Grian, comhluadar agus ceol... dorn san aer d’Fhéile na Gealaí

Beirt ag Féile na Gealaí

Grooveline

Na sluaite ag baint sult as Féile na Gaelaí i Ráth Chairn glas na Mí agus Jiggy ar an stáitse ag an deireadh seachtaine

thumbnail: Beirt ag Féile na Gealaí
thumbnail: Grooveline
thumbnail: Na sluaite ag baint sult as Féile na Gaelaí i Ráth Chairn glas na Mí agus Jiggy ar an stáitse ag an deireadh seachtaine
Róisín Ní Mhaoláin

I rith an deiridh seachtaine tháinig na sluaite le chéile chun tús ceart a chur le samhradh na nGael i nGaeltacht Ráth Chairn.

Bhí na céadta daoine cruinnithe le chéile don chomhluadar, don spraoi, don ghrian agus an ní is tábhachtaí, don cheol. Nach méanar dúinn a bheith i láthair ag Féile na Gealaí?

Dóibh siúd nach bhfuil ar an eolas faoi, bunaíodh Féile na Gealaí sa bhliain 2016. Faoi stiúir a coiste dhíograisigh, tá an fhéile tar éis fás as cuimse a dhéanamh ó shin agus bíonn éileamh ollmhór ar thicéid don fhéile anois.

Is léir go mbíonn cuid mhór dúinn ag faire ar Oireachtas na Samhna go bhfeicfidh muid seanchairde agus cairde nua ach is deis iontach í seo chun ócáid bhreise a bheith ag daoine chun casadh ar a chéile. Is léir go mbíonn lear mór oibre ar siúl ag an lucht eagrúcháin agus ag muintir na háite agus cuirtear fáilte roimh chách don deireadh seachtaine.

Bhí éagsúlacht iontach le feiceáil idir an Tí-Pí agus an príomhstáitse ag an bhféile i mbliana. I gcaitheamh na mblianta, thug Féile na Gealaí deiseanna do ghrúpaí nach raibh aon aithne orthu ag an am ach atá mór le rá sa lá atá inniu ann.

Mar shampla, bhí Kneecap le feiceáil ar stáitse cúpla uair le blianta beaga anuas agus anois beidh siad ina réaltaí scáileáin lena scannán nua. Chomh maith leis sin, bhí Róisín Seoighe agus IMLÉ le feiceáil ag Féile na Gealaí agus anois bíonn siad le cloisteáil ar an gclár úrnua atá ar Netflix, Bodkin.

I mbliana, agus an áit dubh le daoine, bhí lúcháir orainn dhá lá a chaitheamh amuigh faoin ngrian ag éisteacht le scoth na gceoltóirí agus blaiseadh a fháil de phíosaí éagsúla ealaíne. Bhí éagsúlacht iontach ann le ceol nua ó ghrúpaí ar nós Grooveline agus bhí sult le baint as na hamhráin a bhfuil muid i ngrá leo le fada ar nós Na Fíréin.

Dé hAoine sa Tí-Pí, bhí Raidió Fáilte agus Raidió na Life ag craoladh beo ar stáitse ag tús an lae le seit DJ Cúán agus James. Dé Sathairn, bhí Podchraoladh na Gaelgals, Seó Bród le Sexy Tadhg, Tadhg Hickey agus Sully agus neart eile ar bun. Bhí rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus ba léir gur bhain lucht na Féile ar fad taitneamh as.

Ar an bpríomhstáitse i mbliana bhí The Bonnymen, Grooveline, Cuas, Jiggy, Na Shanvans, Na Fíréin agus go leor eile nach iad.

Ní hamháin go raibh an chraic ar an bpríomhardán agus sa Tí-Pí, bhí Supercéilí agus Joe Jack Attack lán fuinnimh ar stáitse sa Bhradán Feasa atá béal dorais. Ina theannta sin, bhí Oireachtas na Gealaí ar chúl an tí le haghaidh blaiseadh den eispéireas a bhíonn le feiceáil faoi Shamhain a thabhairt go croí-lár Ghaeltacht na Mí.

Faraor, bhí duine amháin in easnamh i mbliana agus ba léir go raibh an-tionchar aige sin ar fhormhór na ndaoine. Luadh Rónán Mac Aodha Bhuí go mion minic i rith an deiridh seachtaine agus bhí píosa ealaíne den chraoltóir le feiceáil agus tú ar do bhealach isteach go láthair na féile.

Ceann de na buaicphointí i mbliana ná gach duine ag damhsa le chéile, mar aon phobal amháin. Nach é Rónán a bheadh bródúil asainn. Dorn san aer.