Ardchaighdeán de radhairc, tránna, easanna agus gnóthaí in Ard an Rátha

Tugann láithreoir An Cósta Thiar Áine Ní Bhreisleáin cuairt ar cheantar i nDún na nGall
a mbíonn an-dúil ag turasóirí ann – Ard an Rátha

An cósta gar d’Ard an Rátha

Dolmain Chill Chluanadh

Eas an Fhrancáin

Drioglann Ard an Rátha

thumbnail: An cósta gar d’Ard an Rátha
thumbnail:  Dolmain Chill Chluanadh
thumbnail: Eas an Fhrancáin
thumbnail: Drioglann Ard an Rátha
Áine Ní Bhreisleáin c

Ón uair a théann tú trasna Dhroichead Ghaoth Beara go mbaineann tú Malaidh Ghleann Gheis amach, tá réimse leathan d’áiteacha áille le cuairt a thabhairt orthu.

Thig cuairt a thabhairt ar bhaile oidhreachta, eas cáiliúil, pluaiseanna mara agus gnónna breátha atá neadaithe idir muir agus sliabh, agus níl iontas ach go dtaitníonn an ceantar seo le lucht na dturas bus ó thar sáile mar gur féidir go leor a fheiceáil in am gairid.

Ag teacht ó na Rosa, trasnaíonn tú Droichead Ghaoth Beara agus tá láithreacha cois an bhealaigh ann le páirceáil agus sult a bhaint as na radharcanna breátha trasna ar Thrá Dhumhaigh agus ar na hoileáin bheaga sa bhá.

Bhéarfaidh muid ár gcéad sciuird go dtí’n fharraige agus tá brat gorm ag an trá i gceantar na Fearthanna agus Phort Nua. Tá an trá féin thart ar dhá chiliméadar ar fad, le háiteacha deas le dhul ag snámh agus bíonn comhlacht SurfSup ag feidhmiú anseo agus ar thránna eile.

Thig dhul amach leo ag tonnmharcaíocht ar na cláracha uisce agus i mbun spórt uisce eile. Tá gnónna deasa lonnaithe idir an Fhearthainn agus i bPort Nua, ina measc ionad caifé leis an ainm ar dóigh Pirates of the Coffee Bean agus Paddock Coffee shop.

Bíonn na sluaite anseo sa tsamhradh mar go bhfuil neart tithe saoire sa cheantar. Buail isteach chuig Tábhairne Annora ar an Phort Nua nó chuig an Tavern Bar do cheol bia agus greim le hithe. Thig bia agus deoch a fháil agus cluiche gailf a imirt ar chúrsa na Fearthainne/Phort Nua.

Tchífidh sibh oileán amach ó thrá na Fearthainne – Inis Caoil, a bhfuil fothracha ann go fóill. Thig siúl amach anseo ag lag trá, ach bígí cúramach – glacaigí comhairle ó mhuintir na háite agus ná gabhaigí sa tseans!

Beidh uair nó dhó agaibh ar Inis Caoil sula mbeidh oraibh fágáil mar gheall ar an lán mara. Ba ar an oileán seo a deirtear a bhunaigh Naomh Conall Caol a mhainistir sa tséú céad agus tá cuid den tseaneaglais le feiceáil go fóill, chomh maith le leacacha maisithe ón tseachtú céad.

Tá an ceantar seo breac le séadchomharthaí oidhreachta – ar ais ar an talamh tirim tá Dolmain Chill Chluanadh, ceann de na cinn is mó sa tír. Tá siúlóid bheag i gceist le dhul a fhad leis ach is fiú é, le séadchomhartha ón tríú nó an ceathrú céad a fheiceáil.

Tá láithreacha campála agus carabhán sa cheantar agus i Ros Beag fosta, chomh maith le tithe lóistín agus bricfeasta. Ar an bhealach isteach go hArd an Rátha, baile oidhreachta an cheantair, tá cúpla trá álainn eile ann – Trá Mór agus tránna ag Machaire an Ghainimh. Tá ionad galf dhá mhaide Sandfield ann le bheith ag cur thart tamall de lá fosta, le radharcanna breátha trasna ar bhá Luacharois.

Tá clú agus cáil ar cheantar Ard an Rátha as tionscal agus traidisiúin na fíodóireachta agus an bréidín agus is iomaí fíodóir iomráiteach a bhí sa taobh seo tíre.

Tá siopaí ar nós Campbell’s ar an bhaile a dhíolann ábhar olla agus bréidín chomh maith le bronntanais dheasa agus thig an fíodóir cáiliúil Eddie Doherty a fheiceáil ar an tseol go rialta in Ard an Rátha. Tá siopa Tríona Design ar imeall an bhaile le cótaí agus éadach nua-aimseartha agus siopa John Molloy in aice leis.

Tá ionad oidhreachta ar an bhaile le caifé agus go leor eolais ar stair an cheantair, trasna uaidh tá siopa ceardaíochta neamhspléach dírithe ar cheardaíocht na condae. Má tá ocras oraibh tá bialanna beaga ann mar an Westend Café agus An Corby Pantry, agus rogha bhreá ar an bhiachlár i dtábhairne Mickalene’s agus béim ar bhia mara i dTábhairne Nancy’s, gan ach cúpla ceann a ainmniú.

Baile ceolmhar atá in Ard an Rátha – mar a fheicfidh sibh ón dealbh den fhidléir John Simie Doherty – agus bíonn seisiúin san Beehive agus tá veain caifé ar imeall an bhaile, an Coffee Cart agus veain Cupparay in aice le carrchlós an bhaile. Tá cáil ar an veain ‘Whatcha Mc Collums’ a chuireann sceallóga agus burgair ar fáil i lár an bhaile.

Má tá lóistín uaibh i láthair ar leith, tá Teach Woodhill, atá cúpla céad bliain d’aois, suite ceathrú míle ó Ard an Rátha agus cáil ar an bhialann atá ann. Tá lóistín san Atlantic Lodge i lár Ard an Rátha agus ionad glampála agus carabhán an Owenea River Rest ar imeall an bhaile.

Tá clú agus cáil ar Dhrioglann Ard an Rátha ar imeall an bhaile as an uisce beatha Silkie a dhíolann siad agus jin áitiúil, Dúlamán. Thig cuairt a thabhairt ar an drioglann agus bíonn turais acu achan lá, le foghlaim faoi mar a dhéantar a gcuid táirgí le comhábhar a fhaigheann siad go háitiúil. Má thagann sibh chomh fada le hArd an Rátha, cuirigí cor bealaí beag oraibh féin agus gabhaigí síos go Pointe Luacharois, ceann tíre a ghobann amach san Atlantach, le radharcanna agus siúlóidí breátha cois farraige. Tá tithe féinfhreastail agus lóistín anseo más maith libh a bheith amuigh ar an tsuaimhneas.

Achar beag suas an bealach mór, ocht gciliméadar ó Ard an Rátha, tugaigí cuairt ar Eas an Fhrancáin, eas atá suite díreach in aice an bhealaigh, ar an tslí chéanna go Trá an Mhachaire. Bíonn seo speisialta i ndiaidh tréimhse trom fearthainne agus gheobhaidh sibh grianghrafanna go leor anseo don Instagram! Má bhíonn sé ag cur báistí níl ort ach fuinneog an chairr a ísliú don radharc ar an eas.

Níos faide síos i dtreo na farraige tá carrchlós ann, áit a bhfuil ort íoc ach tá leithris ar fáil anseo. Leanaigí an casán fríd na méilte go Trá an Mhachaire, áit a bhfuil pluaiseanna mara. Tá sruth dainséarach anseo mar sin níor cheart a bheith ag snámh ann, agus arís, coinnígí súil ar an lán mara agus leabhar na dtaoidí más mian libh dhul isteach sna pluaiseanna ag lag trá.

Mar chríoch álainn ar bhur seal sa cheantar tugaigí aghaidh ar na sléibhte maorga agus an bealach casta a shníonn fríd Ghleann Gheis. Má tá grianghrafanna uaibh d’áilleacht an cheantair, tá súil agam go bhfaighidh sibh aimsir bhreá ag taisteal fríd an mhám sléibhe seo.

Tá tithe ceann tuí sa ghleann agus feirmeacha beaga ar thaobh an bhealaigh. Casann an bealach seo go tobann agus tá sé breá crochta in amanna – ach ní chuirfidh sin as don tiománaí ag a bhfuil taithí ar bhealtaí tuaithe! Tá láthair phicnice i dtreo an bhairr le radharc dochreidte síos i lár an ghleanna i dtreo na Rosann. Bíonn veain caife anseo ó am go ham agus níl mórán áiteacha a bhainfeadh an barr de seo mar láthair scíste.

Má tá meascán deas de shráidbhaile bríomhar tuaithe, láithreacha turasóireachta agus áilleacht iargúlta uaibh – caithigí seal fán taobh seo tíre!