Maireann tromluí na hArdteiste ar feadh do shaoil ar fad… tá a fhios agam sin!

Tá barraíocht brú ag baint leis an Ardteistiméireacht – agus bíonn tromluí go fóill ag Colúnaí na Bliana Aedín Ní
Thiarnaigh faoi na scrúduithe damanta sin!

Scoláirí i mbun na hArdteiste

Aedín Ní Thiarnaigh

Bíonn tromluí agam i leith na hArdteiste a fhilleann orm cuíosach minic; mé ar ais ar scoil sa séú bliain agus an Ardteist ag druidim liom – ach ar chúis dhothuigthe éigin tá mé ann den dara huair.

Cuireadh ar an rolla don séú bliain arís mé agus tá mé cláraithe do na scrúduithe an athuair – ach an geábh seo níl mé tar éis aon staidéar a dhéanamh!

Rithim suas síos dorchlaí na scoile, mo chroí ag preabadh in aghaidh mo chléibhe agus fainic aisteach ag bailiú ionam, é ag luí go trom ar m’intinn go dtiocfadh pé torthaí a thiocfadh as na scrúduithe nua in ionad an méid a shaothraigh mé roimhe – an bhliain a ndearna mé an obair mhór!

Fágtar mar sin mé ag rásaíocht timpeall i mo ghealt agus mé ar thóir an phríomhoide leis an scéal truacánta a chur in iúl di, le himpí uirthi gan iallach a chur orm na scrúduithe a dhéanamh an athuair, chun mé a scaoileadh saor, ach ní bhíonn fáil uirthi riamh.

Díreach nuair is léir nach bhfuil aon údar dóchais nó éalú i ndán dom, nuair atáim imithe iomlán le báiní… dúisím – agus scaoilim osna mhór faoisimh asam, táimse a rá leat!

Ní mé an t-aon duine a mbíonn tromluí dá leithéid acu i dtaobh na scrúduithe stáit, ná baol air! Is iomaí duine fásta ar chuala mé iad ag caint ar na brionglóidí gránna a thagann orthu fós faoi na scrúduithe mallaithe úd, fiú agus na blianta fada caite tar éis dóibh cúl a thabhairt leis an scolaíocht.

Tá ról le himirt ag an Ardteist, tá an méid sin cinnte. Ach an gcaithfidh sí a bheith chomh hainnis sin i ndáiríre go bhfágann sí an oiread sin tráma orainn mar phobal?

Don chuid is mó de dhaoine, is í an Ardteist an scrúdú is mó a dtabharfaidh siad faoi riamh. Is rud suntasach é dá bhrí sin, agus luíonn sé le réasún go mbeadh méid áirithe struis ag baint leis, ach feictear dom go dtéann muintir na hÉireann thar fóir ar fad.

Is dóigh gur fáinne fí atá ann – toisc an tráma a d’fhulaingíomar agus a d’fhulaing na glúnta romhainn, tá suim aisteach ag muintir na hÉireann sna scrúduithe stáit. Is cosúil é leis an gcaoi ghránna a bhféachann daoine ar shuíomh timpistí bóthair – is gránna an scéal é, ach ní féidir linn na súile a tharraingt uaidh.

Cén tír eile a mbeadh scrúdú bliantúil do dhéagóirí ar chlúdach gach nuachtáin náisiúnta? Scéalta na scrúduithe i gcló taobh le taobh leis na scéalta nuachta is mó ar domhan agus tubaistí móra an tsaoil? Is ait an nós é amach is amach!

Cuireann sé an iomarca béime ar fad ar an rud, agus cuirtear leis seo a thuilleadh brú ar na créatúir bhochta atá ag tabhairt faoi na scrúduithe féin.

An bhliain a ndearna mise an Ardteist, bhí mo chliabh chomh teann sin le himní nach bhféadfainn mo scamhóga a líonadh i gceart. Thriailfinn ar anáil mhór a tharraingt isteach, ach a luaithe agus a bheadh thart ar leath na scamhóg lán, ní éiríodh liom aon aer eile a thabhairt isteach, ná an faoiseamh a thabharfadh anáil mhór dom a bhraith.

B’in é mar a bhí ó thús deireadh na bliana scoile sin. Níor bhraith mé a leithéid riamh roimhe – ná ina dhiaidh, buíochas le Dia.

Anois, bhí mise staidéarach, róstaidéarach b’fhéidir, agus tá a fhios agam go mb’fhéidir nár fhulaing go leor daoine an brú céanna agus a bhraith mise an bhliain chinniúnach sin.

Bhí ann an t-am sin, agus beidh ann i gcónaí, na sluaite nach gcuireann scrúduithe stáit isteach ná amach orthu, ach de réir mo chuimhnese, bhí strus na bliana sin dochreidte.

Bhí mo mheánscoil an bhliain sin mar a bheadh páirc uisce ann leis an oiread mná óga sa séú bliain a phléascadh amach ag caoineadh chuile lá de bharr strus na scrúduithe!

Is iontach an rud é tabhairt faoi staidéar agus faoi scrúduithe – seasann sé dúinn ar fad tabhairt faoi dhúshlán dá leithéid agus teacht amach ar an taobh eile; ciall cheannaithe agus éacht bainte amach. Is maith mar sin, go bhfuil córas caighdeánaithe ann leis seo a dhéanamh ag leibhéal na hArdteiste, ach is é an trua go bhfuil an córas sin briste.

Ní haon saineolaí oideachais mé, ach ba léir don dall go bhfuil an curaclam Ardteiste i bhfad rómhór agus i bhfad róleathan.

Is míréasúnta an méid eolais é le brú isteach in intinn an duine óig.

Fadhb eile atá chomh holc céanna ná an bhéim amaideach ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair.

Is eol dúinn le fada go mbíonn bealaí foghlama éagsúla ag gach duine, agus go bhfuil go leor cineálacha éagsúla clisteachta ann.

Cén fáth mar sin go bhfuil an seanchóras caite céanna fós i bhfeidhm nach bhfreastalaíonn ach ar dhream cúng amháin?

A dhéanann tástáil ar chineál clisteachta amháin agus a dhéanann faillí mar sin ar na mílte scoláirí nach dtiteann faoin réimse sin?

Tromluí athfhillteach is é an córas damanta ar fad – tá sé in am dúinn dúiseacht!