Níl a shárú d’éalú ar Bridgerton agus Éireannach sa phríomhról!

Tá neart le foghlaim againn ón tsraith Bridgerton, a deir Colúnaí na Bliana Aedín Ní Thiarnaigh – agus ní hamháin an modh coinníollach!

An Gaillmheach Nicola Coughlan mar Penelope Featherington in Bridgerton

Aedín Ní Thiarnaigh

“B’fhiú go mór daoibh féachaint ar Bridgerton!” a dúirt mé leis an rang Gaeilge os mo chomhair an tseachtain seo caite, agus mé ar mo dhícheall roinnt samplaí úsáideacha den mhodh coinníollach a chur in iúl dóibh.

“Mura dtaitneodh Bridgerton libh… déarfainn go mbeadh sibh leathchraiceáilte!” arsa mise leo, agus béim mhór á leagan agam ar na hathruithe deiridh.

Dá mba úsáideach an abairtín é leis an rang a chur ag gáire agus le beagáinín spraoi a shníomh isteach san ábhar gramadaí, níorbh aon bhréag an méid a bhí á rá agam. Is breá liom Bridgerton. Dáiríre píre – tá mé fiáin aige!

Tá an tsraith go mór i mbéal an phobail arís faoi láthair, dar ndóigh, tar éis do chuid a dó den tríú sraith teacht chuig Netflix an tseachtain seo… faoi dheireadh thiar thall! Bhí orainn roinnt ama a chaitheamh ag fanacht don dara cuid seo, ó tháinig cuid a haon chomh fada linn i lár mhí na Bealtaine.

Tá “Lá Bridgerton” tar éis a bheith ar an bhféilire agam ó shin agus bhí mé ar tinneall le mé féin a chailleadh i ré na leasríochta arís.

Is maith is cuimhin liom nuair a tháinig Bridgerton ar na scáileáin den chéad uair riamh ar Lá Nollag na bliana 2020. Bhíomar an t-am sin fós faoi dhianghlasáil agus an phaindéim ag luí go trom ar ár n-intinn. D’aithin déantóirí Bridgerton an t-éalú a bhí ag teastáil go géar uainn ón gcíor thuathail ag an am, agus ba mhaith a d’fhreastail siad orainn.

Mheall siad muid leis na feistis aoibhne ón tseanré, agus chuir siad idir iontas agus alltacht orainn leis na radharcanna teaspúla collaíochta a tháinig aniar aduaidh orainn! Ag deireadh na sraithe ar fad fágadh muid lenar ár mbéal ar leathadh, ár gcroíthe ardaithe, agus muid ag santú tuilleadh.

Níorbh éasca é teacht sna sála ar shraith a haon, ach níor chlis muintir Bhridgerton orainn i sraith a dó ach an oiread nuair a d’fhill an clár ar na scáileáin in 2022. Tógadh arís muid go domhan aisteach, aoibhinn eile ina mbíonn cúrsaí cleamhnais agus cúlchainte chun tosaigh, agus chaitheamar fad ocht gclár sáite sna scéalta úd…muid beag beann ar chúrsaí an fhíorshaoil, agus muid thuas leis dá bharr.

Má bhí Bridgerton i dtosach ina ábhar sóláis dúinn a bhain ár gcuid airde ó chúrsaí Covid-19, tá sí chomh luachmhar céanna inniu chun ár gcuid airde a bhaint ó chúrsaí reatha.

Idir chogaidh, theacht chun cinn na heite deise agus an ghéarchéim aeráide – d’fhágfadh cúrsaí nuachta an lae inniu duine ar bith in ísle brí. Tá luach níos airde ná riamh mar sin ar an éalúchas a chuireann cláracha amhail Bridgerton ar fáil dúinn.

Níl mé ag rá anois gur ollréiteach é Bridgerton ar fhadhbanna an tsaoil, ach go bhfuil an clár mar a bheadh aló íceach ar dó ann – ag tabhairt faoiseamh sealadach dúinn ó chrá croí agus ó bhuairt.

Tá buntáiste sa bhreis ag Bridgerton 3 do mhuintir na hÉireann agus príomhról anois ag an nGaillmheach Nicola Coughlan sa scéal. Tá Coughlan tar éis dul ó neart go neart ó cuireadh in aithne dúinn í sa scothchlár grinn Derry Girls, agus is í a bhfuil príomhpháirt ‘Penelope Featherington’ aici sa tsraith nua.

Leanann an tsraith is déanaí Penelope mar a théann sí i ngleic le cúrsaí cleamhnais agus le cur i gcéill; í ag iarraidh fear céile a aimsiú di féin a thabharfaidh saoirse di óna máthair agus a deirfiúracha gránna, ach í diongbháilte ag an am céanna chun an alter-ego atá aici, an scríbhneoir scannail ‘Lady Whistledown’, a choinneáil faoi rún.

I gcomparáid le sraitheanna 1 agus 2, déarfainn go mb’fhéidir nach raibh caidreamh chomh tarraingteach céanna idir príomhlánúin na sraithe seo; Penelope Featherington agus Colin Bridgerton. Bhí suim agam sa chaidreamh ceart go leor, ach níor bhraith mé na sceitimíní céanna ná an teaspach céanna sa scéal grá seo agus mar a bhí le feiceáil idir na príomhlánúineacha a d’imigh rompu sna séasúir eile.

Más é sin mar atá áfach, rinne sraith 3 an easpa sin a chúiteamh leis an mbéim mhór a cuireadh ar ghrá de chineál eile – an grá idir cairde agus an croíbhriseadh ar féidir eascairt as an ngrá sin má bhíonn easaontas idir dlúthchairde, mar a tharla i gcás Penelope Featherington agus Eloise Bridgerton. Ba chorraithe agus ba thábhachtaí i bhfad an scéal sin domsa ná an scéal grá, agus ba mhinic mé ag béiceadh leis an teilifís mar a bheadh geamaireacht ann – mé ag impí ar Penelope agus Eloise maithiúnas a thabhairt dá chéile!

Ní déarfaidh mé a thuilleadh ó thaobh plota de ar fhaitíos go scriosfainn an scéal dóibh – ach déarfaidh mé rud amháin eile mar fhocal scoir; pé áthas agus aoibhneas a chuir sraith 3 orm, b’iontaí ar fad an mórtas mór a mhothaigh mé agus mé ag breathnú ar an léiriú cumasach, ilghnéitheach a thug Nicola Coughlan dúinn ar bhean óg ag teacht in inmhe i ndomhan na bhfear.

Mo léirmheas ar Bridgerton mar sin? Níl a shárú d’éalúchas ann – ach amháin Bridgerton, agus bean Éireannach sa phríomhról!