Féasta peile romhainn leis na réaltaí le feiceáil

Tá seans maith ag an Fhrainc Corn na hEorpa a bhaint le leithéidí Kylian Mbappé sa fhoireann

Gráinne McElwain

Chaill Sasana 1-0 in aghaidh na hÍoslainne sa chluiche dúshláin dheireanach a bhí acu sula dtabharfaidh siad aghaidh ar an Ghearmáin agus Craobh Sacair na hEorpa an tseachtain seo.

Ní hé sin an toradh a raibh siad ag súil leis agus ba rí-shoiléir ón bhúáil a tháinig ón tslua ag deireadh an chluiche cad é an dúil atá ag pobal Shasana i bhfoireann na tíre.

Dúirt an t-imreoir Harry Kane ar an ardán méan sóisialta X: “Ní hé sin an bealach a bhí muid ag iarraidh deireadh a chur leis an réiteach do na Euros ach tá go leor le foghlaim againn agus beidh muid níos láidre dá bharr.”

Lean captaen Shasana ar aghaidh ag impí ar na tacadóirí chun a bheith taobh thiar den fhoireann agus “go bhfeicfidh muid sibh sa Ghearmáin”. Chríochnaigh sé a tvuít le emoji de thrí leon. Sin bun agus barr an scéil do Shasana.

Ó bhuaigh siad Craobh an Domhain in 1966, tá barúil acu go mba chóir go mbeadh siad ina ríthe arís ar an domhan agus ar an Eoraip. Ach mar is eol dúinn uilig, ní hiad na rudaí a shíltear a bhítear agus níl aon chorn ardaithe acu idir sin agus seo.

Bhí siad an-ghar do Chraobh na hEorpa a bhuachan ceithre bliana ó shin ach chaill siad ar chiceanna éirice sa chluiche ceannais in aghaidh na hIodáile. Fiú chríochnaigh siad ar an taobh mhícheart den Fhrainc sa bhabhta ceathrú ceannais i gCraobh an Domhain 2-1 dhá bhliain ó shin.

Ach sílim go bhfuil deis acu an uair seo. Cuireann an bainisteoir Gareth Southgate béim mhór ar an chosaint ach tá tosaithe den scoth acu ar nós Kane, Phil Foden, Bukayo Saka agus Jude Bellingham.

Bhuaigh Bellingham La Liga le Real Madrid i mbliana, le Foden ag buachaint Phríomhroinn Shasana den cheathrú huair as a chéile le Manchester City. D’éirigh le Kane 44 cúl a aimsiú ina chéad séasúr le Bayern München sa Ghearmáin, le Saka ar dóigh do Arsenal a chríochnaigh sa dara háit, dhá phointe taobh thiar de Manchester City.

Chuir sé iontas ar go leor nach bhfuil Jack Grealish ó Manchester City ainmnithe ar an phainéal, agus is iad James Maddison ó Tottenham Hotspur agus Harry Maguire as Manchester United na himreoirí mór le rá eile a chaill amach. Ach is cosúil nach raibh a ndóthain déanta acu i mbliana lena gclubanna chun áit a fháil ar an eitleán.

Is i nGrúpa C a bheas Sasana leis an tSlóivéin, an tSeirbia agus an Danmhairg. Is iad Sasana rogha na n-údar barr an tábla a bhaint amach ach beidh le feiceáil cé chomh maith agus cumasach atá siad i gcoinne na Seirbia san oíche Dé Domhnaigh ag a hocht a chlog.

Mhothaigh Southgate nár léirigh siad a ndóthain carachtair i gcoinne na hÍoslainne agus beidh neart de sin de dhíth má tá siad chun bealach a thochailt amach ar ais chuig an chluiche ceannais arís.

Níl an Iodáil, a bhuaigh an comórtas ceithre bliana ó shin, i measc rogha na n-údar dó i mbliana mar go bhfuil foireann agus bainisteoir úr acu agus níl aon bhrú orthu dá bharr i nGrúpa B.

Tá an Fhrainc ar cheann de na foirne a bhfuil brú orthu agus iad i measc rogha na n-údar. Tosnóidh a n-aistear i nGrúpa D san oíche Dé Luain in aghaidh na hOstaire agus, le leithéidí Kylian Mbappé agus Antoine Griezmann ann, tá an deis acu. Bhuaigh siad an comórtas in 2000 ach den chéad uair le fada, ní bheidh Raphael Varane ná Hugo Lloris sna cúil acu.

Tagann Dayot Upamecano ó Bayern München agus Mike Maignan ó AC Milan isteach ina n-áit. Tá imní faoi Upamecano agus é ag fágáil na páirce in aghaidh Lucsamburg i gcluiche dúshláin le gortú le déanaí. Is mór an taithí atá acu, áfach, agus d’éirigh leo dul chomh fada leis an chluiche ceannais i gCraobh an Domhain, ag cailleadh ansin ar chiceanna éirice i gcoinne na hAirgintíne dhá bhliain ó shin.

Tá an bainisteoir céanna acu, Didier Deschamps, agus mar sin tá leanúnachas ann. Ba chóir go mbeadh siad i lár an aonaigh don duais mhór agus is iad an Pholainn agus an Ísiltír na foirne eile atá leo sa ghrúpa.

Glacfaidh Cristiano Ronaldo páirt i gCraobh na hEorpa den séú huair, rud nach bhfuil déanta ag aon imreoir cheana agus ag aois 39 bliain d’aois, seans maith gurb é seo an uair dheireanach a fheicfidh muid ann é.

Ar ndóigh, tá imreoirí maithe ag an Phortaingéil ar nós Joāo Neves ó Benfica atá 19 mbliana d’aois agus thar a bheith cumasach i lár na páirce. Faoi láthair tá Manchester United agus Arsenal ag iarraidh é a mhealladh chuig Sasana.

Tá leithéidí Bruno Fernades agus Bernardo Silva acu agus cé nach bhfuil an comórtas buaite acu ó 2016, tá siad ar an liosta chun é a bhaint i mbliana. I nGrúpa F atá siad, agus is iad Poblacht na Seice, an Tuirc agus Seoirse na foirne eile san iomaíocht ann. Feicfear an Phortaingéil ag cur chun páirce seachtain ó inniu in aghaidh Phoblacht na Seice ina gcéad chluiche.

Cuirfear tús leis an chomórtas in München san oíche Dé hAoine leis an fhoireann bhaile ag casadh le hAlbain i nGrúpa A. Caithfidh an Ghearmáin dul siar go 1996 don uair dheireanach a d’ardaigh siad an corn seo agus tá dóchas ann gur féidir leo a bheith níos fearr ná mar a bhí siad le tamall.

Coinnigh súil amach do leithéidí Florian Wirtz a bhuaigh comórtas Bundesliga le Bayer Leverkussen i mbliana agus tá ráflaí ann go mbeidh sé le Real Madrid an séasúr seo chugainn. Tá neart taithí ar an fhoireann ar nós Manuel Neuer sna cúil, Antonio Rudiger, Kai Havertz agus Toni Kroos a tháinig ar ais ar an fhoireann i mbliana tar éis gur éirigh sé as in 2021. Bhí sé spéisiúil do Real Madrid i mbliana agus beidh sé ag éirí as an chlub agus geansaí na Gearmáine ag deireadh an chomórtais seo ag aois 34 bliain.

Craolfar an comórtas uilig ar RTÉ agus BBC le trí chluiche ar siúl gach lá. Is mór an féasta peile é atá romhainn idir seo agus an 14 Iúil nuair a fheicfear an cluiche ceannais i mBeirlín. Bainigí sult as! Tá mé féin ag súil go mór leis!