Comórtas Peile na Gaeltachta: Bua ag bean Seachtain

Tessa Fleming ar an pháirc imeartha leis an chorn bomaití tar éis an bhua Dé Luain

Seo í léiritheoir phodchraoladh Seachtain tar éis do Chlann na nGael an chraobh shóisir a bhaint ag Comórtas Peile na Gaeltachta.

Is í Tessa Fleming captaen fhoireann Ráth Chairn agus thug siad an corn abhaile go Contae na Mí den chéad uair riamh.

Dúirt sí: “Bhí roinnt cluichí thar a bheith deacair againn thar an deireadh seachtaine in éadan foirne iontach láidir, ach buíochas le Dia go raibh an t-ádh linn sa deireadh.

“Tháinig mise chuig an chlub seo ceithre bliana ó shin agus ní dóigh liom go bhfuil foireann níos cairdiúla ná níos tiomanta ná foireann chailíní Chlann na nGael.

“Ba speisialta é chomh maith an tacaíocht a fuair muid ó mhuintir Ráth Chairn agus Bhaile Átha Buí. Rinne an-chuid daoine an turas fada le tacú linn agus ba mhór an cuidiú a thug siad dúinn ar an pháirc.

“Tá muid ag súil go mór leis an bhliain seo chugainn nuair a bheas ár gclub féin ag reáchtáil an chomórtais, agus táim lánchinnte go bhfaighidh achan duine sa pharóiste jab le hullmhú don fhéile!”