Gráinne McElwain: Cad atá ag tarlú le Doire?

Lachlan Murray ó Dhoire sa chluiche in aghaidh Ard Mhacha

Gráinne McElwain

Ní hé sin an toradh a raibh aon duine ag súil leis ag an deireadh seachtaine nuair a chaill Doire 3-17 le 0-15 in aghaidh Ard Mhacha i mbabhta a dó de Chraobh na hÉireann.

Anuraidh ghéill Doire naoi gcúl i naoi gcluiche sa chraobh. I mbliana tá naoi gcúl géillte acu le trí chluiche anuas: 4-11 in aghaidh Dhún na nGall, 2-15 i gcoinne na Gaillimhe agus 3-17 in éadan Ard Mhacha. Ní chaithfidh tú a bheith i do shaineolaí le tuiscint nach bhfuil gach rud i gceart i nDoire faoi láthair.

Ar dtús báire, níl muid sa tseomra feistis agus níl a fhios againn cad atá ag tarlú ach bhí clú agus cáil ar Dhoire as an chosaint dhian a bhí i bhfeidhm orthu.

Bhí siad thar barr sa tsraith – ag buachaint an chomórtais tar éis ciceanna éirice ar Áth Cliath – ach idir sin agus seo tá gortuithe ag cur isteach orthu. Chaill siad Padraig McGrogan, Eoin McEvoy, Conor Doherty, Niall Loughlin agus Cormac Murphy le gortú, rud nár tharla faoi réim Rory Gallagher, agus mar is eol do gach painéal níl an doimhneacht ann chun dul i ngleic leis an mhéid sin gortuithe. Ní gá ach ceist a chur ar Phádraig Joyce as Gaillimh faoi.

Don chluiche in aghaidh Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine, bhí Conor Doherty ar ais ach nuair a bhuaigh Doire cluiche ceannais na sraithe i mbliana, bhí leithéidí Gareth McKinless, Phádraig McGrogan, agus Eoin McEvoy lárnach ann. Ní féidir rudaí a bhuachan gan na himreoirí is fearr a bheith ar an pháirc imeartha agus is as an líne leathchúil go háirithe a spreag go leor de na gluaiseachtaí ionsaithe agus scóranna dóibh.

Rud eile atá ag dó na geirbe dóibh ná an easpa smachta atá siad ag léiriú. Den dara seachtain as a chéile bronnadh cárta dearg ar imreoir Dhoire. In aghaidh na Gaillimhe, fuair Gareth McKinless cárta dearg as an stampa a rinne sé ar Damien Comer agus chaill sé cluiche na seachtaine seo caite de bharr fionraí, le Ciarán McFaul díbeartha thar an líne an uair seo.

Tháinig sé ar an pháirc mar ionadaí in áit Emmet Bradley agus phioc sé suas cárta buí agus ansin cárta dubh agus bhí a lá caite aige taobh istigh de shé nóiméad déag. Seans maith gur frustrachas a bhí i gceist leis seo ach tá iontas orm nach bhfuil siad in ann déileáil leis.

Seo foireann a bhfuil dhá Chraobh Uladh agus Roinn 1 sa tSraith buaite acu le dhá bhliain anuas. Tá an taithí acu.

Anuraidh, bhí deacrachtaí ag foirne déileáil leis an bhrú chun tosaigh a bhí Doire ag cur i bhfeidhm. Bhí sin ar cheann de na láidreachtaí is mó a bhí acu, ach i mbliana, tá foirne á úsáid sin ina n-aghaidh.

Nocht Dún na nGall an taictic sin go fuarchúiseach agus d’aimsigh siad ceithre chúl as.

Bíonn fuinneamh agus muinín fite fuaite ina chéile agus níl sé le feiceáil sa champa faoi láthair. Sílim go pearsanta gur botún a bhí ann na himreoirí ón Ghleann a thabhairt anuas go Trá Lí chun imirt in aghaidh Chiarraí sa tSraith Allianz tar éis gur bhuaigh siad Craobh Chlub na hÉireann i mí Eanáir.

D’imir Conor Glass, Ethan Doherty agus Ciarán McFaul sa chluiche sin. Is anois is gá go mbeidh an fuinneamh faoi lánseol, ach tá Doire faoi bhrú é a aimsiú agus na babhtaí ceathrú ceannais a shroichint.

Is mór an difear a dhéanann cúpla mí. Níor cheap aon duine ag féachaint orthu i mí an Mhárta ag buachaint na sraithe go mbeidís chomh fada síos ar an liosta chun Corn Sam Mhig Uidhir a bhaint i mí an Mheithimh. Luaigh an bainisteoir Mickey Harte “go bhfuil sé deacair a mhíniú cad atá ag tarlú agus nach bhfuil ciall ar bith leis ach amháin go bhfuil fadhb intinne ann, b’fhéidir tuirse agus iad ag iarraidh déileáil leis an ardghliondar a bhí orthu ag buachaint na sraithe”.

Is in aghaidh na hIarmhí a bheidh siad i gceann coicíse agus caithfidh siad buachaint má tá siad ag iarraidh fanacht sa chraobh i mbliana.

Beidh le feiceáil an mbeidh Doire in ann an mhuinín, an struchtúr agus an mhian a bhí le feiceáil ina gcuid imeartha i gcluiche ceannais na sraithe a fháil ar ais. Munar féidir, tiocfaidh deireadh le séasúr a thosaigh chomh dóchasach sé mhí ó shin.