‘Is teanga iontach í an Ghaeilge don mhiotal trom’

Corr Mhóna ar stáitse

Tá an t-albam nua Abhainn ar fáil ar chaiséad

Corr Mhóna

thumbnail: Corr Mhóna ar stáitse
thumbnail: Tá an t-albam nua Abhainn ar fáil ar chaiséad
thumbnail: Corr Mhóna
Neil Ó Briain

Tá Corr Mhóna, banna as iarthar Chorcaí, ag treabhadh leo i gcónaí chun ceol miotail a chur chun cinn as Gaeilge.

Agus iad ar an bhfód ó 2009, d’fhógair siad le déanaí go bhfuil Abhainn, an dara halbam uathu, ar fáil anois ar théip. Fiadh Productions, atá lonnaithe i Nua-Eabhrac, a tháirg é.

Cé gur minic a cheaptar gur meán marbh é an caiséad sa bhliain 2024, ní mar a shíltear a bhítear. Tá sé seo fíor go háirithe i saol an mhiotail agus aiséirí na meán fisiceach faoi lánseol sa tseánra faoi láthair.

Tugann sé seo deis do dhaoine tacaíocht a léiriú do bhannaí agus rud éigin fisiceach a fháil óna gcuid airgid ar shlí nach bhfaightear ó na hardáin sruthaithe ná díolacháin dhigiteacha.

Labhair Paul Quinn, giotáraí agus amhránaí sa bhanna, faoin eisiúint nua agus faoin bpróiseas a bhí laistiar de.

Dúirt sé: “Tá na ceirníní an-choitianta anois agus tá an ghluaiseacht sin ag méadú le blianta anuas. Le lucht leanúna an mhiotail throm, tá an rud céanna le feiceáil.

“Le déanaí, tá an téip ag dul níos láidre agus níl sé ait téip a bheith seolta ag bannaí miotail. Is sár-lipéad é Fiadh Productions agus is breá leo gach rud Gaeilge, nádúrtha agus Ceilteach.”

Is ainm seánra uileghabhálach é an miotal agus tá éagsúlacht shuntasach le cloisteáil i gceol Chorr Mhóna a tharraingíonn ó fhostíleanna an mhiotail chomh maith le seánraí eile nach iad.

Leis an méid éagsúlachta atá le fáil thar dhá albam agus dhá EP, ní haon iontas é gur deacair le Quinn seánra amháin a phiocadh amach mar mhíniú ar an mbanna.

Dúirt sé: “Níl sé éasca cur síos a dhéanamh ar ár stíl cheoil chun an fhírinne a rá. Tá miotal ar nós Black (Enslaved mar shampla), Death (ar nós stíl as an tSualainn go mórmhór) agus Doom (gach rud as na nóchaidí) á thaispeáint i gceol Chorr Mhóna.

“Ach ag an am céanna, tá a lán tionchair ann chomh maith as go leor saghsanna ceoil. Is breá linn ceol clasaiceach (Holst, Prokofiev), ceol traidisiúnta (Planxty, Moving Hearts), ceol an domhain (ar nós Dead Can Dance) agus OST as físchluichí nó scannáin.”

Tugann sé seo léargas ar chur chuige an bhanna nach bhfuil eagla orthu gnéithe as stíleanna eile a chur ag obair dá bhfuaim féin – “más fiú é an port nó riff, tagann sé isteach, ná bac leis an stíl!” ar seisean.

Má tá siad oscailte do stíleanna ar bith ina gcuid ceoil, bhí siad daingean ón tús faoi chloí leis an nGaeilge. Tháinig an cinneadh seo as an mbród agus suim atá acu sa teanga agus i seanchultúr Éireannach agus Ceilteach.

Dúirt Quinn: “Is breá linn conas a bhíonn bannaí as tíortha eile ag seinm a gcuid ceoil ina dteanga féin, agus do bhí an smaoineamh againn an rud céanna a dhéanamh. Is teanga iontach í don mhiotal trom – tá tú in ann an rud soiléir nó doiléir, an modh suaimhneach nó feargach a rá trí Ghaeilge!”

Is cosúil gurbh é an cinneadh ceart a rinne siad agus aiseolas dearfach amháin faighte acu ó shin: “Ón am a thosaíomar ag déanamh ár n-ealaíon as Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann, ní raibh aon fhreagra ó dhaoine air ach meas agus grá. Is breá le leantóirí miotail throm go mórmhór a bheith ag éisteacht le miotal as Gaeilge.”

Ceathrar atá i gCorr Mhóna agus dhá phéire deartháireacha atá iontu. Murab ionann agus roinnt bannaí eile cáiliúla a bhfuil deartháireacha bainteach leo agus teannas iontu dá bharr (tá sé 30 bliain i mbliana ó d’eisigh Oasis an chéad albam Definitely Maybe, mar eolas!), is ar leas an bhanna seo atá an gaol eatarthu féin.

“Bhíomar ag dul amach go ceolchoirmeacha ar feadh na mblianta agus do bhíomar ag seinm le chéile, ach ag seinm covers de ghnáth. So tá an-chairdeas againn agus is dlúthchairde agus deartháireacha muid, ní bhíonn aon choimhlint ná trioblóid ann de ghnáth!

“Ag an am céanna, tá an t-atmaisféar saghas difriúil le bannaí eile a rabhamar páirteach leo. Is rud an-chorraitheach é nuair a thosaímid ag seinm ar an stáitse!”

Ar ais go Abhainn, tá an banna breá sásta leis an toradh, agus coincheap na n-aibhneacha fite fuaite san albam.

“Tá an feacht san albam ar nós abhainn ag dul ó fhoinse go muir, tá a lán ceol tapaidh ar dtús (An Bhearú, An Laoi), agus poirt níos moille ag deireadh an albaim (An tSionainn, An tSuláin). Tá na scéalta faoi gach abhainn frithchaite sna liricí chomh maith.

“Tá go leor seachghlórtha nádúrtha le cloisteáil ar Abhainn agus bhí siad taifeadta go mórmhór amach faoin tuath lenár micreafón Zoom.”

Tá Abhainn ar fáil ar dhlúthdhiosca agus go digiteach ó corrmhonaband.bandcamp.com, agus an téip nua ar fáil go díreach ó Fiadh Productions ar fiadh.bandcamp.com/album/abhainn.