An Clochán Liath... siopaí, tábhairní agus ceantar álainn

Tugann láithreoir An Cósta Thiar Áine Ní Bhreisleáin sciuird ar an Chlochán Liath, baile beag Gaeltachta a bhfuil
neart siopaí, bialann agus tábhairní ann

An Clochán Liath

Áine Ní Bhreisleáin

A chairde, tá an lá is faide den bhliain sleamhnaithe tharainn agus leoga, aimsir samhraidh ag sleamhnú uainn fosta, go dtí seo!

Inniu tá moltaí agam daoibh le cuairt a thabhairt ar an Chlochán Liath agus an ceantar máguaird in Uachtar na Rosann i gContae Dhún na nGall.

Beidh eolas ag go leor agaibh ar an Chlochán Liath ó fhéile samhraidh Mary from Dungloe, leagan eile de Rós Thrá Lí, a chuireann an ceoltóir Daniel O’Donnell i láthair gach bliain.

Tá baile breá gnóthach anseo ina bhfuil neart siopaí, ina measc an siopa éadaí The Cope ar an phríomhshráid, má tá éadach spóirt nó rud beag style úr uaibh! Má tá lóistín agus lárionad de dhíth oraibh ar an bhaile, tá Óstán an Waterfront suite os cionn bháighe an Clocháin Léith, áit mhaith do theaghlaigh agus rogha bhreá bidh ann.

Má tá sibh ádhúil go leor carabhán nó veain champála a bheith libh, tá Páirc Carabhán Greene’s ar imeall an bhaile, le háiseanna go leor ar an láthair acu agus tithe féinfhreastail ar fáil gar don bhaile. Níl ganntanas tábhairní ar an bhaile seo – ó bhun go barr na sráide, aimseoidh tú áit inteacht le comhrá deas a bheith agat thar phionta.

Tá leagan amach deas ar an tábhairne cloiche Patrick Johnn Sally’s, bíonn ceol agus jiveáil Tigh Owenie Bán go rialta agus tá cáil ar McCafferty’s as an bhia. Thig lóistín a fháil i dtábhairní an Midway agus an Bridge Inn, ach déanaigí cinnte áit a chur in áirithe aimsir na féile, ag deireadh Iúil go tús Lúnasa, mar bíonn an Clochán Liath dubh le daoine ag pilleadh na bhaile don spraoi.

Tugaigí cuairt ar Hooked ar an phríomhshráid más maith libh caifé deas, agus bíonn veain Teach Cha ag díol caifé agus milseog i gcarrchlós na céibhe gach deireadh seachtaine. Meallann bialann Gracie May’s ag barr an bhaile daoine i rith an lae agus tá go leor siopaí bia ghasta anseo má tá ocras oraibh mall san oíche!

Má tá sibh ag fanacht cúpla lá, tá ceithre ollmhargadh ar an bhaile a choinneoidh stoc libh.

Tá neart imeachtaí do theaghlaigh ar an Chlochán Liath, le cúpla clós súgartha ann, láthair súgartha agus eachtraíochta faoi dhíon do pháistí ‘An Club Beag’, atá áisiúil má bhíonn sé ag báistí!

Tá siúlóid na habhann thar a bheith fóirsteanach do theaghlaigh, nó daofa siúd i gcathaoir rothaí, le casáin bhreátha, tithe na sióg agus fathach mór le feiceáil sa choill. Tosaíonn an tsiúlóid seo in aice le páirc CLG an Chlocháin Léith.

Má tá dúil agaibh i slatiascaireacht ar aibhneacha nó locha, tá fuílleach áiteacha lena dhéanamh sna Rosa. Tá 130 loch agus abhainn thart ar an Chlochán Liath faoi chúram Chumann Slatiascairí na Rosann.

Is fiú go mór an turas de sheacht gciliméadar a dhéanamh ón Chlochán Liath i dtreo bhaile an Mhachaire, atá suite ar imeall na trá. Tá spás picnice ann, leithris agus láthair anseo do phubaill, agus bheadh sé doiligh radharc níos deise a fháil ag éirí ar maidin cois na farraige. Tá comhlacht lonnaithe anseo, Maghery Coastal Adventures, a chuireann réimse de spóirt uisce ar fáil – clárchéaslóireacht, cadhcáil, tonnmharcaíocht agus turais threoraithe ar an chósta. Thig sóláistí a fháil in Ionad an Mhachaire, agus tá radharcanna deasa romhaibh agus sibh ag ól dí i dTábhairne an Strand.

Má tá suim agaibh i ndreapadóireacht, tá an cósta seo iomráiteach, le go leor staca farraige ann. Cuirfidh an treoraí Iain Miller ó Unique Ascent ar an bhealach cheart sibh, le saineolas na mblianta ar bheith ag dreapadh ar chósta na condae.

Meallann na radharcanna den áirse farraige, na Brístí, atá thart ar chiliméadar ón Mhachaire, go leor grianghrafadóirí agus daoine a bhíonn ag amharc ar éanacha mara. Tá an bealach mór sa cheantar seo a fhad le Ceann na Cruaiche cúng go leor agus beidh oraibh siúl fríd chúpla páirc le radharc mar is ceart a fháil den áirse, atá 25 méadar ar airde.

Má tá dúil agaibh sa tonnmharcaíocht, déanaigí bhur mbealach 20 bomaite ón Chlochán Liath i dtreo Thrá Dumhaigh. Tá trí chiliméadar de ghainimh bán anseo. Thig sult a bhaint as sána ar an trá i ndiaidh a bheith ag snámh, agus tá fuílleach tithe deasa le fáil ar cíos sa cheantar seo.

Níl baile beag Leitir Mhic an Bhaird i bhfad uaibh, le cúpla siopa agus Tábhairne McCaffertys a bhfuil clú ar an bhia ann. Tiomáinigí síos a fhad le Droichead Ghaoth Beara ag luí gréine le grianghraf a fháil den inbhear álainn seo – an teorainn idir na Rosa agus Inis Caoil.

Más maith libh a bheith amuigh faoin aer, agus amuigh san oíche, taitneoidh an ceantar seo go mór libh!