An bhliain sin a tháinig na réaltaí go hInis Córthaidh

Ba bhliain ar leith í in Inis Córthaidh nuair a tháinig lucht
scannáin chuig an bhaile – agus bhí gach duine beo ag iarraidh 
páirt ann, a deir Colúnaí na Bliana Aedín Ní Thiarnaigh

Saoirse Ronan mar Eilis in Brooklyn

Saoirse Ronan in Inis Córthaidh siar in 2014

thumbnail: Saoirse Ronan mar Eilis in Brooklyn
thumbnail: Saoirse Ronan in Inis Córthaidh siar in 2014
Aedín Ní Thiarnaigh

An bhliain a ndearna mise an Ardteist, is cuimhin liom ruaille buaille a bheith sa rang Gaeilge lá agus muid ag druidim le haimsir na mbéaltrialacha.

“Tá an crú tagtha ar an tairne a chailíní,” arsa an múinteoir linn, “tá an scéal tagtha go mbeidh an scrúdaitheoir anseo idir Dé Céadaoin agus Dé hAoine seo chugainn!”

“Sorry miss,” arsa duine de mo chomhscoláirí, “ach ní féidir liomsa na laethanta sin a dhéanamh.”

“Gabh mo leithscéal?” arsa an múinteoir, agus tuin lena glór a chuir an chuid eile dínn dár ndíriú féin sna cathaoireacha.

“Mise ach an oiread miss,” chuir bean óg eile a ladar isteach sa scéal.

D’fhéach an múinteoir eatarthu agus a béal ar leathadh. “An ag magadh atá sibh? Seo í an Ardteist atá i gceist againn! Cad, in ainm Dé, a d’fhéadfadh a bheith níos práinní?”

“Táimid le bheith ag scannánú an lá sin Miss, níl aon neart againn air,” arsa duine den bheirt agus na guaillí á gcroitheadh aici.

Bhí criú scannánaíochta ‘Brooklyn’ tagtha go hInis Córthaidh an t-am sin, tuigeann sibh, agus ní raibh rud chomh fánach leis an Ardteist le seasamh sa bhealach ar Hollywood!

Scaipeadh an scéal thart ar mhí roimhe sin go raibh tóir ar na céadta aisteoirí breise don scannán a bheadh á thaifead adhin Inis Córthaidh, agus táimse ag rá libh nach raibh caint ar faic eile ar an mbaile ar feadh i bhfad.

Bhí bús aisteach san áit agus chuile mhac máthar agus iníon athar á gcur féin os comhair an chriú roghnaithe aisteoirí – iad ar fad ag súil le seal a chaitheamh faoin spotsolas!

Ní raibh mé féin i m’aisteoir breise sa scannán úd, mé róghafa le cúrsaí scrúdaithe le cuimhneamh air, ach níorbh ionann an meon ag roinnt comhscoláirí liom – thapaigh siadsan an deis le fonn. Agus ní hamháin mo chomhscoláirí, ach mo chomharsana, iarmhúinteoirí de mo chuid, tuismitheoirí mo chairde, baill den chór áitiúil, custaiméirí de chuid an tsiopa caife ina mbínn ag obair, úinéir an tsiopa caife chéanna… bhí leath an bhaile páirteach ann, ba chosúil!

B’iontach an tréimhse í in Inis Córthaidh dáiríre, agus b’iontach a bheith ann ag an am, fiú dúinne ar an imeall. Ní haon ionadh mar sin go raibh an-suim againn ar fad sa scannán nuair a tháinig sé amach in 2015 agus is beag ionadh anois nach mór deich mbliana níos déanaí, go bhfuil an-suim go deo in ‘Long Island’; an dara húrscéal sa tsraith chéanna, atá díreach foilsithe ag an údar Colm Tóibín.

Foilsíodh an t-úrscéal ‘Brooklyn’ i bhfad roimh an scannán dar ndóigh, siar in 2009, ach níor phrioc an bheach mé lena léamh go dtí go raibh caint ar scannán a dhéanamh de.

Is dóigh dá bhrí sin go raibh mé thart ar 18 mbliana d’aois ag an am. Níl sé athléite agam ó shin, ach is cuimhin liom go maith nár thaitin an scéal rómhór liom. Ní hé gur cheap mé nach leabhar maith a bhí ann (ní bheadh sé de dhánacht agam amhlaidh a rá faoi laoch scríbhneoireachta amhail Colm Tóibín!), an fhadhb a bhí agam leis an scéal ná nár thaitin an príomhcharachtar, Eilis Lacey, liom. Mheas mé í a bheith fuar agus neamhthrócaireach, agus chuir cuid de na cinntí a rinne sí olc orm.

Ba mhór an t-iontas dom, mar sin, an léiriú a thug Saoirse Ronan den charachtar céanna a fheiceáil; bean óg éirimiúil ag teacht in inmhe agus í céasta idir dhá thine Bealtaine. D’athraigh an léiriú úd mo thuairim ar Eilis ó bhonn. Ba mhór an trua a bhí agam di, agus ba iomaí deoir a shil mé ar a son le linn an scannáin!

Bhí mé réidh mar sin leis an dara seans a thabhairt d’Eilis agus filleadh ar a scéal sa leabhar nua. Bhí mé ag tnúth leis go fiú, agus bhí mo chluasa ar bior ag éisteacht leis an leagan closleabhair den scéal (á léamh go binn ag an aisteoir Éireannach Jessie Buckley). D’éirigh go maith linn ar feadh tamaill, mé ag baint taitnimh as aithne as an nua a chur ar sheancharachtair ar nós Tony Fiorello, Nancy Sheridan agus Jim Farrell, agus mé ag foghlaim faoi mar a chaith na blianta leo. Ach mo léan, níor thóg sé i bhfad ar chúrsaí dul in olcas!

(Mura bhfuil an leabhar léite agat go fóill, a léitheoir dhil, agus má tá tú ag súil le tabhairt faoi – mholfainn duit an colún seo a chaitheamh uait go beo, mura bhfuil tú ag iarraidh an plota a mhilleadh ort féin!)

Shlog mé an leabhar go sciobtha, rud a bhí éasca agus é scríofa chomh soléite snasta ag Tóibín – ach má shlog muise, chuir sé olc orm!

M’anam ach go raibh Eilis Lacey i mbun a seanchleasaíochta arís agus í chomh crua le cloch! Agus go bhfóire Dia orainn ach gur chaith sí féin agus Jim Farrell beirt go dona le Nancy Sheridan bhocht!

Táthar ann a déarfas gur comhartha dea-leabhair é treise na mothúchán a músclaítear ionainn le linn dúinn é a léamh.

Ós é gur fhág Long Island mé chomh cantalach le dris, is cosúil go bhfuil sé le moladh go mór. Ach más ea, b’fhearr liom droch-leabhar agus críoch shona!