I mbéal an phobail lena n-albam úr: Kneecap faoi agallamh san ardchathair

Kneecap i Londain

Roibeard Mac Maoláin

Tá cáil ar Kneecap ar fud an domhain anois agus a gcéad albam eisithe acu – agus beidh laochra hip hap na nGael ag labhairt faoi i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.

Beidh seisiún comhrá idir an staraí Donal Fallon agus baill Kneecap i siopa ceirnín Tower Records ar Shráid Dawson sa phríomhchathair agus an t-albam úr Fine Art faoi chaibidil acu Dé hAoine ag 7pm.

“Comhrá a bheidh ann idir muid féin agus Donal faoin albam agus faoi na daoine a raibh baint acu leis agus faoin dóigh nár tharla a leithéid riamh roimhe sa Ghaeilge,” arsa Móglaí Bap le Seachtain.

“Bhíodh Donal ina chónaí i mBéal Feirste nuair a bhí sé ag staidéar, mar sin de tuigeann sé a bhfuil ag titim amach anseo go maith.

“Is cara mór le Kneecap é Donal agus is fans móra muidinne dá phodchraoladh, Three Castles Burning, mar sin de, ba cheart go mbeadh craic mhaith ann,” ar sé.

Cé nach mbeidh an banna ag seinm le linn na hócáide, tá sé díolta amach cheana féin ag daoine a cheannaigh an t-albam roimh an tseoladh oifigiúil

Idir an dá linn, tá moladh á fháil ag Fine Art fud fad na cruinne agus ar líne chomh maith.

Measann an iris mór le rá Rolling Stone go bhfuil sé de rún ag Kneecap cur isteach ar an domhan – agus é a aontú ag an am chéanna.

Thug an iris cheoil is clúití sa Bhreatain, an NME, cúig réalta do Fine Art ag cur síos air mar “fhilíocht ar bhalla an leithris i rith oíche ar an drabhlás”.

“Cruthaíonn Fine Art an rap Gaeilge as an úr,” an dearcadh atá ag DIY Magazine mar sin de, tá Móglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin) ar bís faoi na léirmheasanna atá á bhfáil ag an chéad albam uathu.

“Tá sé dochreidte,” ar sé. “Fuair muid cúig réalt as cúig inné agus tá súil go bhfeicfidh muid an t-albam ag éirí go hard sna cairteanna.”

Agus mura raibh rud ar bith eile, tá cúpla mionrud idir lámha ag Móglaí Bap, DJ Provaí agus Mo Chara.

Tá an triúr ag ullmhú don fhéile chlúiteach cheoil Glastonbury a bheidh ar siúl idir an 26-30 Meitheamh.

Ach ní hiad Kneecap an t-aon seó amháin ina mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil le linn Glastonbury.

Beidh siad ag seinm ar an Satharn, ach an oíche roimhe, oíche Aoine, beidh Moya Brennan, “glór Chlannad”, ag seinm ar an ardán Croissant Neuf.

Ó Chlannad go Kneecap – turas saoithiúil na hamhránaíochta Gaeilge!

Anuas air sin, tá an scannán Kneecap le teacht amach i mí Lúnasa, tá turas ar Shasana agus ar Albain ina dhiaidh sin agus beidh siad ag seinm i Leitir Ceanainn, Gaillimh agus Maidrid anuas ar ghigeanna i gCill Airne agus trí oíche in Vicar Street i mí Dheireadh Fómhair.