emer Moreau faoin chás.

Seachtain: Killer Lucy Letby os comhair na cúirte arís in appeal bid

Listen on Apple
Podcasts Listen on
Spotify