Dáithí Ó Sé: Ní fhágann geansaithe gorma Chiarraí mé bán san aghaidh!

Dáithí lena gheansaí gorm Chiarraí

Ciarraí agus an Mhí Dé Domhnaigh

thumbnail: Dáithí lena gheansaí gorm Chiarraí
thumbnail: Ciarraí agus an Mhí Dé Domhnaigh
Dáithí Ó Sé

Ní rabhas i bPáirc Tailteann san Uaimh i gContae na Mí agus más cuimhin libh ag tús na bliana bhí sé i gceist agam dul go níos mó cluichí agus go páirceanna ná rabhas riamh ann cheana, bhuel tháinig mo dheis ar an nDomhnach – Ciarraí agus an Mhí sa chraobh.

Nuair a bhíos sa chairt ag taisteal ann dúirt an fear beag go mbeadh Ciarraí ró-láidir agus go mbíonn i gcónaí don Mhí, bhí spléachadh siar agam go dtí 2001 agus an tráthnóna úd i bPáirc an Chrócaigh – bhíos ann agus ní rabhas riamh chomh bán ag fágaint na háite sin.

Ag caint ar bhán, is breá liom geansaithe bána an CLG, is cuma club nó contae is breá liom iad. An bhliain áirithe sin thug Ciarraí geansaí bán as baile amach agus bhí sé go hálainn, tá sé fós agam.

N’fheadar sa diabhail cad é ach tar éis an lae sin in 2001 nuair a thug an Mhí léasa dúinn i gcluiche leathcheannais na hÉireann, cheapas go raibh mí-ádh éigin leis an ngeansaí agus ní mórán a chaitheas riamh é agus ní raibh aon fhonn orm é a thabhairt liom ar an nDomhnach.

Cé gurb é mo lá breithe a bhí ann chomh maith ar an lá, ní rabhas ag tógaint seans ar bith!

Is cara maith liom é Barry Geraghy an t-iar-mharcach agus bhuail an dá chlann le chéile roimh ré agus craic mhaith againn. Ní rabhamar ró-fhada sa chomhrá nuair a tharraing sé 2001 chugam, – ‘ba cheart duit an geansaí bán sin a thabhairt leat’ a dúirt sé, agus thosnaigh an bheirt againn ag gáire. Tá’s againn ar fad cad a tharla agus ní gá é a phlé anseo.

Pé rud mar gheall ar bhua an deiridh seachtaine, tá súil agam go mbeidh na laethanta amach romhaibh mar bhua agaibhse d’éinne a bheidh i seomra te scrúduithe inniu. Is tapaidh mar a thagann na scrúduithe seo timpeall gach bliain. Timpeall an ama seo gach bliain tagann 1994 agus 1995 isteach im cheann – dheineas na scrúduithe fé dhó agus níl aon náire orm é sin a rá.

Is cuimhin liom an brú a bhí orm agus timpeall orm chomh maith agus níl aon dabht ach is mé fhéin a chuir an brú orm fhéin. Is ait a bheith ag cuimhneamh siar air. Tá slite eile anois chun do chúrsa a fháil na laethanta seo agus is rud iontach é sin.

Muna bhfuil dearúd orm, muna n-éireodh linn leis an gcóras CAO, bheadh orainne fanacht go dtí go rabhamar 23 agus dul ar ais mar scoláire aibí agus an uair sin nuair a bhís 23 ní raibh aon dul siar, seachas do chúpla duine.

Is maith go bhfuil sin athraithe agus sé an trua ná beadh níos mó athruithe á dhéanamh agus an rud ar fad a chasadh bunoscionn.

Tuigim go mbíonn na píosaí seo á léamh sa rang ag mórán scoileanna agus má thánn tú á léamh seo agus na scrúduithe á ndéanamh agat, cuimhnigh leis an scrúdú Gaelainne go bhfuil i bhfad níos mó ar eolas agat ná mar a cheapann tú agus bíodh muinín agat asat féin, muinín na gCiarraíoch sna geansaithe gorma agus ní na geansaithe bána – fágfaidh muid iad san siar sa bhliain 2001.