Dáithí Ó Sé: Amuigh faoin aer an áit is fearr do na páistí tar éis bliain fhada scoile

Tá sos de dhíth tar éis na scoilbhliana

Dáithí Ó Sé

Bhuel tá siad tagtha ar deireadh, tá na páistí ag súil leo le fada agus na tuismitheoirí – ní fios cad is fearr leo, na páistí ar scoil nó iad timpeall an tí fé na cosa ó mhaidin go tráthnóna. Sea tá saoire an tsamhraidh linn.

An fhadhb is mó atá ann na laethanta seo ná na tuismitheoirí ní na páistí agus tá’s agam go mbeidh cuid agaibh ag tabhairt amach fúm mar gheall air seo ach tá an ceart agam. Ar chúis éigin ceapann tuismitheoirí go gcaithfidh rud éigin nó imeacht éigin a bheith ag siúl gach lá dóibh le linn an tsamhraidh agus tá gach tig mar an gcéanna. Ach nílim ag glacadh leis i mbliana.

Tá liosta mór fada agam don bhfear beag agus beidh áthas air dul ar ais ar scoil i Meán Fómhair! Liosta é seo a bheidh á dhéanamh againn le chéile, ní bheidh aon ghá dul in aon áit ach suas agus síos an bóthar.

Chuala go mbíonn tuismitheoirí ag tabhairt airgead póca dos na leanaí as bheith ag obair timpeall an tí, ní bhacaim leis seo, ach ar an dtaobh eile ní thógaim aon chíos ón bhfear beag, níl sé ach beag!

Anois beidh saoire againn in áit éigin chomh maith, ach don gcuid is mó beimid ag crochadh timpeall.

Níl a fhios agam cad as ar tháinig seo ar fad. Cuimhnigh siar ar an tsaoire a bhí againne agus tá’s agam go bhfuil rudaí athraithe, ach níl na bunrudaí. Cloisfeá ana-chuid dos na páistí ag rá go bhfuil siad traochta tar éis na bliana agus níl aon dabht ach go mbíonn, mar sin scaoil leo briseadh a bheith acu (chomh maith le hobair timpeall an tí).

Ní gá a bheith ar an mbóthar gach lá, bíonn sé mar sin an chuid eile don mbliain. Briseadh sa tslí is go mbíonn orthu a bheith amuigh ag imirt peile nó pé rud é, a bheith ag crochadh timpeall an tí go dtí’n pointe go mbíonn siad dubh dóite nó tuirseach de bheith ag crochadh timpeall.

Sin an fhadhb is dóigh liom – ní theastaíonn ó thuismitheoirí go dtarlódh sé sin agus sin an rud go díreach atá ag teastáil ós na páistí seo. Toisc go mbíonn an oiread sin ar siúl acu i rith na bliana faigheann siad ‘tuirseach de’ chomh tapaidh na laethanta seo agus inniu an lá chun deireadh a chur leis sin.

Is minic an fear beag ag rá go bhfuil sé tuirseach de nó ‘bored’ agus an freagra atá á fháil aige le tamall ná gur maith an rud sin, teir amach ag pocáil timpeall nó ag lascáil na caide.

Imíonn sé leis agus deich nóiméad ina dhiaidh sin tá sé amuigh fén aer agus dearúd déanta ar go raibh sé ‘bored’. Sin an polasaí atá agamsa pé scéal é. Níl sé éasca ach is dóibh siúd is fearr é ag deireadh an lae.

Is dóigh liom chomh maith go dtagann sé ós na tuismitheoirí agus cuirim mé san áireamh anseo. Bíonn muid chomh gnóthach nuair a bhíonn saoire againn is dóigh liom go gcaithfidh muid gach aon rud a dhéanamh agus ar deireadh cad a bhíonn againn ach páistí agus tuismitheoirí traochta agus níl aon mhaith ansan d’éinne.

Jabanna beaga timpeall an tí agus lascáil caide, sé atá i ndán dúinn as seo go deireadh an tsamhraidh. Níl uainn anois ach an aimsir bhreá!