Gráinne McElwain: Guímid gach rath ar Rory... beidh lá eile ag an bPaorach

Rory McIlroy ag fulaint in Pinehurst

Gráinne McElwain

Bhí díomá an domhain ar Rory McIlroy ag an deireadh seachtaine nuair a chaill sé amach ar an chomórtas US PGA a bhaint ag an pholl dheireanach.

Bhí sé chun cinn agus cúig pholl le himirt aige. Rinne sé trí bhógaí sna ceithre pholl dheireanacha agus nuair a theip air an t-amas a aimsiú ag an 18ú poll, lig sé do Bryson DeChambeau an bua a thochailt amach uaidh. Briseadh croí do Rory agus leanann a aistear ar aghaidh ag iarraidh a chúigiú comórtas oscailte a bhaint.

Ní raibh i bhfad ina dhiaidh sin gur thosaigh an chaint sna grúpaí WhatsApp faoi Rory agus an teip ghlan a tharla dó. Ba léir chomh maith ar na meáin shóisialta cé chomh cruálach is féidir le daoine a bheith.

Chonaic mé fiú pictiúr dó i ngeansaí Mhaigh Eo, leis an impleacht go bhfuil McIlroy cosúil le Maigh Eo. – tá sé in ann dul chomh fada leis an lá mhór ach níl sé in ann an bua a fháil.

An rud is measa faoi thaispeántas Rory ná cé chomh maith is a bhí sé ag imirt in Pinehurst ach ar an drochuair, níor ghlac sé an deis. Rinne sé gach rud ceart go dtí go bhfaca sé an líne bhuacach agus ansin rinne sé gach rud mícheart.

Is rí-thábhachtach é meon láidir a bheith ag imreoirí spóirt agus lúthchleasaithe.

Beidh na síceolaithe spóirt ag déanamh anailís ar cad a tharla do Rory. Ach is dócha nuair ba ghá dó an taispeántas is fearr a chur chun cinn ag an am chinniúnach, nach raibh sé in ann.

Sin an rud faoi bhrú. Is féidir le brú cur isteach ort ar bhealaí difriúla agus nuair a smaoiníonn tú an bharraíocht faoi, déanann sé dochar don díriú atá agat ar do chluiche.

Cuirtear faoi ndeara i gcónaí d’imreoirí spóirt díriú ar an struchtúr agus ar an bhealach a dhéanann tú rudaí. Mar shampla, más imreoir sacair thú, bí ag samhlú cén áit a chuirtear an liathróid, cé mhéad céimeanna a thógfaidh tú roimh dhul suas agus cic éirice a thógáil, cén áit a fheicfidh tú an liathróid ag dul isteach.

Is ar an phróiseas a bhíonn tú ag smaoineamh agus ní ar na drochrudaí a tharla cheana nuair a bhí tú sa bhád chéanna. Mar shampla, gan a bheith ag smaoineamh ar na cailliúintí a tharla cheana nó na seansanna a chuir tú amú. Má thosnaíonn tú ag smaoineamh air sin, cruthaíonn siad deacrachtaí duit.

Ach tá sé seo go hiomlán ar eolas ar Rory. Tá sé furasta na rudaí seo a rá ach nuair a thagann an brú, bíonn sé deacair déileáil leis.

D’éirigh le Rory ceithre chomórtas Oscailte a bhaint roimh 25 bliain d’aois. De réir mar atá tú ag dul in aois, tá tuiscint níos fearr agat ar cé chomh deacair is atá sé comórtais mar seo a chrochadh leat agus fiú nach dtagann na deiseanna timpeall ró-mhinic ach an oiread. Fanann sin leat.

Dúirt an laoch Dermot Earley a d’imir le Ros Comáin agus a chaill in aghaidh Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann in 1980: “Bhí an imní faoi bheith ag cailliúint níos treise ná an mhian go mbuafaí.”

Tá mé cinnte go raibh cúpla lá díomách ag Rory ach sin rud do mhuintir spóirt, caithfidh siad an chailliúint a chur ar leataobh agus díriú ar an chéad chomórtas eile. Beidh Rory ag glacadh páirt sa Chraobhchomórtas Oscailte in Albain i lár mhí Iúil agus obair shíceolaíochta le déanamh aige idir an dá linn.

Beidh súil aige an chéad uair eile go dtapóidh sé an deis. Neosfaidh an aimsir agus guíonn muid gach rath air.