Anois is féidir liom a rá go bhfuil Inis Mór go hálainn... i ndáiríre!

Chuir cúrsaí oibre chuig Inis Mór í le déanaí – agus is oileán ar leith í, a scríobhann Colúnaí na Bliana Aedín Ní Thiarnaigh

Aedín ag Teach Nan Phaidí - agus an cáca milis agus an caife os a chomhair

Aedín Ó Tiarnaigh

Nuair a bhogann tú go hoileán, go háirid go hoileán atá chomh haoibhinn, speisialta le hInis Meáin, bíonn impleachtaí aige ar do shaol nach mbeifí ag súil leo. Ceann de na himpleachtaí seo ná go mbíonn gach mac máthar agus iníon athar ag iarraidh cuairt a thabhairt ort!

“Ach cén locht air sin a Aedín?” a deir tú? “Nach deas go bhfuil daoine ag iarraidh teacht agus thú a fheiceáil?”

Is deas go deimhin, má réitíonn tú go maith leis an gcuairteoir céanna agus má tá tú an-chompordach ina gcomhluadar. Ach murab amhlaidh an scéal, d’fhéadfadh crá croí ceart a bheith i ndán duit, agus gan éalú ann uaidh ach dhá bhád sa ló!

Bíonn brú níos mó i gceist nuair a thagann duine ar cuairt ort ar oileán. Toisc nach bhfuil mórán de sheirbhísí ná d’ábhar siamsaíochta in Inis Meáin, má thagann cuairteoir chomh fada leat anseo, beidh sé faoi do chúram don lá uilig – nó níos faide fiú, mura n-éiríonn leo an bád abhaile a bhaint amach in am!

Dá bhrí seo, níor mhór duit dianmhachnamh a dhéanamh sula dtugtar cuireadh do dhuine teacht ar cuairt, nó sula dtugtar freagra dóibh siúd a thugann cuireadh dóibh féin! An nós a bhíonn agam agus ag mo chairde ar an oileán chuige seo ná go ndéanann muid 24 uair an chloig a shamhlú i gcomhluadar an duine ar mhian leis an turas a dhéanamh.

Dá mbeimis breá sásta lena leithéid, chuirfimis fáilte agus fearadh roimh an gcuairteoir úd. Ach mura mbeimis 100% cinnte… ach gan muid ag iarraidh a bheith drochbhéasach… bíonn freagra amháin dár sábháil go minic:

“...b’fhéidir gurbh fhearr duit cuairt a thabhairt ar Inis Mór… tá Inis Mór go hálainn!”

Tá an líne úd ina jóc coitianta anois againn agus í ráite againn go minic (lena chéile mar ábhar magaidh níos minicí ná a mhalairt). Ach má bhíonn Inis Mór á mholadh go hard agus go minic againn – is annamh a thugann muid cuairt uirthi muid féin!

B’fhíor sin ar mo thaobh go dtí le déanaí, nuair a thóg cúrsaí oibre mé siar go hÁrainn faoi dhó in aon tseachtain amháin. An chéad uair a chuaigh mé siar, chuaigh mé ar an eitleán isteach go hIndreabhán agus amach go hÁrainn arís le hAer Árann agus dá mbeadh an t-airgead ag duine, níl dabht ach gurb é sin an bealach a mholfainn. Bíonn an turas san aer go hálainn ar fad i gcónaí, radharc aoibhinn agat ar na hoileáin agus bíonn an turas i bhfad níos giorra freisin (thart ar 10 nóiméad san aer ó Indreabhán go hInis Mór).

An dara huair a chuaigh mé siar, chuaigh mé isteach go Ros an Mhíl agus amach arís le Aran Ferries, rud a thóg achar níos faide orm (45 nóiméad ó Ros an Mhíl go hInis Mór) ach arbh fhiú fós é toisc go raibh mo rothar liom – rud a bhí ina chabhair mhór dom agus mórbhealaí agus cúlbhealaí Inis Mór á dtaisteal agam!

Tá a seoda féin ag gach oileán de chuid Oileáin Árann dar ndóigh, ach níl dabht ach gurb í Inis Mór an t-oileán is cáiliúla díobh ar fad. Ní fada a bheadh cos leagtha ag duine ar an oileán ach go dtuigfidís céard ba chúis leis an gcáil úd – tá draíocht ag baint leis an áit.

Ainneoin go mbíonn na mílte turasóirí ag bualadh isteach agus amach as Inis Mór chuile lá san ardséasúr, tá fiántas agus oidhreacht bheo na háite le brath fós. Is fíor sin go háirithe ag na suíomhanna staire amhail Dún Aonghusa, an dún ársa ar bharr na n-ailtreacha. Ní fhéadfadh duine seasamh ar imeall na haille agus gan a bheith corraithe – ag samhlú mar a bhíodh saol na ndaoine ann breis agus 3,000 bliain ó shin agus iad ag breathnú amach ar an bhfarraige ghorm chéanna.

Ní fhéadfá siúl ná rothaíocht tríd an tírdhreach creagach fairsing idir Cill Rónáin agus Cill Mhuirbhigh ach an oiread, gan liúnna aoibhnis a ligean amach ar fheiceáil na mbláthanna fiáine, na gclaíocha agus na n-éan duit.

Níl dabht ar bith, thairis sin, go bhféadfadh duine dul thar an gcaife cáiliúil Teach Nan Phaidí gan an teachín álainn ceann tuí a mholadh, ná gan bualadh isteach agus roinnt de na cácaí milse lámhdhéanta a bhlaiseadh (tá mé fós ag cuimhneamh ar an gcíste spúinse a d’ith mé ann, tá blas na sútha craobh agus an uachtair fós beo i mo chuimhne!).

Agus ní fhéadfadh duine dearmad a dhéanamh ar an aoibhneas a thagann ar an gcroí mar a théann an ghrian faoi agus í ag cur dath an róis ar na buailte agus ar na clocha um thráthnóna – na sluaite de thurasóirí lae imithe leo arís ar an mbád agus gan le clos i do thimpeall ach ceol binn na n-éan.

Ní fhéadfainn mar sin, ach an fód a sheasamh agus cloígh le mo mholadh: b’fhiú do gach duine an turas a dhéanamh dá mbeadh an deis acu ariamh – tá Inis Mór go hálainn, i ndáiríre!