Dáithí Ó Sé: Is breá linn toghcháin is cuma cé chomh fada is atá siad!

An comhaireamh i gCaisleán an Bharraigh

An t-am seo an tseachtain seo caite bhíomar fós ag fanacht ar thorthaí an toghcháin agus ana-chuid daoine ag rá go raibh sé ró-mhall agus go rabhamar taobh thiar de chuid eile dos na toghcháin a bhí ar siúl san Eoraip agus ar shlí bhí an ceart acu.

Is cuimhin linn ar fad nuair a bhí leigheas ar an scéal sin agus nuair a tháinig an vótáil leictreonach isteach in 2002 agus 2004. Is cuimhin liom ag rá liom féin ag an am gur rud iontach é seo agus go raibh ana-chuid céille leis. Ach bhíos óg go maith ag an am agus níor thuigeas i gceart toghcháin sa tír seo agus le bheith fírinneach nílim cinnte an bhfuil mórán athraithe ó shin!

Tá cuid mhaith rudaí sa tír a bhfuil muid go maith aige agus ceann acu sin is ea toghcháin. Is breá linn iad agus an chuid is fearr dó seo ar fad is ea an comhaireamh. Mar sin chaithfeá an cheist a chur – canathaobh go gcuirfeá isteach air sin agus an eachtra iontach seo inár saol a thógaint uainn?

Deinim amach gurb in ceann dos na cúiseanna nár oibrigh an vótáil leictreonach – seans go raibh trédhearcacht leis chomh maith.

Bhíodh craic iontach i dtábhairne an Chúinne agus an Bhóthair sa bhaile agus mé óg timpeall ar aon toghchán. Bhíodh an dá thaobh ag sá isteach ina chéile, ní raibh aon troid ann ach anonn agus anall agus pé rud a bhí ráite ag pé iarrthóir, bhí sé go hiomlán fíor gan dabht.

Ní raibh a leithéid de rud agus ‘fake news’ ag dul timpeall Chorca Dhuibhne. Bhí sé ar fheabhas a bheith ag féachaint air seo mar fhear óg. Bhí scoláireacht saoil ag baint leis.

Níl a fhios agam go bhfuil sé mar sin anois. An rud a chloisfeá anois ná ‘chonaic mé é seo ar Facebook’ – leabhar an phinsin an t-aon leabhar a chuireadar san suim ann.

Bhíodh lá an bhuiséid díreach chomh maith sa phub agus sinn óg agus an céanna á fháil ós na seana-bhuachaillí. Uair amháin bhí cáin ag dul ar gach rud seachas bainne ar chúis éigin agus sé dúirt seana-fhear istigh sa phub ná ‘tá na haon ní ag dul in airde ach praghas an bhainne agus plibín an tseanduine’ – phléasc gach éinne amach ag gáirí.

Níl aon dabht ach go rabhadar deisbhéalach. Dheas liom a bheith sa bhaile an tseachtain seo caite dá mbeidís fós ann chun a léargas a fháil.

Chaithfeá gáirí a dhéanamh leis an gcaint ar fad a bhíonn ann roimh ré agus na geallúntaisí ar fad a dheintear. Nuair a théann na hiarrthóirí isteach san ionad comhaireamh, bíonn siad i bhfad níos ciúine.

Cé go rabhas ag éisteacht le gach seó raidió agus clár teilifíse ag fanacht le torthaí, bhíos sórt bréan den gcraic ar fad tráthnóna Déardaoin agus sórt trua agam dóibh siúd a bhí fós ag fanacht.

Dóibh siúd a fuair suíochán bhí acu agus b’fhiú an fanacht, níor amhlaidh do chuid eile agus bóthar fada abhaile rompu.

Tá’s agam go bhfaigheann polaiteoirí ó thalamh é uaireanta agus níl aon dabht ann ach gur post tuffálta atá ann, caithfimid fair play a rá le gach éinne a sheas sna toghcháin, is cuma cén páirtí má bhí páirtí ar bith acu. Guíonn muid gach rath oraibh.