Dáithí Ó Sé: Tá mo chroí briste faoi imeacht an Dá Johnnie ó 2FM

Dáithí Ó Sé leis an Dá Johnnie ag an deireadh seachtaine

Dáithí ag an gceolchoirm

thumbnail: Dáithí Ó Sé leis an Dá Johnnie ag an deireadh seachtaine
thumbnail: Dáithí ag an gceolchoirm
Dáithí Ó Sé

Tá an Dá Johnnie tar éis 2FM a fhágaint agus is mór an trua é sin – tiocfaidh mé ar ais chuige sin níos déanaí.

Dheineas gig leo an t-am seo an bhliain seo caite thíos i gCorcaigh agus le bheith fírinneach ní raibh a fhios agam cad a bhí i ndán dom.

Is minic go raibh an podchraoladh cloiste agam agus aithne curtha agam orthu beirt le tamall do bhlianta. Bhíos mar fhear an tí agus nach mór 20,000 istigh sa Ghort le Piontaí an oíche chéanna.

Is cuimhin liom an ócáid sin a fhágaint agus mé ag gáire liom fhéin go raibh ógánaigh na tíre seo go maith agus in áit mhaith. Uaireanta is drochscéalta a chloiseann tú fés na hógánaigh chéanna seo, go bhfuil siad ana-dhifriúil uainne agus gur mó do shuim atá acu i gceol agus cultúr tíortha eile, bhuel ní fíor é sin ós na daoine a bhí ann an oíche sin.

Nuair a tháinig an glaoch dul ar an maidhc d’ócáid eile mar seo ach an uair seo i mBleá Cliath, bhíos ann. Leis na leaideanna seo ní bheadh a fhios agat cé a bheadh ar an liosta acu.

Craig Dáithí nó Craig David an t-ainm mór a bhí ann ag an ndeireadh seachtaine leo agus dá gcuirfeá ceist orm roimh ré cad iad na hamhráin atá aige ní fhéadfainn ceann a rá leat, ach tar éis an tráthnóna a thabhairt ag éisteacht leis bhí cúpla ceann cloiste agam maith go leor.

Is mó d’amhráin Shéamuis Moore, a bhí ann chomh maith, a bhí agam, ní fheadar an rud maith nó olc é sin!

Bhí an banna Cúig nó Five in ardréim an tráthnóna céanna, aríst bhí amhrán nó dhó cloiste agam in imeacht na mblianta, ach le bheith fírinneach aríst leaideanna deasa atá iontu agus iad ar fad ar comhaois liom fhéin. Buachaillí a bhain cáil amach sna 90idí déanacha agus atá anois ar ‘spin’ amháin eile timpeall na háite.

Nuair a d’fhéachfá ar an liosta a chuaigh amach ar an stáitse tráthnóna Dé Sathairn seo caite, ar shlí ní dheineann sé ciall agus le Ciarraíoch mar fhear ar an oíche le leath agus leath Gaelainne agus Béarla. Bhuel siad an Dá Johnnie an t-aon bheirt a bheadh in ann é seo a dhéanamh agus an rud ar fad a tharrac le chéile.

Siad na daoine céanna a bhí ag canadh le Craig David agus a bhí ag rince le Séamus Moore. Ar cén pláinéad eile a thárlódh sé sin? Pláinéad na Johnnies.

Caith Pádraig agus Tara Howley mar aon le Mickey Joe Hart isteach chomh maith agus bhí sé chomh maith acu an fhleadh a thosnú luath i mbliana.

Tar éis é seo a fheiscint an bhliain seo caite agus in athuair ar an Satharn, tá mo chroí briste go bhfuil siad tar éis 2FM a fhágaint. An nasc atá acu lena lucht féachana agus éisteachta, tá sé mínádúrtha.

Níl a fhios agam an bhfuil an nasc céanna ag daoine eile. As na daoine ar fad atá tar éis imeacht ón stáisiún le tamall siad na Johnnies an chailliúint is mó.

Bhí’s ag cuid againn go raibh na culchies cúl, ach nuair a tháinig an Dá Johnnie amach chuaigh an ghluaiseacht ar fad ar lánluas.

Bhí orm a bheith go maith tar éis an tseó an uair seo agus dul abhaile luath mar go raibh mo thriall ar Phort Láirge ar an Luan, áit a bhead ag scríobh chugaibh an tseachtain seo chugainn.