Dáithí Ó Sé: Cheapamar ná raibh an lá riamh chun teacht, ach tá Micheál imithe uainn

Dáithí le Micheál i bPáirc an Chrócaigh

Dáithí Ó Sé

Tá Micheál imithe uainn. Cheapamar ná raibh an lá riamh chun teacht agus go mairfeadh sé go deo – agus ar shlí déanfaidh. Tháinig sé isteach im cheann roinnt seachtainí ó shin agus dúirt liom fhéin nár chuala aon rud mar gheall air le tamall. Bhíodh sé go maith ar an dtéac i gcónaí.

Tá sé imithe anois le breis agus seachtain agus táim tar éis gach tráthnóna a thabhairt ar YouTube ag féachaint siar ar na hagallaimh ar fad a dhein sé agus chaithfeá á rá go raibh sé go hiontach i ngach ceann acu.

Scéalaí eisceachtúil a bhí ann agus seo go díreach atá i gceist le craoltóir agus tráchtaire den scoth. Scéalaí a bhí mar pháirt den scéal agus is rud speisialta é sin. Scéalaí a chuir craiceann agus feoil ar chnámha agus a bhí dílis agus cineálta i gcónaí. Focal coitianta is ea cineálta nuair a luaitear Mícheál.

Is cuimhin linn ar fad a bheith ag taisteal tráthnóna Dé Domhnaigh agus Mícheál fé lán tseoil. Is minic a chuas isteach sa charr ag dul ag taisteal agus cluiche an lae ag tosnú ann is go mbeadh Micheál mar chomhluadar agam. Ní bhraithfeá an turas in aon chor.

Is ar éigean go mbeadh cuimhneamh agat ar an mbóthar mar go mbíodh an tráchtaireacht go hiontach. É minic ráite ná mar a chéile an bhí an cluiche ar an raidió agus an Sunday Game an oíche chéanna.

Na blianta ó shin, ní rabhas i bhfad tosnaithe ar an dteilifís agus bhuaileas le Micheál agus bhí sé chomh sásta dom go raibh post fachta agam le TG4. An t-aon chomhairle a bhí aige dom ná sásamh a bhaint as an aistear ar fad agus sin go díreach cad a dheineas. Comhairle mhaith a bhí ann cinnte agus is léir gur bhain sé fhéin sásamh as gach nóiméad i ngach cluiche.

Is beag cláracha raidió atá curtha i láthair agam, ach dheineas dhá cheann, ceann do Lá ’le Pádraig agus clár eile don Nollaig cúpla bliain maith ó shin. Ní raibh na cláracha sin ach críochnaithe agus chuir Micheál glaoch orm. Aríst bhí sé chomh sásta an Ghaelainn a chloisint ar Raidió a 1.

Ag caint ar Ghaelainn, ní dóigh liom go bhfuil éinne tar éis teacht cóngarach do Mhicheál nuair a thagann sé go cur chun cinn na Gaelainne agus an tslí inar thug sé faoi. Thug sé gach éinne leis agus níor fhág sé éinne ar an dtaobh amuigh.

Cuireadh Micheál i mBaile an Mhuilinn taobh amuigh den nDaingean ar an Satharn agus mar is eol dúinn bhí Ciarraí ag imirt i bPáirc an Chrócaigh ar an nDomhnach. Bhíos ann agus bhí gach éinne ag caint ar Mhicheál agus píosa ana-dheas mar gheall air sa staid chomh maith. Is dóigh liom go mbraith gach éinne na mothúcháin a bhí timpeall na háite. Nuair a bhí na cluichí ar fad críochnaithe ní raibh fonn orm fágaint. Theastaigh cúpla nóiméad uaim, díreach le suí agus bhíos sásta go ndeineas.

Ag dul abhaile an tráthnóna sin sé an rud is mó a bhí im cheann ná go raibh an t-ádh linn a bheith timpeall agus Micheál mar thráchtaire agus bhí an t-ádh linn chomh maith go raibh sé ann chomh fada.

Níl aon dabht ach go mbraithfimid uainn é.