Seachtain: Buile mharfach Bhaile Átha Cliath/Muineachán

50 bliain ó bhí buama Mhuineachán agus buama Bhaile Cliath annMaraíodh 33 duine agus leanbh nár saolaíodh – an líon is airde daoine a maraíodh in aon lá amháin le linn na dTrioblóidí

The devastation outside Greacen's pub in Monaghan after the May 17, 1974 bombing. Photo: Donal McEnroe/Reuters

Dé hAoine an 17ú Bealtaine 1974, réab trí phléascadh ollmhóra trí chroílár Bhaile Átha Cliath agus phléasc buama eile taobh amuigh de theach tábhairne i mBaile Mhuineacháin.

Níor tugadh aon rabhadh, fuair 34 duine bás.

Níor cúisíodh duine ar bith riamh as an uafás seo.

Maraíodh máthair Caoimhín Ó Lochlainn an lá sin agus í ag teacht abhaile ón obair ar Sráid Laighean Theas.

Agus an comóradh 50 bliain siúil an tseachtain seo, deir Caoimhín go bhfuil na teaghlaigh go fóill sa tóir ar an bhfírinne faoi na daoine a bhí taobh thiar de.

San eagrán seo de Seachtain, labhraíonn Caoimhín faoi na cuimhní atá aige faoina mháthair, faoin lá uafásach sin, agus an troid ar son na fírinne.

Foclóir:

Réab - erupt

Pléascán - blast

Rabhadh - warning

Go sonrach – in detail

Eachtra - incident

Sochraid - funeral

Troscán - furniture

Spiorad – spirit

Coitianta - common

Aird – attention

Fiosrúchán - investigation

Easpa – a lack of

Feachtas – campaign

Níos leithne - wider

Níos doimhne – deeper

Comóradh - commoration