RTÉ: Cad atá i ndán don chraoltóir náisiúnta anois?
In this episode of Seachtain we’ll be looking at the latest controversy involving RTÉ – and what it could mean for the broadcasters future. B’éigean do Chathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh éirí as i ndiaidh don Aire Catherine Martin diúltú a rá go raibh muinín aici aisti.
Iar-Cathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh ag imeacht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (PA)
Sa deireadh, ní raibh an dara rogha ag Cathaoirleach RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, ach éirí as.
I ndiaidh don aire atá freagrach as cúrsaí na meán, Catherine Martin (na Glasaigh) diúltú a rá go raibh muinín aici aisti agus í faoi agallamh ar RTÉ féin.
Go bunúsach, tugadh bata agus bóthar do Ní Raghallaigh beo ar an teilifís - d’eisigh sí ráiteas le linn na hoíche chéanna a chuir in iúl go raibh sí chun imeacht.
Ba chor aisteach ar scéal RTÉ tar éis do chraoltóir náisiúnta na hÉireann a bheith sa nuacht go minic le bliain anuas, scannal i ndiaidh scannail.
San eagrán seo, pléann Ciarán Dunbar an scéala is déanaí leis an iriseoir Gráinne Ní Aodha - is the job of RTÉ chairperson now a poisoned chalice?
Seachtain is the Irish Independent’s weekly Irish language podcast.
Join the Irish Independent WhatsApp channel
Stay up to date with all the latest news