Scoth na gceoltóirí ag féile nua in ómós don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí

Cairde Rónáin ag seoladh na féile ar an Earagail

Rónán lena dhorn san aer

Rónán Mac Aodha Bhuí

An suíomh idirlín

thumbnail: Cairde Rónáin ag seoladh na féile ar an Earagail
thumbnail: Rónán lena dhorn san aer
thumbnail: Rónán Mac Aodha Bhuí
thumbnail: An suíomh idirlín

Cé gur deacair go fóill a chreidiúint go bhfuil Rónán Mac Aodha Bhuí imithe uainn, tá a theaghlach, buíon dá chairde agus a phobal tagtha le chéile chun an sárchraoltóir agus réabhlóidí teanga ó Thír Chonaill a cheiliúradh le féile nua a reáchtálfar san áit ab ansa leis, Gaoth Dobhair.

Ceiliúradh ar shaol agus ar oidhreacht Rónáin a bheidh san fhéile, Dorn San Aer, agus é mar sprioc ag an imeacht a reáchtálfar idir 27-29 Meán Fómhair spreagadh a thabhairt do cheoltóirí óga teacht chun cinn, aidhm a bhí i gcónaí gar do chroí Rónáin.

Beidh aithne ag go leor ar an rosc gnímh a chum Rónán, Dorn San Aer, agus an rosc céanna anois in úsáid mar ainm na féile chun spreagadh a thabhairt do ghlúin nua de cheoltóirí agus gníomhaithe teanga agus Gaeltachta.

Tá breis agus 20 banna ceoil deimhnithe – agus an uimhir sin ag méadú leis. Cuirfidh Dorn san Aer fáilte roimh mheascán craiceáilte de ghrúpaí agus d’imeachtaí i rith an deiridh seachtaine, idir rac, hip hap, thraid-leictreach, cheol Gaelach, ska, reggae, chainteanna spreagúla, Lá Teaghlaigh, chomórtas Chath na mBannaí, Racadamh agus tuilleadh.

Le cloí le dearcadh ceannródaíoch Rónáin, osclóidh an gníomhaí ceart sibhialta Bernadette McAliskey an fhéile go hoifigiúil Dé hAoine, an 27ú lá in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Ba í Bernadette an feisire ab óige riamh a toghadh ina feisire parlaiminte in Westminster agus thuill sí clú agus cáil nuair a thrasnaigh sí urlár an tseomra díospóireachta i Londain chun clabhta a thabhairt do Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine, Reginald Maudling, tar éis gur mhaígh sé gur á gcosaint féin a bhí paratrúpaí na Breataine ar Dhomhnach na Fola.

Liosta le háireamh iad na bannaí atá le bheith ar an ardán ag an fhéile ach ar bharr an liosta sin tá an banna reggae ó Bhéal Feirste, Bréag, buíon a ghlac páirt in iliomad féilte a raibh Ronán féin ar a gcúl, leithéidí na Féile Craiceáilte agus ina dhiaidh sin an Cabaret Craiceáilte.

Bhuaigh Huartan duais Rónáin ag Gradaim Ceoil Nós agus beidh an tríréad sin, a sheinneann ceol leictreonach le blas traidisiúnta, ar an ardán chomh maith leis an spealaire fánach, John Spillane agus Grooveline – banna atá luaite le ceol func snagcheoil.

Anuas air sin, beidh Emma Ní Fhíoruisce, Ciarán Mac Fheidhlimidh agus Eve Belle, gan trácht ar leithéidí Spásas (Marcus agus Naoise Mac Conghail), an Boss Sound Manifesto agus IMLÉ, Súil Amháin agus Cór Dorn san Aer le Dominic Mac Giolla Bhríde.

Ceann de na clocha ba mhó ar phaidrín Rónáin ab ea a thiomantas chun ceoltóirí óga a spreagadh agus feicfear go leor fianaise de sin sa Racadamh agus i gCath na mBannaí, comórtas a thabharfaidh ardán do bhannaí úra agus an deis clú a bhaint amach a chuirfidh ar an bhóthar iad le leanúint ar lorg leithéidí Kneecap, Seo Linn agus IMLÉ.

Beidh taispeántas ann d’obair ealaíon ó na Ceardlanna Ealaíne Sráide do Dhaoine Óga a bheidh mar pháirt den ullmhúchán don fhéile agus beidh caint agus díospóireacht ann faoi scéal agus todhchaí an cheoil sa tír faoi láthair.

Beidh na ceolchoirmeacha agus na himeachtaí ag dul ar aghaidh in ionaid éagsúla ar fud pharóiste Ghaoth Dobhair: in Ionad Cois Locha faoi bhun na hEaragaile, áit a mbeidh Stáitse Cúl an Tí agus Stáitse Géill Slí, in Amharclann Ghaoth Dobhair i lár an pharóiste agus i dTigh Hiúdaí Bhig – croílár spioradálta an Cabaret Craiceáilte.

Tá an lucht eagraithe buíoch den urraíocht ó Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta agus ag súil le scoth na féile. Tá gach eolas faoin fhéile agus a mbeidh ar siúl le fáil ar dornsanaer.ie agus beidh a thuilleadh ainmneacha móra le fógairt.