Gráinne McElwain: Léirigh ár laochra an tseachtain seo nár chaill 
siad misneach riamh

Chris O’Donnell, Rhasidat Adeleki, Sharlene Mawdsley agus Thomas Barr tar éis a mbua i rás sealaíochta 4x400m sa Róimh

Gráinne McElwain

In amantaí leis an oiread sin gruaime agus rudaí gránna atá ag tarlú sa saol, déanann muid dearmad go bhfuil rudaí iontacha ag tarlú chomh maith.

Nach mór an phribhléid é go bhfuil muid beo le bheith páirteach i rudaí atá aisteach agus iontach agus ábalta féachaint ar mhórimeachtaí spreagúla timpeall orainn? Bím ag rá go minic go spreagann spórt muid agus tugann sé faoiseamh dúinn ó na fadhbanna atá ag dul ar aghaidh inár saol ar feadh seala.

Sin a tharla leis an éacht atá déanta ag na lúthchleasaithe dochreidte a bhí ag glacadh páirt i gCraobh Lúthchleasaíochta na hEorpa sa Róimh.

D’éirigh le foireann na hÉireann i rás sealaíochta 4x400m bonn óir a aimsiú den chéad uair riamh, le Chris O’Donnell, Rhashidat Adeleke, Thomas Barr agus Sharlene Mawdsley ag cur a n-ainmneacha sna leabhair staire. Rith siad thar barr agus bhí muid uilig ag béiceadh ar an scáileán nuair a rinne Sharlene an cinneadh rith chun tosaigh ar Charlie Carvell as an Bheilg agus an rás a bhuachan dá tír.

Ní fheiceann muid an méid oibre agus íobairtí a dhéanann lúthchleasaithe agus an dóigh a mbíonn siad ag déileáil le laethanta nuair nach bhfuil rudaí ag dul go maith dóibh agus iad thuas agus thíos seal go leor. Ach gan dabht, tugann an bua sin spreagadh mór dóibh agus na Cluichí Oilimpeacha ag teannadh linn agus ba léir an bród a bhí orthu agus Amhrán na bhFiann á cheol ag an bhronnadh. Oíche speisialta.

Ní hamháin gur bhuaigh foireann na hÉireann bonn óir sa rás sin ach bronnadh an bonn óir ar Ciara Mageean tar éis gur rith sí rás den scoth chun an teideal seaimpín na hEorpa a chrochadh léi den chéad uair sa rás 1,500m.

Is aoibhinn liom éisteacht le Ciara ag caint mar go bhfuil sí chomh hionraic agus nádúrtha. Ní chuireann sí i bhfolach go mbíonn sí neirbhíseach agus go mbíonn sí ag streachailt le néaróga a chur faoi smacht. Luaigh sí san agallamh le David Gillick ar RTÉ i ndiaidh an ráis go raibh drochlaethanta aici ag an leibhéal sin cheana nuair nár rith sí chomh maith agus is féidir léi a rith.

Ach bhí an lá léi agus nach bhfuil sé iontach di gur tháinig sé? Is mar gheall ar an obair chrua agus an teacht aniar ó dhíomá agus na drochlaethanta a d’fhoghlaim sí uathu go bhfuil an bonn óir aici anois. Comhghairdeas mór leo uilig. Tá muid uilig iontach bródúil astu.

Bíonn spórt cruálach mar is eol dúinn agus don Chlár a bhí ag cuartú Craobh Iomána na Mumhan den chéad uair le 26 bliain, beidh siad ag ceistiú cén uair a bheas an lá leo. Ar an drochuair dóibh, tá siad in aghaidh ceann de na foirne is fearr riamh i stair an chluiche.

Bhuaigh Luimneach Craobh na Mumhan den séú huair as a chéile, rud nach bhfuil déanta ag aon fhoireann eile riamh. Ní bheidh mórán ag dul ina n-aghaidh chun stair a chruthú arís an mhí seo chugainn. Rinne foireann iontach as Cill Chainnigh iarracht cúig cinn as a chéile a bhaint in 2010 ach stop Tiobraid Árann iad. Beidh le feiceáil an mbeidh na Cait nó foireann eile in ann stop a chur le sodar Luimnigh.

Beidh aiféala ar an Chlár nár thapaigh siad na deiseanna a chruthaigh siad. Sin an rud faoi chailliúint agus tá sé mar an gcéanna sa tsaol nuair nach bhfuil rudaí ag rith leat, bíonn muid dian orainn féin. Tosnaíonn tú ag smaoineamh faoi na rudaí nach ndearna tú nó nach ndúirt tú agus ar na rudaí a mba chóir a bheith déanta agat.

Bíonn sé deacair an cinneadh ceart a thógáil ag an am cheart agus tagann an cruinneas agus an ghuaim sin le taithí.

Caithfidh tú na deiseanna a thapú, áfach, nuair atá siad os do chomhair. Tuigeann an Clár sin ar maidin ach is mar gheall ar an taithí agus na drochlaethanta a tharla do Chiara go raibh sí in ann an deis a thapú nuair a chonaic sí é.

Ábhar dóchais don Chlár agus dúinn uilig.