Is breá liom sult a bhaint as deasghnátha an Daingin

Éalaíonn Colúnaí na Bliana Aedín Ní Thiarnaigh ó Inis Meáin ar feadh tamaill – chuig áit níos draíochtúla fós!

An Café Liteartha i nDaingean Uí Chúis

Na suaitheantais lámhdhéanta Ghaeilge atá ar díol sa Café Liteartha

thumbnail: An Café Liteartha i nDaingean Uí Chúis
thumbnail: Na suaitheantais lámhdhéanta Ghaeilge atá ar díol sa Café Liteartha
Aedín Ní Thiarnaigh

Bíonn an t-ádh dearg liom, agus mé ag obair in earnáil na Gaeilge, go mbíonn deis agam cúpla uair sa bhliain sciuird a thabhairt ar Dhaingean Uí Chúis agus ar leithinis aoibhinn Chorca Dhuibhne. Is beag áit sa tír atá níos áille ná an leithinis dhraíochtúil úd – agus sin ag teacht ó bhean a bhfuil cónaí uirthi in Inis Meáin!

Téann fiántas na leithinse agus na radharcanna aoibhne amach ón gcósta go mór i bhfeidhm orm agus mothaím faoiseamh aisteach do mo bhualadh i gcónaí nuair a bhím ar an taobh sin tíre. Is cuma mé a bheith i mBaile an Daingin é féin ag baint taitnimh as bús na siopaí nó níos faide siar amach i nDún Chaoin ag breathnú amach ar an bhfear marbh – cuireann gach ceann acu ola agus aoibhneas ar mo chroí.

Thapaigh mé deis an tseachtain seo chun filleadh ar an gceantar úd agus mé ar bís le trí lá a chaitheamh i mbun oibre i gcomhpháirt le hOidhreacht Chorca Dhuibhne – eagraíocht a bhfuil obair na gcapall ar siúl aici ag cur na Gaeilge chun cinn le breis agus 40 bliain.

Ó leaindeáil mé i mBaile an Daingin agus ó mhúch mé ineall an chairr, bean ar misean a bhí ionam. Bhí roinnt cúraimí le cur i gcrích agam i leith na hoibre dar ndóigh, ach bhí liosta eile ‘le déanamh’ agam thairis sin de na rudaí beaga deasa a dhéanaim gach aon uair a bhím sa cheantar.

Táim ag tabhairt cuairt ar Bhaile an Daingin le deich mbliana anois, agus na nithe ar mo liosta mar a bheadh deasghnátha ann dom anois. Ó bainim an áit amach, bíonn siad i gcúl mo chloiginn i gcónaí agus mé ag tnúth go mór le tabhairt fúthu.

Ar an gcéad dul síos, ní féidir liom gan bualadh isteach ag na siopaí bronntanas. Tá sé chomh simplí leis sin. Ní féidir liom.

Bíonn siad ag cur cogar i mo chluas ag iarraidh mé a mhealladh mar a shiúlaim tharstu, ag impí orm bualadh isteach agus lán mo shúl a bhaint as na giuirléidí beaga aoibhne laistigh! Bíonn nithe galánta ar fáil sna siopa ar an mbaile, iad ar ardchaighdeán agus é deacair teacht ar a leithéid in áiteanna eile. Cén dochar, mar sin, beagán siopadóireacht sóláis a dhéanamh?

Ní fios cén t-airgead atá caite agam i mBaile an Daingin i gcaitheamh na mblianta ar gach aon saghas ruda ó mheascán mearaí go healaín gloine daite. Ach más mór an méid airgid atá caite, an t-aon aiféala a bhíonn orm ina thaobh, ná na rudaí nár cheannaigh mé!

Bíonn sé mar sprioc agam cuairt a thabhairt ar an gCaifé Liteartha i gcónaí freisin; an siopa leabhar Gaeilge ar cheann de chúlbhealaí deasa an bhaile, Sráid na Dadhgaide. Má bhíonn uaireanta oscailte an tsiopa chomh cruthaitheach céanna le roinnt de na húrscéalta a bhíonn ar díol ann – is fiú an fanacht!

Cuireann sé gliondar orm seal a chaitheamh ag siúl timpeall an tsiopa, ag déanamh iontais den iliomad ábhar saibhir Gaeilge a bhíonn ar fáil ann, agus mé ag brionglóideach go mbeidh saothar do mo chuid féin le feiceáil ar na seilfeanna lá éigin amach anseo.

Déanaim cinnte rud éigin a cheannach i gcónaí, fiú más rud beag é, chun tacú leis an ngnó Gaeltachta seo.

Má tá mé ag iarraidh go mbeidh mo shaothar ar an tseilf ann lá amháin, caithfidh mé a chinntiú go bhfanfaidh siad ag trádáil le linn an achair a dtógfaidh sé orm é a scríobh! An uair seo, thóg mé liom cupán caife agus roinnt suaitheantais lámhdhéanta a raibh nathanna deasa Gaeilge orthu.

Níl aon dabht im intinn faoin áit is ansa liom ar fad ar an mbaile áfach agus sin iad Gairdíní an Dísirt. Suite ar thalamh an ionaid spioradáltachta in aice le hEaglais Naomh Muire, is tearmann ciúin iad na gairdíní ó bhús an bhaile, scartha amach ón ngleo ag ballaí cloiche agus crainn mhóra dhuillsilteacha. Ní luaithe a shiúlaim isteach an geata ach go gciúnaíonn m’intinn agus go mothaím strus an lae do m’fhágáil.

Tá na gairdíní deartha go tarraingteach ar an stíl Cheilteach agus meascán mealltach d’fhiántas agus de gharraíodóireacht shlachtmhar ann. Is iomaí cosán casta le siúl, chomh maith le háirsí gleoite a nascann na gairdíní éagsúla lena chéile.

Tá binsí ealaíonta adhmaid scaipthe timpeall na háite chomh maith atá foirfe ar fad le suí orthu agus tamall a chaitheamh i mbun machnaimh – nó éanbhreathnóireacht, mar a rinne mé féin ar an turas ba dhéanaí chun na gairdíní.

Bhí obair an lae curtha díom, binse compordach fúm agus ní raibh de chúram agam ach a bheith ag éisteacht le siosarnach na gaoithe trí dhuilleoga na gcrann agus taitneamh a bhaint as an meantán gorm a bhí ag princeam os mo chomhair.

N’fheadar an raibh mé i mBaile an Daingin – nó sna flaithis!