Gabh chun na Gaeltachta ar lorg na Gaeilge agus gheobhaidh tú í

An grúpa i dTír Chonaill

Ciarán Dunbar

Ar nós go leor Ultaigh eile, chaith mé cuid mhaith ama i nGaeltacht Thír Chonaill agus mé i mo dhéagóir agus i m’fhear óg.

D’fhreastail mé ar na Coláistí Gaeltachta i Loch an Iúir agus i Rann na Feirste, chaith mé samhradh ag obair i nGort an Choirce agus bhí an t-ádh dearg orm nuair a fuair mé an deis chun cúrsa a dhéanamh sa Bhéaloideas ar an Fhál Carrach le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ach, sa deireadh, thug an saol mé go Gaeltacht na Gaillimhe agus is ansin a théimse de ghnáth nuair a bhíonn deis agam dul siar.

Níor chaith mé mórán ama i nDún na nGall le 15 bliana anuas ar chor ar bith.

Bím cineál neirbhíseach agus mé sa Ghaeltacht. Is ‘Gaeilgeoir’ paiseanta mé, cuireann meath na Gaeilge isteach orm go mór – ní bhíonn briseadh croí uaimse agus mé ‘ar saoire’.

Thug cara liom as Mín an Chladaigh comhairle iontach liom tráth: “Gabh chun na Gaeltachta ar lorg na Gaeilge seachas an Bhéarla agus gheobhaidh tú í.”

Bím idir dhá chomhairle in amanna ar cheart dom a bheith ‘ag brú’ na Gaeilge ar mhuintir na Gaeltachta nó ar cheart dom díreach ligean dóibh an teanga a roghnú?

Anois, chuala mé scéalta faoi mheath na Gaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill le 10 mbliana anuas, agus chonaic mé na torthaí daonáirimh. Is olc an scéal é.

Mar sin de, theann mé mo cholainn agus mé ag dul isteach in Óstán Loch Altáin, d’ullmhaigh mé mé féin don ‘réaltacht’.

Ach ní raibh ábhar imní ar bith agam. Bhí Gaeilge ag an fhoireann agus bhí siad breá sásta í a labhairt liom.

Bhí go leor de na daoine sa bhialann agus ag an bheár ag caint Gaeilge chomh maith. Trasna liom go Teach Bhillie, arís, bhí Gaeilge á labhairt ag muintir na háite. “Mara duit” a dúradh liom sa tsiopa an lá dár gcionn i gcanúint na háite.

Isteach liom go Toraigh, bhí corrdhuine ann gan Ghaeilge go cinnte, Úcráinis á labhairt ar an tsráid fosta ach mar sin féin, bhí lámh in uachtar ag an Ghaeilge i gcónaí. Bhí gach duine sásta í a labhairt linne agus bhí Gaeilge álainn acu.

Chuaigh sé i bhfeidhm ar fhear a bhí in éineacht liom go mór nuair a chuala sé páistí an oileáin ag caint Gaeilge, eatarthu féin go fiú.

Bhí Gaeilge ag foireann Theach Jack ar na Glasaigh i nGaoth Dobhair agus bhí go leor Gaeilge á labhairt ag muintir na háite ann – muise sa bhialann bhí sí á labhairt ag an tromlach a bhí istigh ann. Fiú i nGleann Cholm Cille, bhí Gaeilge bhreá ag an fhreastalaí óg sa chaifé in aice le hOideas Gael.

Chuaigh an t-eispéireas seo i bhfeidhm orm go mór.

Mhothaigh mé ‘meon’ an-dearfach, mhothaigh mé go raibh daoine thar a bheith sásta í a labhairt agus thar a bheith ábalta í a labhairt. Tá a bhfuil fágtha sa Ghaeltacht níos láidre ná rud ar bith a d’éirigh leis an athbheochan a chruthú.

Mar sin féin, ba shuimiúil liom a fheiceáil go raibh foireann de chuid Laochra Loch Lao, an fhoireann lán-Ghaeilge as iarthar Bhéal Feirste, ag fanacht i dTeach Jack chomh maith – Gaeilge á labhairt go bródúil is go glórach acu.

Cogar, níl mé ag rá nach bhfuil fadhbanna ollmhóra ann, níl mé ag séanadh go bhfuil géarchéim eiseach ann don teanga mar theanga phobail.

Léiríonn staitisticí an daonáirimh scéal, agus is olc an scéal é, ach ní léiríonn siad an scéal ar fad.

De réir mo chluaise féin, ba láidre an Ghaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill ná mar a bhí agus mé i mo dhéagóir.