An rud is tábhachtaí faoi leabhar a scríobh den chéad uair? Cuir tús leis

Tá Colúnaí na Bliana Aedín Ní Thiarnaigh i mbun pinn lena céad úrscéal a scríobh – agus tá comhairle mhaith ar fáil ó chuid de na húdair is mó le rá

Is fearr tús a chur leis an scríbhneoireacht ná iarracht a dhéanamh a bheith foirfe

Aedín Ní Thiarnaigh

Tá úrscéal á scríobh agam faoi láthair, agus tá mé ag súil go mbeidh sé sách dona.

Ní hé go bhfuil easpa muiníne agam sa scéal nó go bhfuil lagmhisneach orm, tuigeann tú. Is straitéis atá ann, agus straitéis a bhfuil ag éirí leis, go fóill!

Ba uaidh an scríbhneoir clúiteach Marian Keyes a tháinig an straitéis seo chugam. Dúirt sí le linn sraith ceardlann scríbhneoireachta, a chuir sí i láthair le linn na paindéime, gur geall le gluaisteán an próiseas scríbhneoireachta: “An bhfuil a fhios agaibh, nuair nár úsáideadh carr tamall, caithfidh tú í a thiomáint píosa fada leis an salachar ar fad a ghlanadh amach as an inneall – is ionann an scéal leis an scríbhneoireacht.

“Caithfidh tú an salachar agus an raiméis ar fad a scríobh i dtosach chun é a chur díot – agus ansin beidh tú san áit cheart le tosú.”

Ní féidir liom a chur in iúl daoibh an oiread misnigh agus a thug an chomhairle úd dom, agus níl dabht ach go bhfuil an-chiall leis. Dá airde na tnútháin, is mó brú a bhíonn ar an scríbhneoir – agus is mó drogall ar an duine dá bhrí sin peann a chur le pár.

B’iontach an gríosú é, mar chuir sé in iúl dom go mb’fhiú dom díriú ar an scríbhneoireacht chruthaitheach chomh luath agus ab fhéidir liom. Dá luaithe a dtosóinn ar an truflais a scríobh, ba thúisce a bhainfinn mo chuid spriocanna amach chun a bheith im úrscéalaí cumasach!

Thug sé saoirse dom tosú ar an scéal a bhí ar intinn agam a bhreacadh go garbh gan tnútháin ar bith a bheith ag baint leis, seachas an rud é féin a scríobh. Dá mbeinn ag súil leis an saothar a bheith go maith, is beag an baol go scríobhfainn focal!

Tá rún agam dréacht den úrscéal a chríochnú go luath in am lena chur isteach ag comórtas. Níl mé ag súil le duais ar bith a bhaint amach – a mhalairt de scéal. Tá tuairim agam gur scéal garbh, neamhfhorbartha, gan mórán maitheasa a bheidh ann – agus go ndéarfaidh na moltóirí amhlaidh!

Ach beidh dréacht scríofa agam. Beidh saothar, más garbh é, agam, agus beidh mé in ann an t-aiseolas a úsáid le mo cheird a fheabhsú. Beidh mé in ann eagar a chur air, beidh mé in ann na carachtair a fhorbairt, beidh mé in ann na clichéanna agus an t-athrá ar fad a bhaint amach agus b’fhéidir… tar éis neart ama agus oibre… b’fhéidir go dtiocfaidh lá nuair a bheidh saothar fiúntach agam!

Ach mura dtabharfaidh mé faoin truflais a scríobh anois, agus mura gcloífidh mé le spriocdháta éigin, ní thiocfaidh an lá sin go deo.

Thug an laoch scríbhneoireachta Maeve Binchy liosta amach uair amháin, agus i measc na moltaí don saol a bhí aici ann bhí: “Scríobhaigí go tapa, ní hionann níos mó ama a thógáil, agus an saothar a bheith níos fearr dá bharr.” Tagann sé seo leis an méid a deir Keyes ar bhealach. Más ag scríobh den chéad uair atá tú, ní fiú cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi gach aon fhocal, mar beidh scríobh agus athscríobh fós le déanamh níos déanaí.

Tá an meon céanna feicthe agam i measc roinnt scríbhneoirí cumasacha Gaeilge chomh maith; Anna Heussaff agus Seán Ó Muireagáin, mar shampla, a raibh an t-ádh orm ceardlanna scríbhneoireachta a dhéanamh faoina stiúir in imeacht na mblianta. Moltar an scéal a scríobh i dtosach, agus ansin a bheith buartha faoin obair í fhéin; an t-athscríobh, agus an t-athscríobh, agus an t-athscríobh…

Ní bhainfear an pointe sin amach gan neart ama a chaitheamh i mbun pinn áfach, agus chuir gach scríbhneoir a raibh deis agam foghlaim uathu go fóill an-bhéim ar chúrsaí bainistíochta ama. Tugann an scríbhneoir iomráiteach Elizabeth Gilbert (údar Eat Pray Love) cuntas ar chomhairle a fuair sí ó ealaíontóir a casadh uirthi i dtosach a gairme, nuair a bhí an bheirt acu ag freastal ar chóisir.

“Ba mhaith liom a bheith i mo scríbhneoir i ndáiríre… ach níl an t-am agam!” arsa Liz go cráite agus saothar cruthaitheach á phlé acu.

Chuir an t-ealaíontóir na súile tríthi, “An é sin mar atá? Abair liom, dála an scéil, céard é an clár teilifíse is ansa leat?”

“Seinfield”, arsa Liz, “ach cén bhaint atá aige sin leis an scéal?”

Chlaon an t-ealaíontóir a ceann go mall – “Nach méanar duit a chara, an t-am sin ar fad a bheith agat chun a bheith ag féachaint ar an teilifís?”

Leath béal Liz in alltacht, ach sula bhféadfadh sí í féin a chosaint, ghearr an t-ealaíontóir trasna uirthi, “agus chuala mé thú i mbun cainte ní ba luaithe – luaigh tú go bhfuil tú agus do chuid cairde ag cur airgead i dtaisce le cúpla seachtain a chaitheamh cois cósta sa samhradh. An fíor sin?”

“Is fíor…” arsa Liz go drogallach.

“Is fíor do do chuid cairde muise, ach is oth liom a rá leat go mbeidh tusa ag fanacht sa bhaile ag scríobh a leanbh – nó níl mé ag iarraidh thú a chloisteáil riamh arís ag rá go bhfuil fonn ort a bheith i do scríbhneoir!”

Dar le Gilbert, ba í an chomhairle shearbh úd a ghríosaigh i mbun pinn i gceart í. Má bhí sé géar mar chomhairle, rinne sé an beart. D’fhan sí sa bhaile an samhradh sin, agus thosaigh sí ag obair ar an gcéad leabhar dá cuid.

Maidir le mo chéad leabhar féin… tá an t-am curtha ar leataobh leis an gcéad dréacht a chríochnú, agus tá thart ar choicís agam le caoi a chur ar an truflais is fearr a bhfuil mé in ann a scríobh!

Má bheidh sé ina thús lag, beidh sé ina thús ar a laghad agus ba leor sin domsa… go ceann scaithimh!