Immigration and deportation: Cad é ‘Scéim Ruanda’ na Breataine agus cén bhaint atá aige le hÉirinn?

This episode of Seachtain looks at the UK’s Rwanda Act, Rwanda as a country, and how Britain’s immigration laws could be affecting Ireland.

01/05/2024 Mount Street in Dublin this morning . Pic Stephen Collins/ Collins Photos

Tá teannas polaitiúil idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe arís is é cúrsaí inimirce is cúis leis.

Maíonn rialtas na hÉireann go bhfuil an-chuid iarrthóirí tearmainn ag teacht isteach sa stát thar an teorainn agus go bhfuil an ceart ag Éirinn iad a chur ar ais arís.

Tá rialtas na Breataine ag rá nach nglacfaidh siad leo agus gur fianaise é seo go bhfuil ‘Scéim Ruanda’ ag feidhmiú go maith.

Faoin scéim, tá sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe ‘imircigh mhídhleathacha’ agus iarrthóirí tearmainn a chur chuig Ruanda, in oirthear na hAfraice.

· Cé chomh heiticiúil is atá an ‘Rwanda Act’?

· An tír sábháilte í Ruanda leis na daoine seo a chur ann ar chor ar bith?

· Agus cén tionchar a bheas aige uile go léir seo ar Éirinn amach anseo?

In éineacht le Ciarán Dunbar, tá an tráchtaire polaitíochta Ursula Ní Shabhaois agus an t-iriseoir Amy Ní Riada, atá lonnaithe i gCéinia.

Some words you might find useful:

Mídhleathach - illegal

Ag lorg tearmann – seeking asylum

Teifigh – refugees

Dídeanaí - refugees

Bagairt - threat

Díspreagadh - deter

Inimirce - immigration

Dodhéanta - impossible

Ualach - burden

céasadh intinne – mental torture

Deachtóir - dictator

Daonlathach – democratic

Is leochailí - most vulnerable

An Chúirt Uachtarach - Supreme Court

Cinedhíothú - Genocide

Treibheanna - Tribes