Scoth an gcluichí ag teacht i bpeil na mban

Fuair Eve Power an cúl cinniúnach do Phort Láirge ina mbua ar Dhún na nGall

Carla Rowe

thumbnail: Fuair Eve Power an cúl cinniúnach do Phort Láirge ina mbua ar Dhún na nGall
thumbnail: Carla Rowe
Gráinne McElwain

Is é an rud is deacra faoi fhéilire úr CLG ná go bhfuil an oiread sin spórt ag iomaíocht in aghaidh a chéile ag an am seo den bhliain.

Tá comórtas na mban sa pheil agus sa chamógaíocht faoi lánseol ach níl an phoiblíocht chéanna ag dul ina dtreo. Ní dóigh liom gur féidir an locht a chur ar na meáin chumarsáide.

Mothaím go bhfuil an oiread sin spórt thart, idir sacar agus na Euros, an CLG agus cé go bhfuil an rugbaí díreach críochnaithe, tá gach spórt in adharca a chéile ag cuartú spás sna meáin chun caint faoi.

Ba mhaith liom go mbeadh fad leis an tséasúr CLG ionas go mbeadh níos mó ama againn mar iriseoirí scríobh agus anailís cheart a dhéanamh ar chluichí. Tá sé ráite agam go minic, go mba bhreá liom séasúr na mban a bheith ag feidhmiú i mí Lúnasa agus Meán Fómhair chun an phoiblíocht cheart atá tuillte acu a chur ina dtreo.

Ar aon nós, níl sé ag tarlú i mbliana ach beidh le feiceáil cén sórt athruithe a thagann ar struchtúr na bhfear an bhliain seo chugainn agus seans go mbeadh tionchar aige sin ar spórt na mban.

Bhí an babhta deireanach de Chraobh na mBan ar siúl ar an deireadh seachtaine agus rinneadh an tarraingt ina dhiaidh sin do na babhtaí ceathrú ceannais. Casfaidh Corcaigh le Port Láirge, Ciarraí leis an Mhí, Baile Átha Cliath le Gaillimh agus Ard Mhacha le Maigh Eo.

Ba é an cúl a fuair Eve Power a bhí cinniúnach do Phort Láirge ina mbua 1-10 le 0-7 ar Dhún na nGall, le bainisteoir na foirne Pat Sullivan ag moladh na n-imreoirí agus dúirt sé “gurb é inniu an lá a tháinig gach rud le chéile”.

Ar an drochuair do Dhún na nGall, ciallaíonn an chailliúint sin go mbeidh siad sa chluiche dícháilithe in aghaidh Chill Dara. Bhuaigh Cill Dara Craobh Idirmheánach na hÉireann anuraidh ach bhí siad ag streachailt i ngrád na sinsear i mbliana.

Dúirt bainisteoir Dhún na nGall John McNulty: “Tháinig go leor imreoirí isteach i mbliana agus caithfear go leor atógála a dhéanamh. Bhí séasúr réasúnta againn ach caithfidh muid críochnú le bua.”

Is iad Tiobraid Árann agus Laois na foirne eile atá i mbaol dícháilithe. Cibé foireann a thiocfas amach chun cinn, beidh siad slán i ngrád na sinsear do 2025. Beidh an dara seans ag na foirne a chaillfidh na cluichí sin mar go mbeidh siad ag imirt in aghaidh a chéile leis an bhuaiteoir ag fanacht suas.

Is iad Áth Cliath, na seaimpíní reatha, an fhoireann a bhfuil gach foireann eile airdeallach faoi. Ar an drochuair, tá Gaillimh tar éis iad a fháil.

I mbabhta a trí de na cluichí sna grúpaí, bhuail siad Cill Dara 4-19 le 0-9, le captaen na foirne Carla Rowe ag aimsiú trí chúl. Bhí bua thar a bheith cuimsitheach ag Gaillimh ar Laois 7-22 le 1-5 ach ní féidir mórán léamh a dhéanamh anseo mar go bhfuil deacrachtaí ag Laois ag an leibhéal seo.

Dícháilíodh Gaillimh ó Roinn a hAon sa tsraith agus an rud a bhí dóchasach ina dtaispeántas ná gur tháinig scóranna ó áiteanna difriúla ar an pháirc, rud a rinne bainisteoir na foirne Daniel Moynihan tagairt dó ina dhiaidh.

Chas an Mhí agus Ciarraí lena chéile sa bhabhta ceathrú ceannais anuraidh, le Ciarraí ag teacht amach chun cinn 2-8 le 0-10. Bhí bua compordach ag an Ríocht ar an Mhí sa tsraith níos luaithe i mbliana. Is iad Ciarraí buaiteoirí Chraobh na Mumhan i mbliana agus tá mé cinnte go bhfuil siad ag iarraidh dul ar ais ar an lá is mó i bhféilire na mban agus corn Bhrendán Uí Mhairtín a ardú ag an tríú hiarracht. Ba chóir go mbeadh siad ró-mhaith don Mhí.

Is mór an chailliúint í Aimee Mackin d’Ard Mhacha tar éis gur ghortaigh sí a ballnasc croiseach agus í imithe don chuid eile den bhliain. Bhuaigh siad Comórtas na Sraithe níos luaithe i mbliana den chéad uair riamh. Níor chaill siad aon chluiche sna grúpaí agus bhí an bua acu in aghaidh Mhaigh Eo sa tsraith, le Aimee Mackin ag aimsiú 1-5 as 2-9 ar an lá.

Beidh siad mar rogha na n-údar agus cuidíonn buntáiste baile le peileadóirí Ard Mhacha.

Mar sin, tá muid ag teacht chun na babhtaí deireanacha de Chomórtas na mBan fosta le gach foireann ag súil lena n-áit a chinntiú sa bhabhta leathcheannais ar an 20 Iúil i dTulach Mhór.

Tosnóidh na cluichí ceathrú ceannais seachtain ó Dé Sathairn le tuilleadh eolais agus amantaí le fáil ar suíomh idirlín TG4.