Ionsaí ar 133 comhartha dátheangach sa Tuaisceart

Comhartha dátheangach scriosta i bhFear Manach

Anton Mac Cába

Rinneadh damáiste do 133 comhartha dátheangacha bóthair sa Tuaisceart – ach níor ciontaíodh oiread agus duine amháin, a d’fhoghlaim Seachtain.

Tá méadú ag teacht ar na hionsaithe de réir mar atá níos mó comharthaí dátheangacha á gcur in airde ag comhairlí áitiúla.

I mBéal Feirste, mar shampla, cuireadh na céadta comharthaí dátheangacha in airde le bliain anuas faoi riail úr nach bhfuil de dhíth ach 15% de phobal na sráide a bheith á n-iarraidh.

Ach d’admhaigh Aire Dlí agus Cirt an Tuaiscirt, Naomi Long, nár ciontaíodh ná nár gearradh pionós ar dhuine ar bith mar gheall ar na hionsaithe. Ag freagairt na ceiste a chuir an Comhalta Tionóil Patsaí Mac Giolla Eoin ag Stormont, dúirt an tAire Long nach bhfuil “a leithéidí de choir faoi leith ann agus dochar a dhéanamh do chomhartha dátheangach bóthair”.

Dúirt sí nár ciontaíodh duine ar bith as sin a dhéanamh le 18 mí anuas.

I gceantar Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin is measa an loitiméireacht. Dúirt urlabhraí thar ceann na comhairle gur cuireadh 19 gcomhartha dhátheangacha in airde ar phríomhbhóithre agus gur tharla 47 eachtra loitiméireachta orthu.

I gceantar Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí, tharla 30 eachtra loitiméireachta ar 25 comhartha in imeacht 11 mhí.

De réir Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, rinneadh loitiméireacht ar sheacht gcomhartha le dhá bhliain anuas. De réir Chomhairle Ceantair Láir Uladh, tharla 69 eachtraí loitiméireacht in imeacht bliana.

Dúirt an Comhalta Mac Giolla Eoin gur chuir freagra an Aire an-imní air.

“Tá an oiread sin dochair déanta agus tá na costaisí ann chun na comharthaí a dheisiú,” ar seisean. “Is léir nach bhfuil na húdaráis ag tabhairt go leor airde ar na hionsaithe seo, go háirithe na póilíní.”