Moladh an Bhéaltriail a thabhairt ar ais don tSraith Shóisearach

An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh

Aedín Ní Thiarnaigh

Tá sé molta go dtabharfaí ar ais an Bhéaltriail don tSraith Shóisearach i dtuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo caite i dTeach Laighean.

Is é Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a d’fhoilsigh an tuarascáil atá dírithe ar na scoláirí a bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga acu sa tSraith Shóisearach.

Bhí 18 moladh ann, ina measc go dtabharfaí ar ais an Bhéaltriail don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach. Tugadh isteach an Bhéaltriail don tSraith Shóisearach in 2017 ach cuireadh deireadh leis arís in 2022.

Agus é ag seoladh na tuarascála sa Dáil, dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Aengus Ó Snodaigh, go raibh an chaipéis bunaithe ar thaighde a rinneadh anuraidh agus go raibh siad tar éis moltaí a fháil ó go leor grúpaí agus ón Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

“Táimid ag iarraidh gurb é an toradh a bheas ann, má thugann an tAire Oideachais éisteacht dúinn, go mbeadh athruithe ann a dhéanfadh cinnte de go mbeadh an toradh is fearr agus is féidir ann ó thaobh na Gaeilge de, go bhfuilimid ag díriú isteach ar dhaltaí chun iarracht a dhéanamh cuidiú leo meas a bheith acu ar an nGaeilge, cur leis an nGaeilge atá acu má tá siad tar éis teacht ó bhunscoil le leibhéal áirithe Gaeilge,” arsa an Teachta Ó Snodaigh.

Dúirt sé freisin go mbeadh siad ag moladh go mbeadh deiseanna ag scoláirí atá ag freastal ar scoileanna ag a bhfuil stádas T2 – is é sin gurb í an Ghaeilge an dara teanga ag scoláirí – tabhairt faoin Ghaeilge ag leibhéal T1 dá mba mhaith leo.

Thug an Teachta Ó Snodaigh “bun-mholadh” ar an moladh go dtabharfaí ar ais an Bhéaltriail don tSraith Shóisearach “chun cuidiú measúnú ceart a dhéanamh ar fhoclaíocht, ar fhoghraíocht agus ar labhairt na Gaeilge. Mura bhfuil an tSraith Shóisearach ag obair, bheadh sé níos deacra dúinn an tSraith Shinsearach a bheith ag obair amach anseo.”

Cé gur gealladh é cúpla bliain ó shin, níl aon rian go fóill ar cháipéis ag leagan amach polasaí maidir le múineadh na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.