Beidh Taylor Swift ag ceol as Gaeilge a bhuíochas le Róisín Seoighe agus IMLÉ

Taylor Swift i mBaile Átha Cliath

Róisín Seoighe agus IMLÉ

thumbnail: Taylor Swift i mBaile Átha Cliath
thumbnail: Róisín Seoighe agus IMLÉ
Gráinne Ní Ghilín

Cé go raibh cúpla focal Gaeilge le cloisteáil ó bhéal duine de dhamhsóirí Taylor Swift nuair a scairt sé “Póg mo thóin!” ón ardán le linn an amhráin oíche Dé hAoine i Staid Aviva, bí ag súil le Gaeilge iomlán ar amhráin Swift ó Róisín Seoighe agus an grúpa IMLÉ.

Beidh siad ag glacadh páirt in ‘Sreang Dhofheicthe: Tionscadal Taylor Swift’ ag Féile IMRAM in Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire i mí na Samhna.

Beidh leaganacha Gaeilge d’amhráin ó na halbaim Folklore agus Evermore á gcanadh mar chuid de thionscadal atá á chur le chéile ag Liam Carson ó IMRAM. Is tráthúil an togra é óir maolóidh sé na harraingeacha cumha atá ar Swiftíní anois go bhfuil deireadh tagtha le céim eipiciúil Bhaile Átha Cliath de chamchuairt Eras.

Ar na healaíontóirí eile atá páirteach sa tionscadal Sreang Dhofheicthe tá Margaret Lonergan, a chuirfidh íomhánna a bhaineann leis an cheol ar scáileán mór, agus Gabriel Rosenstock, atá ag cur liricí Gaeilge ar fáil do na hoirfidigh. Ní aistriúchán go díreach atá i gceist le hobair Gabriel ach ealaín ar a dtugann sé “traschruthú” a bhfuil saothar cruthaitheach nua Gaeilge mar thoradh air.

Beidh lúcháir, briseadh croí agus an meascán mearaí a bhaineann le grá na ndéagóirí faoi chaibidil sna hamhráin, mar aon le téamaí móra eile atá i gceol Taylor Swift, amhail an bhá a bhí aici lena máthair nuair a buaileadh tinn í; amhráin ghreannmhara faoi dhíoltas a bhaint amach ar lucht a cáinte, agus beathaisnéisí atá fite fuaite ina chéile i mbaile beag Meiriceánach.

Beidh Róisín Seoighe agus IMLÉ ag cur a gcló sainiúil ceoil féin ar na hamhráin.

“Táimid ag iarraidh cruth IMLÉ a chur air chomh maith le material [a dhéanamh] a bheidh dílis, is dócha, do na bunamhráin a chum Taylor a chéaduair freisin,” a mhínigh Róisín ar Raidió Fáilte.

D’admhaigh Róisín gur Swiftí í féin. “Nuair a bhí mé níos óige chuaigh mé go dtí an cheolchoirm a bhí aici le haghaidh an 1989 Tour agus ansin chuaigh mé go dtí an Reputation Tour chomh maith.”

Dúirt Róisín gur mhaith léi “dream nua óg a mhealladh i dtreo na Gaeilge agus a mhealladh i dtreo amhráin a chumadh atá ar stíl nua-aimseartha faoi mar a bhíonn as Béarla”.

Bhí IMLÉ i mbéal an phobail ar na mallaibh mar gheall ar an scéal mhór go bhfuil amhrán leo, Peacach, mar phríomhamhrán ar shraith dhrámaíochta ar Netflix, Bodkin, a rinne comhlacht léiriúcháin Barack agus Michelle Obama, Higher Ground.

Tá amhrán nua IMLÉ leis an rapálaí James Shannon, Sláinte, amuigh le sé seachtaine anuas fosta agus tá EP úr ar na bacáin a thiocfaidh amach i mí Dheireadh Fómhair.

Idir an dá linn beidh IMLÉ páirteach i Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste i mí Iúil agus i bhféile Dorn san Aer i nGaoth Dobhair i mí Mheán Fómhair.

Tá ticéid faoi choinne Sreang Dhofheicthe: Tionscadal Taylor Swift sa Pavilion i nDún Laoghaire i mí na Samhna ar díol anois.