Cé a bheidh ag canadh tar éis na gcluichí ceathrú ceannais in Euro 24?

Más mall is mithid: Scórálann Jude Bellingham in aghaidh na Slóvaice le Sasana a chur tríd go dtí an cluiche ceathrú ceannais in aghaidh na hEilvéise

Jamal Musiala

thumbnail: Más mall is mithid: Scórálann Jude Bellingham in aghaidh na Slóvaice le Sasana a chur tríd go dtí an cluiche ceathrú ceannais in aghaidh na hEilvéise
thumbnail: Jamal Musiala
Gráinne McElwain

Is ag dul i dtreo deireadh ceann de na comórtaisí is mó i sacar na hEorpa atá muid leis na babhtaí ceathrú ceannais le cinntiú i gCraobh na hEorpa an deireadh seachtaine seo.

Tá Sasana ann ach ar éigean. Thóg sé cúl iontach ó Jude Bellingham agus gnátham beagnach thart chun an cluiche a chothromú in aghaidh na Slóvaice.

Ansin, ba é Harry Kane an laoch a fuair an cúl buacach in am breise chun iad a chur fríd mar cheann de na ocht bhfoireann atá fágtha i mbliana.

Faoiseamh do Shasana agus beidh lá eile acu, an uair seo Dé Sathairn in aghaidh na hEilvéise.

Ach an maith le haon imreoir as Sasana imirt dá thír? Más maith, ní thuigim cad chuige mar ní fhaigheann siad ach drochíde ó na tacadóirí agus na meáin chumarsáide.

Sula bhfuair Bellingham an cúl tábhachtach, bhí búáil le cluinstin timpeall na páirce. Caithfidh go bhfuil sé sin thar a bheith deacair ar do mhuinín go háirithe mar nach mothaíonn tú go bhfuil an tacaíocht cheart ann.

D’admhaigh Bellingham an méid sin i bpreasócáid ina dhiaidh. Tá siad ag déanamh a ndíchill. Fiú Gareth Southgate an bainisteoir. Beidh sé i gceannas dona 100ú cluiche Dé Sathairn ach tá neart cáineadh faighte aige ar an dóigh a bhfuil sé ag socrú a fhoirne.

De réir na saineolaithe, tá an struchtúr ró-dhian agus an phasáil ró-mhall gan a ndóthain luais tugtha isteach ag na himreoirí ina gcuid imeartha.

Chríochnaigh an cluiche 0-0 leis an tSlóvéin sna grúpaí agus chaith tacadóirí Shasana cupáin fholmha beorach air agus é ag siúl síos an tollán ag deireadh an chluiche, rud atá iomlán mícheart.

Tuigim fosta go bhfuil imreoirí ag aimsiú go leor airgid mar gheall ar a gceird ach is daoine iad fosta agus ní dóigh liom go bhfuil tú in ann dul amach ag ligint nach bhfuil an brú ag cur isteach ort. Níl aon chorn buaite ag Sasana ó bhuaigh siad Corn an Domhain in 1966 ach ar chúis éigin, i ngach aon chomórtas, ceaptar go mbeidh an lá leo faoi dheireadh. Níl sé tar éis tarlú fós agus níl an chuma orthu go dtarlódh an uair seo ach an oiread. Neosfaidh an aimsir.

Níor imir siad go maith in aghaidh na Slóvaice. Ar feadh 95 nóiméad, níor chuir siad trioblóid ar bith ar chúl báire an fhreasúra. Tá cuma scriosta ar na himreoirí agus cinnte is féidir an locht a chur ar na sraitheanna peile ar imir siad iontu roimh Chraobh na hEorpa.

Ach tá cuma thuirseach ar Bellingham agus Phil Foden go háirithe. Dúirt Roy Keane “go bhfuil na taispeántais náireach ach tá siad fós ann”.

Ach is é an aidhm ná teacht amach slán. Cá bhfios ach b’fhéidir go dtabharfaidh an cúl a fuair Bellingham an spreagadh a bhí de dhíth chun an comórtas a lasadh suas an chéad oíche eile. Dá dtarlódh sin, bí réidh don chaint agus canadh ‘Football’s Coming Home’. Is iad an Spáinn a sheasann amach domsa go dtí seo agus cé gur thóg siad píosa orthu an tSeoirsia a chloí, bhí siad 4-1 níos fearr ná iad agus cháiligh siad don cheathrú ceannais san oíche Dé hAoine in aghaidh na Gearmáine mar bhuaiteoirí ghrúpa B.

Níor chaill siad cluiche ach tá an Gearmáin cosúil leo, ag buachaint ghrúpa A le dhá bhua agus comhscór amháin. Is iad Jamal Musiala agus Kai Havertz atá ag seasamh amach ó thaobh na scórála de don Ghearmáin, le cúig chúl aimsithe eatarthu as na 10 gcinn atá faighte acu laistigh de cheithre chluiche.

Is é Fabián Ruiz, le dhá chúl ó lár na páirce, an t-imreoir is mó a bhfuil cúl faighte aige don Spáinn. Ach tá neart cumhachta acu chun tosaigh le leithéidí Nico Williams, Morata, Rodri agus Ferran Torres acu. Domsa, seo cluiche an deiridh seachtaine agus beidh muid ag rá slán le ceann de na foirne mór le rá.

Beidh muintir na Gearmáine atá ag reáchtáil an chomórtais ag súil nach iad féin a bheas ag fágáil slán ag an chomórtas.

Feicfear an cluiche sin ar siúl Dé hAoine ag a 5in, le Sasana in aicsean Dé Sathairn ag an am chéanna. Feicfidh muid cé a bheas ag canadh tar éis an deiridh seachtaine.