Gráinne McElwain: Fanfaidh tráchtaireacht agus an dóigh ar chuir Micheál Ó Muircheartaigh síos ar imreoirí i mbéal an phobail go deo

Deir an t-iriseoir spóirt Gráinne McElwain gur thóg na scéalta a chum Micheál ar an raidió go háit dhifriúil muid, rud nach bhfuil an teilifís in ann a dhéanamh

Gráinne le Micheál i bPáirc an Chrócaigh

Gráinne McElwain

Cailleadh Micheál Ó Muircheartaigh, an tráchtaire aitheanta CLG agus duine de laochra móra an spóirt, Dé Máirt ag aois 93 bliain d’aois. Ó gach cearn den domhan, tháinig go leor teachtaireachtaí ómóis isteach i gcuimhne air agus ní áibhéil a rá nach mbeidh a leithéid ann arís.

Rugadh é i nDún Síon in aice le Daingean Uí Chúis in 1930 agus cé gur bhog sé go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé ocht mbliana déag d’aois chun freastal ar Choláiste Phádraig le dul faoi oiliúint mar mhúinteoir, níor chaill sé riamh an grá ná an dílseacht dá chontae dúchais.