Lúthchleasaithe réidh don dúshlán sa Róimh

Beidh súile an domhain ar Rhasidat Adeleke agus í ag rith sa Róimh roimh na Cluichí Oilimpeacha

Gráinne McElwain

Feicfear Craobh Lúthchleasaíochta na hEorpa idir an 7 agus 12 Meitheamh sa Róimh san Iodáil, 50 bliain ó bhí an comórtas sa phríomhchathair sin den uair dheireanach.

Tarlaíonn an comórtas gach re bliain, agus ba é München an áit dheireanach ina raibh an comórtas á reáchtáil dhá bhliain ó shin in 2022. Ag an ócáid sin, tháinig 11 churiarracht nua chun cinn sa seacht lá san áit a bhí na Cluichí Oilimpeacha in München in 1972.

Ceann de na buaicphointí a sheas amach ón ócáid sin ná an lúthchleasaí spreagúil as an Ísiltír Femke Bol a bhuaigh an 400m, an cliathrás 400m agus an rás sealaíochta 4 x 400m. Beidh le feiceáil cad iad na buaicphointí móra a bheas amach romhainn ach bí cinnte go mbeidh neart ann.

Dúirt stiúrthóir ard-fheidhmíochta lúthchleasaíochta na hÉireann Paul McNamara: “Cé go bhfuil muid dírithe ar na Cluichí Oilimpeacha i bPáras in 2024, is eachtra an-mhór iad Craobhacha na hEorpa dúinn agus tá muid ag iarraidh cur leis an chlú atá orainn mar náisiún ag na craobhacha móra agus taispeántas ollmhór a chur chun cinn.

“Seo an fhoireann is mó atá curtha againn chuig na craobhacha agus cé go bhfuil méadú tagtha ar an chaighdeán ó thaobh cáiliú de, léirítear an dul chun cinn atá déanta ag ár spórt.”

I measc na lúthchleasaithe a bheas ag dul ann tá Thomas Barr, Ciara Mageean, Mark English agus Sarah Lavin, a bhfuil an babhta ceannais faoi dhíon sroichte aici.

Gan dabht, beidh súile an domhain ar Rhasidat Adeleke a bhfuil cúpla curiarracht náisiúnta aici agus go leor ag súil go bhfaighidh sí bonn ag na Cluichí Oilimpeacha níos moille i mbliana. Shéan sí an 200m a dhéanamh sa Róimh agus í dírithe go hiomlán ar an 400m, le Sharlene Mawdsley agus Sophie Becker ag rith léi agus an triúr roghnaithe chun páirt a ghlacadh sa rás sealaíochta 400m chomh maith.

Tá dul chun cinn iontach déanta ag na foirne sealaíochta le bliain anuas, leis an fhoireann mheasctha 4x400m ag buachaint bonn cré-umha ag rás sealaíochta domhanda sna Bahámaí. Tá ceithre fhoireann rása sealaíochta roghnaithe le cuma na maitheasa arís ar an fhoireann mheasctha 4x400m.

Beidh Ciara Mageean ag glacadh páirt sa rás 1,500m agus beidh bean an Dúin ag iarraidh an comórtas seo a úsáid chun í a réiteach do na Cluichí Oilimpeacha. Ach oiread le Adeleke, tá sí i measc rogha na n-údar chun bonn a chrochadh léi i bPáras.

Chríochnaigh Mageean sa cheathrú háit i gComórtas an Domhain anuraidh agus d’éirigh léi bonn airgid a chrochadh léi i gCluichí na hEorpa dhá bhliain ó shin in München.

Chomh maith leis sin, beidh Sarah Healy ag rith sa rás chéanna, le Andrew Corscoran chun tosaigh i ngeansaí na hÉireann do na fir sa rás 1,500m in éineacht le Nick Griggs. Ar an drochuair do Luke McCann, bhí air tarraingt amach.

Feicfear Brian Fay chun tosaigh sa rás seasmhachta, le Eric Favors ag teacht ar ais ó ghortú chun páirt a ghlacadh sa chaitheamh meáchain. Tá ceithre fhoireann sealaíochta ag dul ann agus den chéad uair, beidh 48 lúthchleasaí i lár an aonaigh, le leithéidí Israel Olatunde agus Phil Healy ag glacadh páirt ann. Chríochnaigh Olatunde sa séú háit in 2022 agus é ag sárú churiarracht náisiúnta na hÉireann ag an am. Beidh sé ag glacadh páirt sa rás sealaíochta chomh maith ach feicfear é ag rith sa 100m Dé hAoine.

Craolfar na cluichí beo ar RTÉ 2 agus is féidir an comórtas uilig a fheiceáil achan lá ag toiseacht Dé hAoine ag a 9.00rn ar an stáisiún.

Guíonn muid achan rath ar na lúthchleasaithe uilig agus gan dabht, is scrúdú mór a bheas ann dóibh agus iad ag iarraidh a bheith réidh do na Cluichí Oilimpeacha i bPáras a thosóidh ar an 26 Iúil.

Seo an chéad chéim chun dul in aghaidh na lúthchleasaithe is fearr san Eoraip. Tiocfaidh an deis casadh leis na lúthchleasaithe is fearr ar domhan go luath ach nach mbeidh sé iontach bonn agus taispeántas maith a thochailt amach ar an chéad dul síos?