Gráinne McElwain: Aiféala ar roinnt foirne ach deis ghlórmhar anois ag foirne eile

Sam Mulroy tar éis dó cúl an bhua a fháil do Lú Dé Domhnaigh

Ultan Harney ag ceiliúradh tar éis bhua Ros Comáin ar Thír Eoghain

thumbnail: Sam Mulroy tar éis dó cúl an bhua a fháil do Lú Dé Domhnaigh
thumbnail: Ultan Harney ag ceiliúradh tar éis bhua Ros Comáin ar Thír Eoghain
Gráinne McElwain

Is iad na rudaí beaga i gcónaí an difear idir buachaint agus cailliúint sa saol. Gan dabht, chonaic muid sin ag an deireadh seachtaine. Tháinig deireadh le séasúr Mhuineacháin, Chorcaí, Thír Eoghain agus Mhaigh Eo i gcomórtas Craoibhe na hÉireann CLG. Beidh aiféala ar na foirne sin.

Seans maith nach bhfeicfidh muid cuid de na himreoirí mór le rá as na contaetha sin ar ais ina ngeansaí contae arís. Níl ann ach seal ach tá píosa le dul ag na foirne sin chun a bheith i lár an aonaigh in 2025.

Bhí Gaillimh níos fearr ná Muineachán ach fós beidh díomá ar Barry McBennett nach ndeachaigh a iarracht isteach san eangach. Bhí Tír Eoghain uafásach sa chéad leath i gcoinne Ros Comáin agus iad 0-9 le 0-3 taobh thiar ag leatham. Bhí barraíocht le déanamh acu sa dara leath agus fair plé do Ros Comáin, d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar chontae Uí Néill in Ómaigh.

Bliain dhíomách eile d’fhoireann na Láimhe Deirge.

Go pearsanta is iad na cailliúintí a bhí ag Maigh Eo agus Corcaigh a bheas ag crá na n-imreoirí agus bainisteoirí ar feadh tréimhse fhada. Chruthaigh siad na deiseanna ach níor tógadh iad ag an am chinniúnach.

Ag an leibhéal seo, caithfidh tú na deiseanna sin a thapú ná íocfaidh tú go daor as.

Bhí cluiche eipiceach againn idir Maigh Eo agus Doire a thóg am breise agus ciceanna éirice chun na foirne a scarúint. Bhí deis ag Sam Callinan an cluiche a bhuachan do Mhaigh Eo ach chuaigh a sheans ar chúilín amú, le Chrissy McKaigue ag fáil an scóir chun an cluiche a chothromú agus am breise a chinntiú.

Bhí deis ag Maigh Eo agus Matty Ruane ar chúl sa dara leath fosta, le Colm Reape ag cur iarracht ar fóraoil chomh maith. Beidh aiféala mór orthu leis sin agus mar a dúirt Kevin McStay ina dhiaidh, caithfidh siad fáil níos fearr ag bainistiú cluichí.

Sin an tríú cluiche atá caillte acu le horlaí beaga. Bhí siad dhá chúilín chun tosaigh in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht, cúilín chun cinn ar Áth Cliath agus ní raibh ach 30 soicind le dul acu. Ba sna soicindí deireanacha a fuair Chrissy McKaigue a chúilín tábhachtach do Dhoire. Briseadh croí arís d’fhir an iarthair.

Do Chorcaigh, bhí turas fada abhaile ó Inis Caoin go Cois Laoi. D’fhág siad ar a laghad 2-5 ina ndiaidh sa dara leath agus is iad Lú a bheas i gcoinne Dhún na nGall an tseachtain seo chugainn.

Bhí radharcanna dochreidte ann ag deireadh an chluiche agus Lú ina gcéad chluiche ceathrú ceannais riamh. Bhí an chéad leath uafásach leis an dá fhoireann neirbhíseach agus ba iad na cosantóirí ar an ruathar ar an dá thaobh a rinne an dochar.

Ní raibh an cluiche is fearr ag captaen Lú, Sam Mulroy, ach nuair a bhí cinnireacht de dhíth, sheas sé suas chun an cic saor a chur thar an trasnán agus an lá a thabhairt dá chontae.

Rinneadh an tarraingt maidin Dé Luain agus beidh Áth Cliath le Gaillimh, Ard Mhacha le Ros Comáin, Ciarraí le Doire, agus Dún na nGall agus Lú in aghaidh a chéile.

Do na foirne a chríochnaigh ar bharr an ghrúpa, tá siad in áit an-mhaith, sos seachtaine acu agus deis acu déileáil le gortuithe.

Do Phádraic Joyce agus Gaillimh, beidh le feiceáil cén fhoireann a bheas acu chun cur chun páirce. A leithéid de ghortuithe atá ag cur as dóibh ó thús na bliana agus bhí ar Shane Walsh an pháirc a fhágáil i gcoinne Mhuineacháin. Dea-scéal ná gur tháinig Damien Comer isteach mar ionadaí agus d’fhan sé ar an pháirc. Níor imir siad chomh maith sin ach bheifeá ag súil go bhfeicfidís taispeántas thar barr uathu Dé Sathairn.

Tá Doire sa bhád chéanna mar gur imir siad cluiche thar a bheith fisiciúil agus fada san oíche Dé Sathairn. Beidh Ciarraí mar rogha na n-údar, áfach, mar aon le Dún na nGall ar Lú. Seans maith go bhfuil gliondar croí ar Ard Mhacha agus Ros Comáin leis an tarraingt, leis an dá fhoireann muiníneach gur féidir an lámh in uachtar a fháil ar a chéile.

Seo deis iontach dóibh áit a bhaint amach san babhtaí leathcheannais, rud nach bhfuil déanta ag Ard Mhacha ó 2005 agus caithfidh Ros Comáin dul níos faide siar go 1991.

Tá na foirne is fearr nó ar a laghad na foirne is fearr a thapaigh a gcuid deiseanna fágtha i gCraobh Peile na hÉireann. Duais ghlórmhar ar fáil dóibh uilig.